Is tír san Afraic í an Libéir. Is í Monrovia an phríomhchathair. Bhunaigh iar-sclábhaithe ó SAM an tír sa bhliain 1822.

Infotaula de geografia políticaAn Libéir
Republic of Liberia (en) Edit the value on Wikidata
Flag of Liberia (en) Coat of arms of Liberia (en)
Flag of Liberia (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Coat of arms of Liberia (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Aintiún All Hail, Liberia, Hail! (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Mana «The Love Of Liberty Brought Us Here»
«Любовта към свободата ни доведе тук» Edit the value on Wikidata
Suíomh
Liberia (orthographic projection).svg
 6°32′00″N 9°45′00″W / 6.53333°N 9.75°W / 6.53333; -9.75

Príomhchathair Monrovia Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 5,214,030 (2021) Edit the value on Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Béarla Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de An Afraic Thiar Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 111,369 km² Edit the value on Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce An tAigéan Atlantach Edit the value on Wikidata
Pointe is airde Mount Wuteve (en) Aistrigh (1,440 m) Edit the value on Wikidata
Pointe is ísle An tAigéan Atlantach (0 m) Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Colony of Liberia (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Cruthú Eanáir 7, 1822
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtach Legislature of Liberia (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
• Uachtarán na Libéire Edit the value on Wikidata George Weah (Eanáir 22, 2018) Edit the value on Wikidata
• Uachtarán na Libéire Edit the value on Wikidata George Weah Edit the value on Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadra Liberian dollar (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil .lr (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Glaochód +231 Edit the value on Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála 911 (en) Aistrigh agus 114 (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eile

Suíomh gréasáin visitliberia.net Edit the value on Wikidata

Tá an Libéir ag críochantacht le Siarra Leon siar ó thuaidh, leis an nGuine ó thuaidh, leis an gCósta Eabhair soir, agus leis an Aigéan Atlantach ó dheas agus thiar ó dheas. Tá timpeall ar chúig mhilliún duine ina gcónaí sa tír, agus is é an t-achar atá aige ná 111,369 gciliméadar cearnacha (43,000 míle chearnacha). Is é an Béarla an teanga oifigiúil, ach labhraítear breis is fiche teanga bhundúchasacha sa Libéir, chomh héagsúil is atá an tír ó thaobh na ndreamanna saindúchais agus na gcineálacha cultúr de. Is í Monrovia an phríomhchathair agus an chathair is mó sa Libéir.

Tháinig an Libéir ar an bhfód go luath sa naoú haois déag, agus ba é Cumann Coilíniúcháin Mheiriceá nó an tAmerican Colonization Society a chuir tús leis an gcoilíneacht. Chreid lucht an Chumainn go mb'fhearr seansanna na ndaoine datha o Mheiriceá saibhreas agus saol ar fónamh a bhaint amach san Afraic ná sna Stáit Aontaithe. Idir 1822 agus tús Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe sa bhliain 1861 bhog breis is 15,000 duine datha ó na Stáit Aontaithe - daoine a rugadh saor nó a saoradh ó bhráca - chomh maith le 3,198 duine datha ó thíortha na Cairibe go dtí an Libéir. D'fhorbair na gabhálaithe seo dúchas ar leith, an dúchas Meiriceánach-Libéarach, ach thug siad leo cultúr agus traidisiúin Mheiriceá. Múnlaíodh bunreacht agus bratach na Libéire ar bhunreacht agus bratach na Stát Aontaithe, agus fuair an phríomhchathair a hainm ó James Monroe, Uachtarán na Stát Aontaithe, a thál tacaíocht ar an American Colonization Society. D'fhógair an Libéir neamhspleáchas ar an 26 Iúil 1847, ach ní bhfuair sí aitheantas ó na Stáit Aontaithe ach ar an 5 Feabhra 1862. Ar an 3 Eanáir 1848 toghadh Joseph Jenkins Roberts ina chéad Uachtarán ar an Libéir i ndiaidh fhógairt an neamhspleáchais. Afrai-Mheiriceánach saibhir a rugadh saor i stát Virginia sna Stáit Aontaithe a bhí i Roberts.

Bhí an Libéir ar an gcéad Phoblacht san Afraic a d'fhógair neamhspleáchas, agus mar sin is í an Phoblacht nua-aimseartha is sine san ilchríoch sin ar fad. Bhí sí ar an mbeagán tíortha a bhí in ann a neamhspleáchas a chosaint nuair a bhí an Sciobadh ar an Afraic ar siúl ag na mórchumhachtaí Eorpacha. Le linn an Dara Cogadh Domhanda bhí an Libéir ag tacú leis na Stáit Aontaithe in aghaidh na Gearmáine, agus dá réir sin d'infheistigh fir ghnó Mheiriceánacha slám mór airgid in infreastruchtur na tíre, rud a chuir luas faoi fhorbairt eacnamaíochta na Libéire. Thug an tUachtarán William Tubman misniú d'athruithe eacnamaíocha agus polaitiúla a thabhaigh tuilleadh rathúnais agus clú idirnáisiúnta don tír. Bhí an Libéir ar cheann de na tíortha a bhunaigh Conradh na Náisiún, na Náisiúin Aontaithe, agus Eagraíocht Aontais na hAfraice.

Ní raibh caidreamh maith ag na cóilinitheoirí ó Mheiriceá leis na bundúchasaigh a casadh orthu, áfach - go háirithe na dreamanna a raibh cónaí orthu taobh istigh den tír, i bhfad ón gcósta. Ba ghnách leis na Kru agus na Grebo lonnaíochtaí na gcoilínitheoirí a ionsaí is a chreachadh, ach go háirithe. Bhí na Libéarach-Mheiriceánaigh ag tógáil stáisiúin mhisinéireachta agus scoileanna le hoideachas a thabhairt do na bundúchasaigh. San am chéanna is é an chuma a tháinig ar an tír ná gurbh iad na Libéaraigh ó Mheiriceá a choinnigh an chuid ba mhó den chumhacht pholaitiúil acu féin, agus ní raibh saoránacht ina dtír féin ag dul do na hAfracánaigh dhúchasacha san Libéir roimh an mbliain 1904.

Sa bhliain 1980 d'éirigh saighdiúirí bundúchasacha amach in aghaidh an Uachtaráin William R. Tolbert, agus maraíodh an tUachtarán sa choup seo. Chuir an réabhlóid seo deireadh le rialtas na Libéarach-Mheiriceánach, ach san am chéanna chuir sí tús le héagobhsaíocht pholaitiúil a mhair fiche bliain. Ar dtús bhí Comhairle Shaortha na Cosmhuintire ag rialú na tíre le lámh láidir mhíleata ar feadh cúig bliana. Ina dhiaidh sin tháinig cúig bliana eile faoi fhorlámhas Pháirtí Náisiúnta Daonlathach na Libéire, agus ansin bhí cogadh cathartha amháin agus cogadh cathartha eile sa tír. Fuair 250,000 duine bás sna cogaí seo, nó ocht faoin gcéad de mhuintir na Libéire ar fad, agus díláithríodh a lán Libéarach ó bhólaí a ndúchais. Chuaigh an eacnamaíocht i laghad go dtí nach raibh ach deich faoin gcéad fágtha di. Sa bhliain 2003 síníodh comhaontú síochána, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí toghchán daonlathach sa tír. Ba í Ellen Johnson Sirleaf a toghadh ina hUachtarán, agus í ar an gcéad Uachtarán mná san Afraic go léir. D'fhág na cogaí an t-infreastruchtúr náisiúnta agus na bunseirbhísí sóisialta ina smidiríní, agus is léir nár chuidigh ráig an Ebolavirus sna blianta 2013-2016 le hatógáil na tíre ach an oiread. Dá réir sin, bhí caighdeán maireachtála 83% de mhuintir na Libéire faoi líne oifigiúil idirnáisiúnta an bhochtanais sa bhliain 2015.



Bá Monrovia


TagairtíCuir in Eagar