Is í Béiriút (Araibis: بيروت, traslitriú: Bayrūt) príomhchathair agus príomhphort na Liobáine, agus is í an chathair is mó sa tír. Tá cónaí ar 1.2 milliún daoine sa chathair agus 2.1 milliún sa chúlchríoch.

Infotaula de geografia políticaBéiriút
Flag of beirut.gif BlasonBeyrouth4.jpg
Beirutcity.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
Map of Lebanon.png Edit the value on Wikidata
 33°53′13″N 35°30′47″E / 33.8869°N 35.5131°E / 33.8869; 35.5131
Stát ceannasachAn Liobáin
Governorate of LebanonBeirut Governorate (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán 361,366 (2012) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 20,000,000 m² Edit the value on Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce An Mheánmhuir Edit the value on Wikidata
Airde 0 m Edit the value on Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra barrthábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód 01 Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin beirut.gov.lb Edit the value on Wikidata

Bhí Béiriút ar na hionaid chultúrtha agus tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear ó lár na 19ú haois i leith. Sa bhliain 1866 chuir misinéirí Meiriceánacha an Coláiste Protastúnach Siriach ar bun sa chathair agus é ar na chéad institiúidí ardléinn ar mhúnla Iartharach sa réigiún; mar fhreagair air sin d'oscail na hÍosánaigh Ollscoil San Iósaf sa bhliain 1875. Ó na 1920idí i leith tháinig preas beoga as Araibis agus Fraincis araon chun cinn sa chathair. Ionad tábhachtach don fhoilsitheoireacht as Araibis ab í Béiriút freisin, go háirithe i ndiaidh na 1950idí nuair a tháinig deachtóireachtaí chun cumhachta i dtíortha eile sa réigiún. Bhí tionscnamh baincéireachta an Mheánoirthir lonnaithe don chuid is mó i mBéiriút go dtí na 1970idí.

Ní hamháin muintir na Liobáine ó dhúchas a chuir le daonra na cathrach ach dhá ghluaiseacht mhór teifeach fosta: na hAirméanaigh a theith ó shléachtanna na nOtamánach sa bhliain 1915 agus a chuir faoi i dtuaisceart na cathrach, ag Burj Hammoud, agus na Palaistínigh a díbríodh óna n-áiteanna dúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948 agus a chuir faoi i roinnt campaí ar a n-áiríodh Burj al-Barajneh, Karantina, Tell az-Zaatar, Sabra agus Chatila.

D'imir Cogadh Cathartha na Liobáine scrios ar chuid mhaith de Bhéiriút. Sa chogadh sin throid mílístí Críostaí i gcoinne mílístí Moslamacha agus fórsaí armtha Palaistíneacha; ghlac an tSiria agus Iosrael páirt sa chogadh fosta. D'éirigh leis na fórsaí Críostaí smacht a chur ar oirthear na cathrach, agus bhí na Palaistínigh agus fórsaí an Ghluaiseachta Náisiúnaigh Liobánaigh i gceannas ar an taobh ó thiar. Scriosadh an chuid ba mhó de shean-lár na cathrach, a bhí suite ar an bhfronta idir an dá leath. Mhair an cogadh ó 1975 go 1990. Tosaíodh ar atógáil na cathrach ina dhiaidh, le hairgead an bhilliúnaí Rafik Hariri, a bhí ina phríomhaire freisin. Sa phróiseas sin, leagadh a raibh fágtha de sheanfhoirgintí chroílár Bhéiriút agus bhí conspóid ann maidir leis an bhealach a cúitíodh na hiar-áitritheoirí.

D'fhulaing an chathair ruathair bhuamála Iosraelacha i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2006 agus iad siúd ag iarraidh an ruaig a chur ar fhórsaí Hisbollah i ndeisceart na Liobáine. Rinneadh ionsaí ar aerfort Rafik Hariri ar an 13ú Iúil agus dúnadh é go deireadh na comhraice.

Déimeagrafaic:Cuir in Eagar

De réir nach raibh daonáireamh san Liobáin ón bhliain 1932[1], níl aon fhigiúirí iontaofa le fáil maidir le méid a lucht cónaithe.

Go stairiúil b'iad na Moslamaigh Shunnacha, na Críostaithe Ceartchreidmheacha Gréigeacha agus na Críostaithe Caitliceacha Gréigeacha, na seicteanna reiligiúnacha ba mhó i mbailte móra an chósta Liobánaigh. Sa dara leath den 19ú haois tháinig borradh ar líon na gCríostaithe Marúnacha agus na nDrúsach a d'aistrigh go dtí an chathair óna n-áiteanna dúchais i Sliabh Liobáine. Ó 1915 tá pobail thábhachtacha de Chríostaithe Ceartchreidmheacha Airméanacha agus de Chríostaithe Caitliceacha Airméanacha ina gcónaí sa chathair fosta. Tar éis an dara cogadh domhanda amháin a thosaigh inimirce suntasach ó na réigiúin bhochta imeallacha ina raibh cónaí ar Shíigh na Liobáine, ceantar Jabal Amil i ndeisceart na tíre go háirithe. Tháinig luas faoin inimirce sin le linn an chogaidh chathartha nuair a bhí cúinsí fíor-olc sa deisceart agus na hIosraelaigh, na Palaistínigh agus dreamanna eile i mbun cogaíochta ann. Anois tá siad ar na seicteanna is líonmhaire sa chathair agus an chuid is mó acu ina gcónaí i ndeisceart na cathrach, i gceantair bhochta ar a dtugtar Al-Dahiya ("an bruachbhaile"). Bhí roinnt Giúdach ina gcónaí i gceantar beag darbh ainm "Wadi Abu Jamil", i ngaire don lár na cathrach, ach d'imigh siad ón áit sin le linn an chogaidh chathartha. Athosclaíodh sionagóg an cheantair sa bhliain 2010, mar sin féin, nuair a deisíodh ar deireadh thiar an díobháil a rinne buamaí Iosraelacha dó le linn an chogaidh chathartha. Bíonn an teannas seictiúil ina fhadhb sa chathair ó am an chogaidh chathartha i leith.

Tagairtí:Cuir in Eagar

  1. http://www.moe.gov.lb/NR/rdonlyres/2B3E4CAE-BD18-4106-A6B3-F42DDD72AAC9/0/Chap1Population.pdf