Diobúití
| |||||
Mana: - | |||||
Amhrán náisiúnta: Djibouti | |||||
![]() | |||||
Príomhchathair | Diobúití 11°36′ Theas 43°10′ Thoir | ||||
An chathair is mó | Diobúití | ||||
Teangacha oifigiúla | Araibis agus Fraincis | ||||
Rialtas | Poblacht Ismail Omar Guelleh Dileita Mohamed Dileita | ||||
Neamhspleáchas Ón Fhrainc |
1977 | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
23,200 km² (149ú) 0.09% | ||||
Daonra • Meas. ó 2007 • Daonáireamh 2000 • Dlús |
496,374 (160ú) 460,700 34/km² (168ú) | ||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $1.641 billiún (164ú) $2,070 (141ú) | ||||
Airgeadra | Franc (DJF )
| ||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
EAT (UTC+3) (UTC+3) | ||||
Fearann Idirlín | .dj | ||||
Glaochód | +253
| ||||
Is tír san Afraic í Poblacht Djibouti, nó Djibouti de ghnáth. Is í cathair Dhiobúití (nó Djibouti as Béarla) príomhchathair na tíre. Tá sí ag críochantacht leis an Eiritré, An Aetóip, agus an tSomáil. Is iar-choilíneacht Frainceach í.
Bhain Poblacht Djibouti amach a neamhspleáchas ón bhFrainc ar an 27 Meitheamh 1977. Roimhe sin, thugtaí Somálalann na Fraince, agus ina dhiaidh sin Críocha na nAfar agus na nIssa ar an gcoilíneacht. Bhunaigh na Francaigh an choilíneacht anseo sa chéad leath den naoú haois déag, ach bhí an t-ainm sin Djibouti ann roimhe sin féin. Bhí ceangal dlúth trádála ag muintir Djibouti le Leathinis na hAraibe le fada, agus b'iad an chéad dream san Afraic a ghlac leis an Ioslam. Muslamaigh iad 94 % de mhuintir na tíre, agus is Críostaithe iad an chuid is mó den fhuíoll.
Is iad an Fhraincis agus an Araibis teangacha oifigiúla Djibouti, ach is iad na hIssa agus na hAfar an dá ghrúpa eitneacha is mó. Treibh Shomálach iad na hIssa, agus an tSomáilis á labhairt acu ó dhúchas. Maidir leis na hAfar, tá teanga dá gcuid féin acu. Teanga Chúisiteach í an teanga Afar, ach níl sí intuigthe ag lucht labhartha na Somáilise.