Granada
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is í cathair Granada na Spáinne príomhchathair an réigiúin Granada agus í súite i gcomhphobal féinrialaitheach na hAndalúise. Tá sí suite faoi shléibhte Sierra Nevada ag cumar an dá abhainn, Darro agus Genil. Suíonn sí 738 méadar os cionn leibhéal na mara ach uair a chloig tiomáint ón Meánmhuir, an Cósta Tropical. De réir daonáirimh sa bhliain 2005 bhí 236,982 duine sa chathair, agus beagnach leathmhilliún sa cheantar uirbeach.
Granada | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | An Andalúis | ||||
Cúige de chuid na Spáinne | Granada | ||||
Príomhchathair de | Granada (1833–) | ||||
Príomhchathair | Cathair Granada | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 230,595 (2023) | ||||
• Dlús | 2,619.8 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Granada notarial district (en) Vega de Granada | ||||
Achar dromchla | 88.02 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Darro | ||||
Airde | 693 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Éarlamh | Caecilius of Elvira (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 18001–18015, 18182 agus 18190 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
INE municipality code (en) | 18087 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | granada.org |
Is ann atá an Alhambra, daingean agus caisleán de chuid na Múrach, ceann de na hiarsmaí stairiúla is tábhachtaí agus is clúití sa Spáinn a thugann léargas ar chultúr Moslamach, Giúdach agus Críostaí na cathrach. Tugtar Albaicin ar cheantar traidisiúnta Arabach na cathrach agus tá siopai agus gnólachtaí Múracha ann i gcónaí.
Tagann go leor turasóirí go Granada de bharr na foirgnimh suimiúla Múrach, stáisiúin scíál Nevada (áit ar eagraíodh Comórtas Domhnda Scíáil Alpach FIS sa bhliain 1996) agus an cósta atá an-chóngarach.
Stair
cuir in eagarBhí lonnaíocht Ibeirea-Cheilteach ann fadó agus tháinig lonnaitheoirí eile ar a seal ón Chartaig, ón Ghréig agus ón Róimh. Thug na Rómhánaigh Illiberis ar an gcathair agus bhí a mboinn airgid féin aici faoina réimeas. Nuair a thit impireacht na Róimhe rinne na Viseagotaigh ionradh ar leithinis na hIbéire agus ionad tábhachtach riaracháin agus míleata acu sa chathair.
Chuir pobal Giúdach fúthu i bhfobhaile de chuid na cathrach ar ar tugadh 'Gárnata' agus chabhraigh siad le Tariq ibn-Ziyad an chathair a ghabháil do na Múraigh i 711. Thug na Múraigh Ilbira ar an gcathair agus thug na Críostaithe Elvira uirthi. Rinneadh príomhchathair aisti ar Chailifeacht Cordóba. Bhí an-chuid achrainn sa Chailifeacht ar feadh na mblianta agus scroiseadh an chathair i 1010. Nuair a atógadh í, bhí Garnáta ina dlúthchuid den chathair nua agus is as sin a tháinig ainm nua na cathrach. Faoi rítheaghlach Zirid, rinneadh éimireacht neamhspleách de Granada agus d'fhás sí amach thar an Darro go dtí an áit ina bhfuil an Alhambra anois.
Ríocht Granada
cuir in eagarI 1228 d'imigh an prionsa Almohad, Idris chun na hAfraice agus bhunaigh Ibn al-Ahmar an rítheaghlach Moslamach b'fhadmharthanaí ar leithinis na hIbéire - na Nasrid. Bhí feachtas láidir ar bun ag ríthe agus uaisle Críostaí chun an Spáinn a athghabháil ó na Múraigh agus tar éis dóibh Córdóba a ghabháil i 1236, chuaigh na Nasrid i gcomhghuaillíocht leis an Rí Ferdinand as Castile. Tugadh Ríocht Granada ar an stát i 1238. Foríthe do ríocht Castile a bhí sa taifa ansin ar feadh 250 bliain. Chabhraigh siad leis na ríthe Críostaí trádáil a dhéanamh leis an Maghreb san Afraic ach de réir a chéile cúngaíodh an ríocht agus faoi 1492 ní raibh inti ach limistéir bheag ar chósta na Meánmhara. Arabais an teanga oifigiúil agus an mháthairtheanga a bhí inti.
Chuir fionnachtana tíreolaíocha na Portaingéile isteach ar an trádáil leis an Afraic agus chuaigh ríocht Granada i léig. Le haontú Ríochta Castile agus Aragon i 1479 chaith na ceannairí Críostaí súile santacha ar an méid a bhí fágtha de shealús na Múrach sa Spáinn. Cuireadh léigear ar Granada agus ghéill an rí deireanach Moslamach, Muhammad XII, nó Boabdil mar a thug na Spáinnigh air, do na 'Ríthe Caitliceacha' ar an 2 Eanáir 1492.
Tugadh cead do na Moslamaigh a gcreideamh a chleachtadh ach faoi 1499 tosaíodh ar ghéarleanúint agus de réir a chéile cuireadh iachall orthu iompú ina gCaitlicigh nó imeacht leo chun na hAfraice. Ina ainneoin sin tá carachtar láidir Múrach ag an chathair i gcónaí agus tugann na sluaite cuairt uirthi dá bharr sin.
Tá an-cháil ar Ollscoil Ghranada agus caitheann na mílte mac léinn as gach cearn den Eoraip seal inti.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |