Jerez de la Frontera
Is cathair agus bardas í Jerez de la Frontera nó Jerez, suite i gcúige Cádiz na hAndalúise in iardheisceart na Spáinne. Tá suite idir an Aigéan Atlantach agus Sleibhte Cádiz. Ón mbliain 2017 tá thart ar 212,900 daoine ina gcónaí sa chathair, agus 650,000 nuair a thógtar an mórcheantar uirbeach san áireamh. Is í an chathair is mó sa chúige, an 5ú chathair is mó san Andalúis agus an 25ú chathair is mó sa Spáinn. Tá sí mar chuid den Comhlathas Bhá Cádiz, agus í ar an tríú mórcheantar uirbeach is mó san Andalúis agus an 12ú cheann is mó sa Spáinn. Leis an méid forbairt sa chathair tá sí in úsáid mar mol iompair agus cumarsáide níos mó ná Cádiz fiú agus í mar phríomhchathair an chúige. Ó thaobh achar de tá Jerez an bardas is mó sa chúige. Tá an ithir saibhir thart ar an mbardas go maith le haghaidh talmhaíochta de. Tá clú agus cáil chomh maith ar fhíon an réigiúin chomh maith. Tá an Páirc náisiúnta Los Alcornocales Natural agus Sierra de Gibalbín, sa bharas chomh maith. Tá an chathair 12cm ón Aigean Atlantach. Tá tóir ar leith ag Alcazar Jerez, Eaglais San Miguel, agus Ardeaglais San Salvador.
Jerez de la Frontera | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | An Andalúis | ||||
Cúige de chuid na Spáinne | Cádiz Province (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | Jerez de la Frontera | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 213,231 (2023) | ||||
• Dlús | 179.45 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Mancomunidad de Municipios Bahía de Cádiz (en) Campiña de Jerez (en) | ||||
Achar dromchla | 1,188,230,000 m² | ||||
Airde | 58 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Éarlamh | Dinísias an tAiréapagach agus Maighdean na Trócaire | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Jerez de la Frontera | María José García-Pelayo Jurado | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 11401–11579 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 956 | ||||
INE municipality code (en) | 11020 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | jerez.es |
Bíonn Grand Prix gluaisrothair ar siúil ar Circuito de Jerez i mí Bealtaine. Bíonn féile mór acu i rith Seachtain na Cásca sé sin Feria de Jerez. Glaotar Cathair flamenco, sheiris, chapail agus ghluaisrothair uirthi. Sa bhliain 2013, bhí Jerez mar phríomhchathair Fíon na hEorpa.
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |