Cuimsíonn Stair na Spáinne tréimhse ó réamhstair Leithinis na hIbéire agus bhunú, ina dhiaidh sin, An Spáinne Rómhánach, go dtí Ríocht chomhaimseartha na Spáinne.

Foirmiú críocha na Spáinne

Shroich na céad homainidí críoch na Spáinne comhaimseartha thart ar 1.2 milliún bliain ó shin. Shocraigh roinnt speiceas, mar shampla Homo antecessor, na réamh-Néandartálaigh ó Sima de los Huesos (arna sainaithint i dtosach mar Homo heidelbergensis) agus na Néandartálaigh (Homo neanderthalensis) a tharla go dtí thart ar 35,000 bliain ó shin, go dtí gur tháinig daoine nua-aimseartha (Homo sapiens) chun leithinis na hIbéire agus chuir siad na homainidí go léir a bhí ann go dtí sin as ait, cé gur mhair siad taobh lena chéile le beagnach 10,000 bliain. Mhair an pobal deireanach Néandartálach thart ar 27,000 bliain sa deisceart. Thar na mílte bliain eile shocraigh Ibéaraigh, Ceiltigh, Féinícigh, Cartagaigh, Gréagaigh síos san áit agus thart ar 200 R.C. ghabháil Poblacht na Rómhánach an chríoch, agus déanadh Hispania Romana (an Spáinn Rómhánach) aisti. Tar éis titim na Róimhe, bunaíodh Ríocht na Viseagotach. Thosaigh monarcacht na Viseagotach sa chúigiú haois agus mhair sí go dtí an t-ochtú haois luath. Sa bhliain 711 d'ionsaigh na Múraigh, ó thuaisceart na hAfraice, an tír agus chuir siad an chéad concas Moslamach i bhfeidhm; i gceann cúpla bliain bhí an tIoslamachas i réim fud fad mór chuid na leithinse. Go ceann 750 bliain ar aghaidh, bheadh aithne ar an ríocht mar al-Ándalus (an Andalúis), agus i rith an ama sin, agus go leor den chuid eile den Eoraip san Ré Dhorcha, bheadh borradh ilchultúrtha glórmhar, eolaíochta agus ealaíne san Andalúis.

Athghabhadh, de réir a chéile, na ríochtaí Críostaí ó na Múraigh. Thosaigh an athghabháil thart ar 722 AD, le linn éirí amach Don Pelayo, agus ag tosú ón tuaisceart, baineadh a buaicphointe amach nuair a gabhadh Granada sa bhliain 1492. Ins an bhliain 1481, do haontaíodh cúirteanna na Chaistíle agus Aragon, nuair do pósadh Fernando II na hAragóine agus Isabella de Castilla. Faoi stiúradh na beirte sin, "na Monairc Chaitliceacha" mar do tugadh orthu, is gearr go raibh an Spáinn chun tosaigh ar chúmhachtaí eile na hEorpa. Dhá eachtra a tharla fé ndear san, An chéad cheann díobh san na gabháil Ghranada agus dí-chur cúmhacht na Múrach sa Spáinn, mar dá thairbhe sin tháinig an Spáinn go léir fé rialú aon-rí den chéad uair riamh. An dara heachtra ná Fionnachtain na nOileán Indiach Thiar. Sa bhliain 1492 mhaoinigh na monairc Chaitliceacha tionscadal Chríostóir Colambas dul sa tóir ar bhealach trádála nua chun na hÁise, tríd an Aigéan Atlantach, agus, freisin, d'fhógair siad díbirt na nGiúdach. Leis an Domhan Nua a shroicheadh, agus níos déanaí concas Mheiriceá cruthaíodh Impireacht na Spáinne. Le linn na gcéadta bliain ina dhiaidh sin bheadh an Spáinn ina príomhimreoir ar fud domhain an Iarthair agus an chéad cumhacht an uair úd. I rith an 16ú haois agus an 17ú haois bheadh freisin buaicphointe is mó de chultúr agus ealaín na Spáinne, a dtugtar 'Siglo de Oro' (Ré Órga) uirthi.

Sa bhliain 1580, tar éis aontú na leithinse Ibéirí faoi rí Spáinneach amháin, an Rí Pilib II, bhí Meiriceá Theas, Meiriceá Láir, Muir Chairib, limistéir mhóra de Mheiriceá Thuaidh i céimeanna éagsúla tionchar nó smacht, na hOileáin Fhilipíneacha san Áise, chomh maith le hiamhchríocha de thábhacht éagsúla, ar chóstaí na hAfraice agus na hIndia, mar chuid den Impireacht Spáinneach. Freisin bhí sealúchais iomadúla san Eoraip, san Ísiltír Spáinneach, Diúcacht Milano agus Ríocht Napoli, ach cailleadh an chuid is mó acu tar éis Chonradh Utrecht.

Bhí an Spáinn chaitliceach agus impiriúil gafa, linn na tréimhse seo i go leor coinbhleachtaí, go háirithe i gcoinne na hImpireachta Otamánaí, Poblacht Dúitseach, Protastúnaigh, Sasana agus an Fhrainc. Le bás Séarlas II sa bhliain 1700, cuireadh deireadh le Teaghlach Hapsburg na hOstaire a d'fhág bealach ar aghaidh do na Búrbónaigh i ndiaidh Chogadh Comharbais na Spáinne. Bhí an Spáinn ag chailliúint de réir a chéile a ceannas míleata agus tar éis géarchéimeanna i ndiaidh a chéile, go mall, tháinig laghdú ar chumhacht na tíre, agus sa naoú haois déag ba cumhacht den dara-grád í.

 
El tres de mayo de 1808 en Madrid, péintéireacht le Goya, ag taispeáint go moch ar maidin, i ndiaidh éirí amach a raibh an-mheas an phobail air agus a chríochnófaí i gcogaidh dhá chnúsach fir: trúpaí Napoléon réidh le scaoileadh, agus grúpa eile..príosúnaigh neamheagraithe Spáinneacha faoi bhéal gunnaí.

Ar an 2 Bealtaine, 1808, d'ionraigh an Chéad Impireacht Fhrancach de chuid Napoleon Bonaparte an Leithinis, eachtra a chur tús le héirí amach na dtuathánach agus a chríochnófaí i gCogadh Saoirse na Spáinne. Dob é príomhthoradh an chogaidh, tar éis díbirt na bhFrancach sa bhliain 1814 ná go raibh ar an Spáinn páirt a ghlacadh sa Chogadh na Saoirse Mheiriceá Laidinigh. Lean an chéid san ardchathair agus éagobhsaíocht pholaitiúil agus an streachailt idir Liobrálaithe agus lucht tacaíochta an tseanéimis a bheith ina chomhartha sóirt. Idir 1873 agus 1874 bhí an an Chéad Phoblacht ar bun. Ag deireadh an chéid, d'ardaíodh caighdeán maireachtála na meán aicmí le teacht na Réabhlóide Tionsclaí agus an chórais Canovas, a thosaigh ag chomhdhlúthú sna príomhionaid uirbeacha; áfach, an 'Cogadh Spáinn-Mheiriceánach' nó 'Tubaiste an '98', a bhí mar thoradh air cailliúint na gcoilíneachtaí deiridh d'Impireacht na Spáinne, a chrutaigh clampar as cuimse sa tsochaí Spáinneach.

Agus an caighdeán agus an imeasctha leis an gcuid eile den Eoraip i gcónaí ag dul chun cinn, ba léir go raibh éagobhsaíocht pholaitiúil an chéad tríú den fhichiú haois ag dul i méid. I mí Aibreáin 1931, nuair a fógraíodh na toghcháin bhardasacha i bpríomhchathracha na n-iarrthóirí Poblachtach, ar an 14 Aibreán fógraíodh an Dara Phoblacht, theith Rí Alfonso XIII as an tír, d'fhonn cogadh cathartha a sheachaint, a bheadh ann 5 bliana ina dhiaidh sin, i 1936, leis an coup i mí Iúil 1936. Chríochnaigh Cogadh Cathartha na Spáinne sa bhliain 1939 le bua na náisiúnaithe. Bhí an Spáinn neodrach go hoifigiúil sa Dara Cogadh Domhanda; tar éis na tréimhse iarchogaidh, bhí ganntanas agus aonrú idirnáisiúnta i bhfeidhm go mór, ina dhiaidh sin bhí tréimhse d'fhorbairt eacnamaíoch láidir agus oscailteacht áirithe le linn na mblianta ó na 60í go dtí na 70í.

Tar éis bháis Franco, d'aisghabháil monarcacht thraidisiúnta na Spáinne i bhfoirm Cheannasaí an Stáit, an Rí Juan Carlos I, agus ceadaíodh an Bunreacht 1978 le linn na tréimhse ar a dtugtar 'La Transición española' uirthi, a chinntigh éabhlóid de réir a chéile an náisiúin a comhdhlúthú i dtreo na monarcachta agus an daonlathais pharlaimintigh. Chuaifh an Spáinn isteach sa Chophopal Eorpach sa bhliain 1986. D'eagraigh an Spáinn imeachtaí móra idirnáisiúnta, mar shampla, Corn Domhanda FIFA sa bhliain 1982 agus Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh sa bhliain 1992, agus sa bhliain 2002 ghlac an Spáinn an euro mar airgeadra oifigiúil.

Ón Easpáinn go dtí an Spáinn

cuir in eagar

Níl sé soiléir cathain a rinneadh tagairt stairiúil don Spáinnn. Sa séú haois, tá an focal Spáinn liostaithe san 'Historia de regibus Gothorum, Vandalorum et Suevorummar' (Gaeilge:Stair na Ríthe nGotach, Vandalach agus Sueavach) scríofa ag Isidoro de Sevilla san "Laus Spaniae". Tá an téarma sa Spáinnis féin doiciméadaithe sa 11ú haois ag Comhairle Konstanz, nuair gur cosúil gur aontaíodh ríochtaí na Portaingéile, na hAragóine, agus na Caistíle-Navarre ina aonán aonair, "náisiúin na Spáinne".