An Túinéis
Is tír í an Túinéis (Araibis: تونس) atá suite i dTuaisceart na hAfraice. Tá teorainn aici leis an Ailgéir, agus an Libia. Is í an Túinéis an tír is faide ó thuaidh san Afraic. Bhí 11.50 milliún duine ina gcónaí ann sa bhliain 2018. Is í Túinis an phríomhchathair.
An Túinéis | |||||
---|---|---|---|---|---|
تونس (ar) Tunisia (ms) Tunisia (en) الجمهورية التونسية (ar) Republic of Tunisia (en) Republik Tunisia (ms) | |||||
|
|||||
Aintiún | Humat Al Hima (12 Samhain 1987) | ||||
Mana | «حرية، كرامة، عدالة، نظام» | ||||
Ainmnithe in ómós | Túinis | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Túinis | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 11,565,204 (2018) | ||||
• Dlús | 70.69 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Afraic Thuaidh dúliosta tearmann cánach an Aontais Eorpaigh (–2018) | ||||
Achar dromchla | 163,610 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir | ||||
Pointe is airde | Jebel ech Chambi (en) (1,544 m) | ||||
Pointe is ísle | Shatt al Gharsah (en) (−17 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Coimirceas Francach na Túinéise | ||||
Cruthú | 20 Márta 1956 | ||||
Saoire phoiblí | Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe (1 Bealtaine) Lá Caille (1 Eanáir) Eid al-Fitr (1 Shawwal (en) ) Eid al-Adha (10 Dhu al-Hijjah (en) ) Islamic New Year (en) (1 Muharram (en) ) Mawlid (en) (12 Rabi' al-awwal (en) ) National Women's Day (en) (13 Lúnasa) Evacuation Day (en) (15 Deireadh Fómhair) événements du 9 avril 1938 (fr) Éirí amach phobal na Túinéise | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach agus semi-presidential system (en) | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Túinéise | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Ionadaithe an Phobail | ||||
• Uachtarán na Túinéise | Muhammad VIII al-Amin (1956–1957) | ||||
• Príomh-Aire na Túinéise | Ahmed Hachani (2023–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 46,687,298,709 $ (2021) | ||||
Airgeadra | dinar na Túinéise | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .tn | ||||
Glaochód | +216 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 190, 198, 193 agus 197 | ||||
Cód tíre | TN |
Tá an Túinéis mar chuid de chomhaontú comhlachais leis an Aontas Eorpach agus is ballstát den 'Francophonie' í. Tá sí mar bhall de Aontas na Magraibe Arabaí, Léig na nArabach agus an tAontas Afracach.
Stair na tíre
cuir in eagarFaoi riail an Impireacht Otamánach
cuir in eagarTharla an chéad ghabháil Otamánach ar an Túinéis sa bhliain 1534 faoi cheannas Barbarossa Hayreddin Pasha le linn ré Suleiman Ollásach. Bhí ar an Impireacht Otamánach athghabháil a dhéanamh ar an Túinéis chun smacht ar an tír a fháil ar ais ón Spáinn sa bhliain 1574. Bhí siad i gceannas ar an tír go dtí gabháil na Francaigh sa bhliain 1881.
I dtosach bhí an tír faoi rialtóir (Pasha) ach roimh bhfad is réigiún uathrialaitheach faoi ceannas áitiúil (na 'Beyigh') taobh istigh den Impireacht a bhí ann. Mhair an féinriail seo faoi na Beyigh Hussein idir 1705 go dtí neamhspleáchas i 1957. Le linn na tréimhse seo, bhí scothaicme iasachta i gceannas ar an tír agus bhí Tuircis mar theanga gnó an stáit.
Faoi riail na Fraince
cuir in eagarIn 1869, d'fhógair an Túinéis go raibh sí bancbhriste. Tháinig coimisiún idirnáisiúnta isteach chun geilleagar na tíre a riaradh. Tháinig na Francaigh i gcumhacht le linn na 1880'í. Rinne an Fhrainc ionradh ar an Túinéis in 1881 le thart ar 36,000 saighdiúir. Bhí an Túinéis mar choimirceas de chuid an Fraince ón bhliain 1883.
Faoi na Francaigh, bhí béim ar áitreabh Eorpach a fhorbairt agus tháinig méadú ar líon na Francaigh sa tír. Faoi 1945 bhí 144,000 daoine ón Fhrainc sa tír.
Idir 1942 agus 1943 bhí an Túinéis mar suíomh de Feachtas na Túinéise. Bhí roinnt catha ann idir An Ais agus na Comhghuaillithe. Is é an Túinéis an t-aon Tír Arabach a bhí faoi forghabháil na Gearmánaigh le linn An Dara Cogadh Domhanda. Bhí na Gearmánaigh chun cinn i dtosach, ach bhí an lámh in uachtar ag na Comhghuaillithe ar deireadh.
Neamhspleáchas
cuir in eagarBhain an Túinéis a neamhspleáchas amach sa bhliain 1956. Bhí Habib Bourguiba chun thosaigh san feachtas chun neamhspleáchas a bhaint amach. Bhí sé mar chéad Uachtarán na tíre tar éis neamhspleáchas chomh maith. Is é an gluaiseacht shaolta 'Rassemblement Constitutionnel Démocratique' (RCD) a bhí i gcumhacht sa tír tar éis neamhspleáchas a bhaint amach.
In 1987 d'fhógair dochtúirí go raibh Habib Bourguiba ró-thinn chun a bheith mar cheannaire na tíre agus tháinig Príomh-Aire Zine El Abidine Ben Ali isteach mar Uachtarán ó 1987 go dtí an bhliain 2011. Bhí corbadh curtha ina leith go minic le linn a cheannaireacht. D'áitigh eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós "Tarscaoileadh Idirnáisiúnta" agus 'Freedom House' go raibh cearta daonna sáraithe ag an rialtas le linn ceannaireacht Ben Ali agus chur sé bac ar obair eagraíochtaí ar son cearta daonna sa tír.
Earrach na nArabach agus réabhlóid
cuir in eagarBhí Réabhlóid na Túinéise ina fheachtas dian easumhlaíocht shibhialta. Bhí na ceardchumann chun cinn sna hagóidí. Bhí na hagóidí seo mar spreagadh do Earrach na nArabach. Is é bás Mohamed Bouazizi, díoltóir sráide a chur lámh ina bhás féin nuair a chur sé é féin trí thine ar 17 Nollag 2010 toisc go raibh a chuid earraí coigistithe agus é náirithe ag oifigeach bardasach, a bhí mar thúsphointe den réabhlóid. Bhí olc ar na daoine agus bhí feachtas agóidíochta agus foréigean ar na sráideanna. D'éirigh an tUachtarán Zine El Abidine Ben Ali as oifig ar [[14 Eanáir]] [[2011]] tar éis 23 bliain mar cheannaire na tíre. Lean na agóidí ar aghaidh go dtí go raibh cosc curtha ar an páirtí a bhí i gcumhacht, an 'Rassemblement Constitutionnel Démocratique'.
Ar an 23ú Deireadh Fómhair 2011 bhí toghchán agus d'fhógair breathnóir neamhchlaonta idirnáisiúnta go raibh sé saor agus cothrom. Is é an gluaiseacht 'Ennahda' a bhfuair an méid suíochán is mó, 90 as 217. Ar 12 Nollaig 2011 bhí Moncef Marzouki, iar-ghníomhaí ar son cearta daonna, tofa mar uachtarán.
Déimeagrafaic
cuir in eagarDe réir dhaonáireamh 2014, bhí daonra 10,982,754 sa Túinéis.[1] Buíochas le clár pleanail clainne, tháinig laghdú ar fhás an daonra sa Túinéis go 1% go bliantúil.
Teangacha
cuir in eagarIs í an Araibis teanga oifigiúil na tíre agus is í Araibis na Túineise teanga an phobail. Tá lucht labhartha beag freisin ag teangacha na mBeirbeireach (timpeall 28,000 de réir Ethnologue).
Cé nach bhfuil stádas oifigiúil aici, tá an Fhraincis an-tábhachtach sa Túinéis. Ag an iar-bhunscoil, múintear eolaíocht tríthi. Úsáidtear go forleathan an teanga i gcúrsaí oideachais agus gnó agus sna meáin. Sa bhliain 2010, bhí an Fhraincis ag 6 639 000 nó 64% an daonra sa Túinéis.[2] De ghnáth, tá comharthaí siopaí, biachláir agus comharthaí sraide scríofa san Araibis agus san Fhraincis.
Na Cathracha is mó
cuir in eagarDe réir dhaonáireamh 2014, is iad na cathracha is mó ná:
Rang | Ainm | Gobharnóireacht | Daonra |
---|---|---|---|
1 | Túinis | Túinis | 638,345 |
2 | Sfax | Sfax | 272,801 |
3 | Sousse | Sousse | 221,530 |
4 | Ettadhamen-Mnihla | Ariana | 142,953 |
5 | Kairouan | Kairouan | 139,070 |
6 | Bizerte | Bizerte | 136,917 |
7 | Gabès | Gabès | 130,984 |
8 | La Soukra | Ariana | 129,693 |
9 | Ariana | Ariana | 114,486 |
10 | Gafsa | Ben Arous | 111,170 |
Creideamh
cuir in eagarIs é Ioslam an reiligiún oifigiúil agus is mó sa Túinéis. Tá formhór na Túinéiseach ina Sunnaíoch agus tá an chuid eile acu ina Hanafite nó Ibadi. Is í an Chríostaíocht an dara reiligiún is mó sa tír le timpeall 25,000 creidmheach agus is é an Giúdachas an tríú reiligiún is mó le 900 creidmhigh. Meastar gurb í an Túinéis an tír Moslamach is sásta Giúdaigh a glacadh. Ar Djerba, tá pobal Giúdach beag ann le 2,500 bliain.
Cultúr
cuir in eagarBia
cuir in eagarCumaisctear bia Meánmhuirí agus bia gaineamhlaigh i mbia na Túineise. Cosuil na tíortha Meánmhuirí eile, tá an aiste bia bia bunaithe ar ola olóige, bia mara, feoil agus spíosraí. Tá traidisiún an chócaireacht láidir sa Túineis le béilí dúchasacha mar Brik, Cúscús Túinéiseach, Sailéad Mechouia, Sailéad Túinéiseach, Kefta, Khobz Mella, Lamb à la Gargoulette, Tajine Túinéiseach agus Khobz Tabouna.[3]
Spóirt
cuir in eagarIs é an sacar an spórt is mó a thaitníonn le daoine sa Túinéis. Sa bhliain 2004 bhuaigh foireann sacair náisiúnta na Túinéise Corn Sacair An Afraic. I ndiaidh an tsacair, imrítear go minic taecuando, cearáité, liathróid láimhe agus lúthclheasaíocht freisin sa Túinéis.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ http://census.ins.tn/sites/default/files/vol%201%20rgph%202014%20site%20%281%29.pdf Curtha i gcartlann 2018-01-28 ar an Wayback Machine lch.11 (ar)
- ↑ https://www.francophonie.org/IMG/pdf/1e.pdf Curtha i gcartlann 2013-10-12 ar an Wayback Machine lch. 14 (fr)
- ↑ http://www.tourismtunisia.com/dishes-that-are-home-to-tunisia/ (en)