Ba loingseoir agus taiscéalaí Iodálach é Críostóir Colambas (nó Cristoforo Colombo as Iodáilis) i seirbhís na Spáinne (Genova [?] 25 Lúnasa31 Deireadh Fómhair 1451 - Valladolid, An Spáinn, 20 Bealtaine 1506).

Críostóir Colambas
Portrait of a Man, Said to be Christopher Columbus.jpg
Gobharnóir na nIndiacha

1492 - Lúnasa 23, 1500 - Francisco de Bobadilla
Leasrí na hIndiacha

Aibreán 17, 1492 - Bealtaine 20, 1506
Saol
Ainm iomlán Christophorus Columbus
Eolas breithe Genova, 1451
Náisiúntacht unknown value
Bás Valladolid, Bealtaine 20, 1506
Áit adhlactha Ardeaglais Sevilla
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (cliseadh croí)
Muintir
Athair Domenico Colombo
Máthair Laura Colombo
Céile/Céilí Filipa Moniz Perestrelo  (1479 -
Páirtí/Páirtithe Beatriz Enríquez de Arana
Páistí
Siblíní
Treibh Columbus family (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Spáinnis
Gairm
Gairm taiscéalaí, Mairnéalach, Franciscan tertiary (en) Aistrigh agus mairnéalach
Daoine le tionchar air/uirthi Pierre d'Ailly (en) Aistrigh, Paolo dal Pozzo Toscanelli (en) Aistrigh, Tolamaes, Marco Polo agus John Mandeville (en) Aistrigh
Ballraíocht Columbus Conquistador Force (en) Aistrigh
Céim Aimiréal
almirante de la mar Océana (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Columbus Signature.svg
Sa bhliain 1492, 1493, 1498, agus 1502, tháinig Columbus go Meiriceá.

Tá clú bainte amach ag Colambas mar gheall ar a chéad thuras trasna an Aigéin Atlantaigh sna longa la Niña, la Pinta agus la Santa Maria i 1492, ar thóir bealach nua go dtí an t-Oirthear.

Christopher Columbus voyages.gif

CúlraCuir in Eagar

Roimh am Cholambais, bhíodh trádáil ar siúl thar tír idir an Eoraip agus an Áise.[1] Go leor de na hearraí a tháinig ón Áise, is trí Chathair Chonstaintín a tháinig siad. Cathair Chríostaí ba ea í go dtí na 1400idí. Ach ansin ghabh na Moslamaigh Cathair Chonstaintín. Ní raibh sé sábháilte níos mó ag Críostaithe, mar sin, a bheith ag taisteal an bealach sin.

Roimh i bhfad bhí impireacht mhór ag an Phortaingéil san Afraic, san India agus in Oirdheisceart na hÁise. Ba ghairid go raibh an Spáinn in iomaíocht leo.[2]

Thug ceannairí na Spáinne tacaíocht airgid do thaiscéalaithe a rachadh ag cuardach tíortha nua agus saibhris mhóra. Ba é Críostóir Colambas an taiscéalaí ba cháiliúla ar thug an Spáinn cuidiú dó. Dá réir sin, theastaigh ó Cholambas bealach farraige a aimsiú go dtí an Áise, chun go bhféadfaí earraí a thabhairt go héasca ón Áise chuig an Eoraip arís. Chreid sé dá seolfadh sé siar ón Eoraip go rachadh sé timpeall an domhain chomh fada leis an Áise.

Deirtear gurbh é Colambas an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Naomh Breandán nó na Lochlannaigh ann roimhe. Níorbh é Colambas an chéad duine le críocha Mheiriceá a aimsiú, cinnte. Bhí Meiriceánaigh Dhúchasacha ina gcónaí ann i bhfad sular bhain seisean an áit amach.

SaolCuir in Eagar

Rugadh Colambas sa bhliain 1451 i Genoa san Iodáil. Nílimid cinnte faoina áit bhreithe nó an dáta. Ach d’fhás Colambas aníos cois na farraige. Chuir sé suim mhór sna longa a d’fheiceadh sé amuigh ar an bhfarraige. Nuair a bhí sé ina fhear óg, fuair sé an deis taisteal go tíortha éagsúla san Eoraip ar longa trádála. Tháinig Colambas go Gaillimh, fiú amháin, sa bhliain 1477.[1]

TaiscéalaíochtCuir in Eagar

Bhí bealach ag na Portaingéalaigh go dtí na hOileáin Spíosra. Bhí na Spáinnigh anois ag iarraidh bealach nua a fháil chun na nOileán. Shíl Christopher Columbus go mbeadh sé ábalta dul siar thar an Aigéan Atlantach go dtí na hIndí Thiar.

Ar dtús chuaigh Colambas go dtí Rí na Portaingéile ach ní bhfuair sé tacaíocht uaidh. Ansin chuaigh sé go dtí Rí Ferdinand agus Banríon Isabella na Spáinne. Thug siad airgead agus longa dó.

 
Chun leas a bhaint as na gnáthghaotha Atlantacha d’athraigh Colambas seolta an Nina i gceantar na nOileán Canárach ó sheolta Laidineacha (triantánacha) go rige cearnógach (thuas)[2]

1492Cuir in Eagar

 
Tháinig Colambas i dtír ar 12 Meán Fómhair 1492 sna Bahámaí (Prang Educational Co., 1893)

Sa bhliain 1492, thug rí agus banríon na Spáinne airgead do Cholambas chun an turas siar a dhéanamh. Fuair sé 3 long le haghaidh an turais – an Niña, an Pinta agus an Santa María.

D’fhág Colambas Palos i 1492 le trí bhád, an Santa Maria, an Nina agus an Pinta. Chreid cuid de na mairnéalaigh go raibh an domhan cothrom agus bhí eagla orthu go dtitfeadh siad thar a bhruachǃ[2] Ach tar éis dhá mhí, tháinig siad i dtír ar 12 Meán Fómhair ar oileán Guanahaní sna Bahámaí (thug Colambas 'San Salvador' ar an oileán).

Shíl Colambas go raibh sé san India agus ghlaoigh sé Indiaigh ar na daoine ann. Níor thuig Colambas go raibh ilchríoch idir an Eoraip agus an Áise. Ní raibh a fhios aige go raibh Meiriceá aimsithe aige agus lean sé ar aghaidh ag lorg tíortha san Áise. Ní raibh a fhios ag aon Eorpach faoi Mheiriceá ag an am.

Cúpla lá níos déanaí, tháinig Colambas i dtír ar oileán Easpáinneoil (atá arna roinnt anois idir Háítí agus an Phoblacht Dhoiminiceach) agus Cúba.

 
Cuntas ar thuras Chriostóir Colambas - Cartlainn (Capitulations of Santa Fe (Granada) )

Ach ní bhfuair sé ór ná spíosraí. Agus ag an Nollaig, cailleadh an Santa Maria. D’fhill Colambas agus a mhairnéalaigh abhaile ar an Nina agus an Pinta.

Cuntas ar thuras Chriostóir Colambas sa bhliain 1492Cuir in Eagar

"Bhíomar ag seoladh siar ó dheas agus ní raibh aon deireadh leis an bhfarraige. Bhí roinnt comharthaí ann áfach a thaispeáin go rabhamar in aice leis an gcósta. Chonaic roinnt den gcriú éin fharraige san aer agus planda cósta san uisce. Chonaic an criú a bhí ar an Pinta bata agus polla beag san uisce. Nuair a thóg siad amach ón uisce é bhí an chuma ar an bpolla go raibh obair láimhe déanta air. Chonaic criú an Niña comharthaí talún freisin –géag crainn le caora air. Tháinig faoiseamh ar gach duine agus níorbh fhada é anois go dtí go raibh an ghrian ag dul ina luí.

 
Macasamhlacha lánscálaː an Niña, an Pinta agus an Santa M, Palos de la Frontera, An Spáinn

Tar éis dul faoi don ngrian chas an tAimiréal an long ar ais i dtreo an Iarthair agus lean siad ar aghaidh ag luas timpeall 12 míle san uair. Thart ar a 2 am bhí 90 míle seolta acu. Mar gur long ní ba thapúla í an Pinta, sheol sí ar aghaidh ós comhair na long eile agus b’í a chonaic an talamh ar dtús. B’é an mairnéalach Rodrigo de Triana a chonaic an talamh ar dtús. Nuair a d’fhéach an captaen amach óna sheastán cheap sé go bhfaca sé solas. Ghlaoigh sé ar dhuine de na mairnéalaigh agus d’iarr sé air féachaint freisin. Ní raibh an bheirt acu cinnte áfach. Ina dhiaidh seo cheap an tAimiréal go bhfaca sé an solas uair nó dhó ach arís, ní raibh sé cinnte de. Bhí 10,000 bonn óir agus airgid geallta don gcéad duine a chonaic an cósta ach anois gheall an tAimiréal beart síoda le cur leis seo. Timpeall dhá uair a chloig níos déanaí chonaic an chéad duine an talamh thart air sé mhíle ón long."[3]

1493-1502Cuir in Eagar

Rinne Colambas trí aistear eile trasna an Atlantaigh le tacaíocht airgid Fernando agus Isabel. Sa bhliain 1493, 1498, agus 1502, tháinig Colambas go Meiriceá arís.

D’aimsigh sé a lán oileán eile cosúil le Oileán na Tríonóide, Iamáice agus Guadalúip ach níor bhain sé an tSeapáin amach riamh.

BásCuir in Eagar

Bhí sé i ndiaidh teacht ar chríocha Mheiriceá ach níl a fhios againn ar thuig sé é sin faoin am a fuair sé bás sa bhliain 1506. Chreid sé ar aon nós gur theip ar a shaol mar nár aimsigh sé bealach nua go dtí na hOileáin Spíosra. D'éag an taiscéalaí i Valladolid ar an 20 Bealtaine 1506). Bhí airtríteas aige, agus b'fhéidir go raibh an galar Reiter air.

Cuireadh Colambas, is cosúil, i mainistir Naomh Proinsias i Valladolid sa bhliain 1505 (tá Aodh Rua Ó Domhnaill curtha ann freisin). Nó creideann na seandálaithe gur cuireadh Críostóir Colambas ann, cé go bhfuil scéal ann gur aistríodh a chorp go dtí Sevilla agus ina dhiaidh sin go dtí an Phoblacht Dhoiminiceach.[4]

 
Leagadh dealbh i Minnesota State Capitol, 10 Meitheamh, 2020

TioncharCuir in Eagar

 
Leagadh dealbh i Columbus State Community College, 2020

Cé gur theip ar Colambas saibhreas a thabhairt ar ais scaipeadh ráflaí go raibh rud bocht óir le fáil i Meiriceá. Bhí cuid de thaiscéalaithe na Spáinne a bhí ag iarraidh seo a fháil amach dóibh féin. Thug siad drochbhail amach is amach ar bhunadh na háite.[2]

I mí Dheireadh Fómhair gach bliain déantar ‘Columbus Day’ a cheiliúradh i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcuimhne ar Chríostóir Colambas. Déantar an lá sin a cheiliúradh i roinnt tíortha eile i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas freisin, agus sa Spáinn.[5][6] Ach inniu, tá go leor daoine míshásta go ndéantar comóradh ar thaiscéalaithe mar Chriostóir Colambas le dealbha, srl.[7] In 2020, dhírigh daoine a bhí ag agóidíocht (mar gheall ar éagóir agus idirdhealú in aghaidh daoine de chine daite sna Stáit Aontaithe agus in áiteanna eile) ar go leor dealbh de Chriostóir Colambas.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 Foras na Gaeilge. "Colambas". Dáta rochtana: 2021.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 cogg.ie (2007). "Nótaí staire don Teastas Sóisearach". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-10-12.
  3. cogg.ie. "12 Taiscéalaíocht agus Fionnachtana". Dáta rochtana: 2021.
  4. gaeilge.org.au (2020). "An Lúibín". Dáta rochtana: 2021.
  5. "Columbus Day" (in en) (2021-10-12). Wikipedia. 
  6. "National Day of Spain" (in en) (2021-10-12). Wikipedia. 
  7. Mar shampla, i mí Lúnasa 2017, chaith agóideoirí péint dhearg ar an dealbh seo de Cholambas in Buffalo, Nua Eabhrac