Oileán na Tríonóide

An ceathrú oileán is mó i Muir Chairib is ea Oileán na Tríonóide. Is é an t-oileán is mó de chuid Oileán na Tríonóide agus Tobága é. Tá sé suite i ndeisceart Mhuir Chairib, in Oileáin na Gaoithe. Suíonn Oileán na Tríonóide ar scairbh ilchríochach Meiriceá Theas, ach is é cultúr Mhuir Chairib atá i réim ann.

Luíonn Oileán na Tríonóide idir 10°31′Thuaidh 60°55′Thiar agus 10°50′Thuaidh 61°55′Thiar

Tá 1,267,145 duine ina gcónaí ar an oileán (2011). Sin 267 duine sa chileaméadar cearnach nó 689 sa mhíle chearnach. Indiaigh Mheiriceánacha—na hAruacaigh agus na Cairibigh—chéad áitritheoirí an oileáin. Daonra ilchiníoch atá ann anois idir Indiaigh, Afraicigh, Indiaigh Thiar, agus eile.

Criostóir Colambas a bhaist an t-oileán leis an ainm "la Isla de la Trinidad" ar an tríú turas go Meiriceá aige. Ceapann cuid daoine gur "Oileán na nDordéan" a thugadh na bundúchasaigh air roimhe sin.

Lookout Point, in aice le Trá Maracas ar chósta thuaidh Oileán na Tríonóide