Is ilchríoch mhór í an Afraic. Is í an dara ilchríoch is mó sa domhan, tar éis An Áise. Tá achar de 30,244,050 km² (11,677,240 mi²) inti, a cuid oileán san áireamh. Clúdaíonn sí 20.3 faoin gcéad den achar iomlán an domhain. Tá thart ar 1.0 billiún daoine agus 54 tír ann. Is ann atá thart ar 15% de dhaonra an domhain. Ó thuaidh agus ó dheas tá aeráid mheánmharach inti, fásaigh ollmhóra taobh ó thuaidh de Thropaic an Phortáin, foraoiseacha báistí timpeall ar an Mheánlíne, agus tailte féaracha eatarthu. Rinne Eorpaigh agus Arabaigh slad ar an Afraic ar feadh na gcéadta bliain agus níor tháinig cuid ar bith di slán ó ionradh sa naoú haois déag agus sa bhfichiú haois. Creidtear gur tháinig ann don chine daonna timpeall trí mhilliún bliain ó shin agus tá an-éagsúlacht cultúr agus teanga inti.

Infotaula de geografia políticaAn Afraic
Africa satellite orthographic.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
Africa (orthographic projection).svg Edit the value on Wikidata
 21°05′38″N 7°11′17″E / 21.09375°N 7.1881°E / 21.09375; 7.1881
Daonra
Iomlán 1,200,000,000 (2016) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Ostfeste (en) Aistrigh, An Domhan agus Afro-Eurasia (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 30,271,000 km² Edit the value on Wikidata
Pointe is airde Mount Kibo (en) Aistrigh (5,895 m) Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

TíorthaCuir in Eagar


Mór-ranna an Domhain

 
An Afraic
 
An Aigéine
 
An Áise
 
Antartaice
 
An Eoraip
 
Meiriceá Theas
 
Meiriceá Thuaidh