An Ghuine Mheánchriosach
Is tír san Afraic í an Ghuine Mheánchiorclach nó an Ghuine Mheánchriosach. Is í Malabo an phríomhchathair. Is iarchoilíneacht de chuid na Spáinne í. Bhain an tír a neamhspleáchas amach ar 12 Deireadh Fómhair na bliana 1968.
An Ghuine Mheánchriosach | |||||
---|---|---|---|---|---|
República de Guinea Ecuatorial (es) République de Guinée équatoriale (fr) República da Guiné Equatorial (pt) | |||||
|
|||||
Aintiún | Himno nacional de Guinea Ecuatorial | ||||
Mana | «Aontacht, Síocháin, Ceartas» | ||||
Ainmnithe in ómós | Murascaill na Guine agus meánchiorcal | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Malabo | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,267,689 (2017) | ||||
• Dlús | 45.19 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis an Fhraincis an Phortaingéilis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Lár na hAfraice Portuguese-speaking African countries (en) Impireacht na Portaingéile (1472–1778) Impireacht na Spáinne (1778–1968) coilíneachtaí na hEorpa san Afraic (–1968) | ||||
Achar dromchla | 28,051 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Pico Basilé (en) (3,011 m) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Spanish Guinea (en) | ||||
Cruthú | 12 Deireadh Fómhair 1968 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Government of Equatorial Guinea (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na Guine Meánchiorclaí | ||||
• Uachtarán na Guine Meánchiorclaí | Teodoro Obiang (en) | ||||
• Príomh-Aire na Guine Meánchiorclaí | Manuela Roka (2023–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 12,269,393,392 $ (2021) | ||||
Airgeadra | franc CFA na hAfraice Láir | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .gq | ||||
Glaochód | +240 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 115, 113 agus 114 | ||||
Cód tíre | GQ | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | guineaecuatorialpress.com |
Tá an chuid is mó den tír suite ar chósta thiar na hAfraice, idir Camarún agus an Ghabúin. Rio Muni a thugtar ar an chuid mór-roinneach seo. Oileáin san Atlantach an chuid eile den Ghuine Mheánchiorclach, Annobón agus Bioko (Fernando Po sa tseanam) go háirithe. Is ar an oileán Bioko atá an phríomhchathair suite.
Tá an Ghuine Mheánchiorclach ar cheann de na tíortha is measa ó thaobh chearta an duine de. Ón bhliain 1968 go dtí 1979 bhí deachtóireacht bhrúidiúil i réim faoin uachtarán Francisco Macías Nguema. Duine as triúr, fuair sé bás nó theith ón tír. Chuir coup d'état fuilteach deireadh lena a réimeas úd ar 3 Lúnasa 1979; tháinig Teodoro Obiang chun cumhachta agus cuireadh Nguema chun báis as a chuid coireanna. Cé gur laghdaigh na mí- agus drochusáidi ba mheasa bíonn staid na gcearta daonna go dona ansin i gcónaí.
Is é an Ghuine Mheánchiorclach an náisiún is saibhre san Afraic o thaobh olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ach is i lámha mionlaigh atá an saibhreas céanna. Is iad cócó agus artola na táirgí is tábhachtaí sa Ghuine Mheánchiorclach. Maireann an chuid is mó de na daoine as an talmhaíocht nó as an iascaireacht.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |