Castilla y León
Is comhphobal féinrialaitheach é an Chaistíl agus León (as Spáinnis: Castilla y León) atá suite i lár na Spáinne. Is í Valladolid suíochán an rialtais áitiúla go hoifigiúil cé nach príomhchathair í.
Castilla y León | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Príomhchathair | luach ar iarraidh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,383,139 (2021) | ||||
• Dlús | 25.29 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 94,223 km² | ||||
Pointe is airde | Torre Cerredo (en) (2,648 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | León (en) agus Old Castile (en) | ||||
Cruthú | 1983 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Junta of Castile and León (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Cortes of Castile and León (en) | ||||
• President of the Junta of Castile and León (en) | Alfonso Fernando Fernández Mañueco (2019–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | ES-CL | ||||
Cód NUTS | ES41 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | jcyl.es |
Lá dá raibh san áit atá an Chaistíl agus León anois bhí dhá ríocht ann; ríocht León agus ríocht na Caistíle (Coróin na Caistíle). Ó thaobh achair talún de, is í an Chaistíl agus León an réigiún féinrialaitheach is mó sa Spáinn agus tá sí ar cheann de na réigiúin is mó san Aontas Eorpach. Tá achar 94,223 km² aige le daonra oifigiúil de 2,558,463 (ó dhaonáireamh na bliana 2011).
Tá teorainn ag an chomhphobal le hAsturias agus Cantabria ó thuaidh, le hAragon, agus le Tír na mBascach soir ó thuaidh, La Rioja soir, an comhphobal féinrialaitheach de Maidrid agus an Chaistíl-La Mancha siar ó dheas, Extremadura ó dheas, agus an Phortaingéil agus an Ghailís siar.
Riaracháin an Réigiúin
cuir in eagarCúigí
cuir in eagarTá an Chaistíl agus León roinnte idir naoi gcinn de chúigí agus tá ainm gach cúige díreach mar an gcéanna le hainm phríomhchathair an chúige sin.
Cúige | Príomchathair | Achar (cm2) | Daonra (2011) | Bardais |
---|---|---|---|---|
Ávila | Ávila | 8,050.15 | 171,647 | 248 |
Burgos | Burgos | 14,291.81 | 372,538 | 371 |
León | León | 15,580.83 | 493,312 | 211 |
Palencia | Palencia | 8,052.51 | 170,513 | 191 |
Salamanca | Salamanca | 12,349.95 | 350,018 | 362 |
Segovia | Segovia | 6,922.75 | 163,171 | 209 |
Soria | Soria | 10,306.42 | 94,610 | 183 |
Valladolid | Valladolid | 8,110.49 | 532,765 | 225 |
Zamora | Zamora | 10,561.26 | 191,613 | 248 |
Daonra
cuir in eagarSna 1960í bhí daonra uirbeach an Chaistíl agus León thart ar 20%; sa bhliain 1991 bhí sé ardaithe go 42% agus sa bhliain 1998 43% a thaispeánann ráta bánú na tuaithe sa réigiún.
As na 2,248 bardais tá 1,986 acu le níos lú na 1000 daoine ina gcónaí iontu; tá idir 1001 agus 5000 daoine ina gcónaí in 204 acu; tá 4 bardais le níos mó ná 100 000 daoine ina gcónaí iontu, sé sin Valladolid (306,830), Burgos (177,776), Salamanca (148,042) agus León (129,551). Seachas príomhchathracha na gcúigí tá cathracha mar Miranda de Ebro agus Aranda de Duero in Burgos, Ponferrada agus San Andrés del Rabanedo in León, Béjar in Salamanca agus Medina del Campo agus Laguna de Duero in Valladolid.
Uimh. | Cathair | Cúigex | Daonra | Valladolid Burgos Salamanca León |
---|---|---|---|---|
1 | Valladolid | Valladolid | 303,905 | |
2 | Burgos | Burgos | 177,100 | |
3 | Salamanca | Salamanca | 146,438 | |
4 | León | León | 127,817 | |
5 | Palencia | Palencia | 79,595 | |
6 | Ponferrada | León | 66,884 | |
7 | Zamora | Zamora | 63,831 | |
8 | Ávila | Ávila | 58,358 | |
9 | Segovia | Bizkaia | 40,983 | |
10 | Soria | Soria | 39,168 |
Tagairtí
cuir in eagar