Is éard atá i gceist leis an mbréagnuacht (nó bréagaisnéis, nuacht bhréige nó fiú ‘bobnuacht’,[1]Béarla: 'fake news') -- ná iarracht a dhéantar de bhun tola chun eolas míchruinn, nó bréageolas fiú, a scaipeadh. De ghnáth, baineann lucht na bréagnuachta úsáid as ceannlínte tarraingteacha agus scéalta nuachta bréagacha chun daoine a spreagadh chun na scéalta sin a roinnt ar líne.

Bunléaráid le Frederick Burr Opper sa bhliain 1894, SAM
Agóid, Los Angeles, Eanáir 2017

Stair cuir in eagar

"Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh, mar ní mise a chum ná a cheap é", a deireadh na scéalaithe in Éirinn fadó. Bhí ar an lucht éisteachta a n-intinn féin a dhéanamh suas maidir lena chruinneas.

Tá fhios againn go raibh an bhréagaisnéis go mór in úsáid ag na Naitsithe, a thug go dtí hardleibhéal díobhála agus oilc é.[2] Cúpla bliain níos déanaí, sna tíortha cumannacha, bhí na hintinní á líonadh le bolscaireacht.

 
alt FactCheck.org (2016) "How to Spot Fake News"

Sna 2010idi, tháinig coincheap na bréagnuachta chun cinn arís agus tús á chur le seal an Uachtaráin Donald Trump sa Teach Bán sa bhliain 2017. Tháinig an coincheap i mbéal tar éis do Kellyanne Conway, comhairleoir speisialta do Trump, trácht a dhéanamh ar "fhiricí malartacha" (Béarla: “alternative facts”) agus ise ag maíomh faoi slua ollmhór, mar dhea, ag insealbhú Trump ar an 20 Eanáir 2017.

Eolas cuir in eagar

D'oiriúnaigh Leabharlann COBÁC a dtreoir úsáideach, a mhíníonn cad is nuacht bhréige ann, na rudaí a d'fhéadfadh taobh thiar di agus roinnt bealaí chun í a aithint, chun í a cheangal leis na dúshláin ar leith a bhaineann le paindéim COVID-19 agus an mhífhaisnéis is an bhréagaisnéis a chuirtear amach maidir léi.[3]

Moltar (ar bemediasmart.ieFactCheck.org mar shampla) do dhaoine scéalta nuachta a mheá de réir na dtreoracha seo a leanas:[4]

  • STOPː Ná bí ag brath ar cheannlíne
  • SMAOINIGHː Breathnaigh ar stíl an scéil, agus cuardaigh an scéal céanna in áiteanna eile
  • DEIMHNIGHː Breathnaigh go cúramach ar na foinsí
 
"The Conspiracy Theory Handbook", George Mason University

In Éirinn cuir in eagar

In 2024, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, “Chomh fada is atá an daonlathas féin ann, tá na hiarrachtaí seo ar bun vótóirí a chur dá mbuille, a n-intinn a athrú agus mearbhall a chur orthu, ach is ag éirí níos casta agus níos sofaisticiúla atá na seifteanna a mbaintear leas astu. An mana ba cheart a bheith againn ná a bheith cúramach i gcónaí agus ní mór don uile dhuine sin obair an tseiceálaí fíricí a dhéanamh dúinn féin.”[5]

Mar sin ba chóir go mbeadh an t-amhras céanna ar dhaoine faoi chúrsaí nuachta gach lá is bhíonn orthu ar an 1 Aibreáin nuair a chuirtear scéalta bréige amach ar mhaithe leis an gcraic. Na ceisteanna a chur orainn féin:

  • Cé atá á insint seo dom?
  • Conas go bhfuil a fhios agam go bhfuil seo fíor?, agus
  • An bhfuil foinsí iontaofa eile ann?[5]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "bobnuacht", aistriúchán atá molta ag an iriseoir Pól Ó Muirí Tuairisc, 30 Eanáir 2017 agus "Bréagnuacht", molta ag tearma.ie
  2. Seán Ó Loingsigh (2019). "Bréagnuacht agus araile (Feasta - Smaointe Polaitíochta)". www.feasta.ie. Dáta rochtana: 2021-03-13.[nasc briste go buan]
  3. James Molloy. "LibGuides: Evaluating Information: Fake News and COVID-19" (en). libguides.ucd.ie. Dáta rochtana: 2021-03-13.
  4. Cathal Mac Coille (2018). "Más maith is mithid – acmhainn nua chun dul i ngleic leis an mbréagnuacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  5. 5.0 5.1 "‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-23). Dáta rochtana: 2024-02-24.