Oileán sa Chairib is ea Pórtó Ríce (Puerto Rico). Is Comhlathas de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é, ó ghlac an tír sin seilbh air ag deireadh an 19ú haois. Reáchtáladh reifrinn éagsúla ar stádas an oileáin, an ceann deireanach timpeall 1995, agus ba é an toradh ná gur fhan an t-oileán sa chomhlathas le SAM

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachPórtó Ríce
(es) Estado Libre Asociado de Puerto Rico
(en) Commonwealth of Puerto Rico
(tnq) Borinquen Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálCríoch neamhchorpraithe, críoch oileánach, political territorial entity (en) Aistrigh, province of Spanish America (en) Aistrigh, réigiún cultúrtha, críoch de chuid na Stát Aontaithe thar lear agus comhlathas Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPórtó Ríce agus San Juan Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMeiriceá Easpáinneach
Na hAintillí Móra
Meiriceá Laidineach
Oileáin Mhuir Chairib
Muir Chairib SAM
Muir Chairib Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilMuir Chairib Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnMeiriceá Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 18°15′N 66°30′W / 18.25°N 66.5°W / 18.25; -66.5
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach agus Muir Chairib Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Pointe is ísleMuir Chairib Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCerro de Punta (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  (1,338 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar9,104 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Croineolaíocht
23 Meán Fómhair 1868 Grito de Lares (en) Aistrigh
1898 Cogadh Spáinn-Mheiriceánach
Spéirling Maria
7 Eanáir 2020 2020 Puerto Rico earthquake (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh1898 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpr.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Tá tuairim is 4 mhilliún duine ina gcónaí san oileán. Tá siad i dteideal dul ag obair agus socrú síos sna Stáit Aontaithe agus tairbhe a bhaint as cearta eile saoránachta. Is í San Juan príomhchathair an oileáin.

Tíreolaíocht cuir in eagar

Díomaite den phríomhoileán, Oileán Phórtó Ríce, tá dornán oileán eile ann ar cuid den chomhlathas iad, is é sin, Vieques, Culebra, Mona, Desecheo, agus Caja de Muertos, chomh maith lena lán oileán níos lú ná na cinn seo. Is iad Vieques agus Culebra an t-aon dá oileán acu siúd a bhfuil cónaí ar dhaoine iontu fud fad na bliana. Tír shléibhtiúil atá ann, agus an sliabhraon is mó, La Cordillera Central nó an Raon Láir, ar an sliabhraon is mó. Tá Cerro de Punta, an sliabh is airde in Oileán Phórtó Ríce, suite sa raon seo. Tá San Juan, an phríomhchathair, ar an gcósta thuaidh.

Stair cuir in eagar

Bhunaigh na Spáinnigh an chéad choilíneacht in Oileán Phórtó Ríce go luath i ndiaidh fhionnachtain an Oileáin Úir. Tháinig Colambas anseo an chéad uair sa bhliain 1493, ar an dara cuairt a thug sé ar Mheiriceá. San am sin, bhí bundúchasaigh ar an oileán a raibh teanga den fhine úd Arawak á labhairt acu, agus is é an t-ainm a bhí acu féin ar an oileán ná Boriken nó - mar a dúirt lucht labhartha na Spáinnise - Borinquén. Inniu féin, tugann na Pórtó Rícigh Borinquén ar a n-oileán i gcomhthéacs an tírghrá, agus is é La Borinqueña, nó Amhrán Borinquén, an t-amhrán náisiúnta.

Tagairtí cuir in eagar