Príomhchathair chomhphobal féinrialaitheach na hAndalúise, i ndeisceart na Spáinne is ea Sevilla. De réir na bhfinscéalta, ba é Earcail, an laoch Gréagach, a bhunaigh Sevillla. Thug na Rómhánaigh Hispalis ar an gcathair agus ina dhiaidh sin athraíodh an t-ainm go Isbiliya ag na Múraigh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSevilla
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°23′00″N 5°59′00″W / 37.3833°N 5.9833°W / 37.3833; -5.9833
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneAn Andalúis
Cúigí na SpáinneSeville Province (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairCathair Sevilla Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán684,025 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,858.13 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid denotary district of Seville (en) Aistrigh
Comarca Metropolitana de Sevilla (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla140.8 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceCanal de Alfonso XIII (en) Aistrigh agus Guadalquivir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde12 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Viking raid on Seville (en) Aistrigh (Deireadh Fómhair 844)
Léigear Sevilla (1248)
Siege of Seville (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÉarlamhFerdinand III León Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Sevilla Cuir in eagar ar WikidataJuan Espadas Cejas (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist41000–41099 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód95 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh41091 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsevilla.org Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Sevilla ar bhruacha abhainn an Guadalquivir agus tá sí ar cheann de na hionaid stairiúla is tábhachtaí san Eoraip. Timpeall milliún duine atá inti faoi láthair, an ceathrú cathair is mó sa Spáinn. Is ann atá Cartlanna na nIndiacha, mar a bhfuil na cáipéisí stairiúla faoi ghabháil Mheiriceá. Tá an-chuid foirgneamh fíor-álainn ann, La Giralda, túr Múrach, agus ceann de na hardeaglaisí is mó ar domhan, a tógadh thar tréimhse 118 mbliain tar éis do na Críostaithe an chathair a ghabháil ó ríocht Mhúrach Cordóba.

Tá an chathair fada go leor ón bhfarraige, ach bhí sí ina calafort an-tábhachtach fadó nuair a bhí níos mó uisce san abhainn. Ba go Sevilla a tugadh formhór an airgid a ghoid lucht an choncais i dtíortha as Meiriceá Láir agus Meiriceá Theas, agus is aisti a sheoil cabhlach taiscéalaíochta Magellan. Chuaigh na longa sin timpeall an domhain, ach níor fhill ar Sevilla ach árthach amháin a bhí luchtaithe le spíosraí.

Bhí na Liobrálaigh i gceannas ar Sevilla le linn an chogadh cathartha a bhí sa Spáinn idir 1829 agus 1832. I gCogadh Cathartha na Spáinne sa bhfichiú haois, ní raibh moill ar Franco an chathair a ghabháil lena arm as an Afraic.

Bíonn Sevilla an-te i rith an tsamhraidh, agus an teocht thar 50 céim C. Tá an-cháil ar amhráin agus ar dhamhsaí an réigiúin.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar