Sa bhliain 1648, síníodh Síocháin Westfalen agus cuireadh deireadh leis an gCogadh Tríocha Bliain.

Síocháin Westfalen, Conradh Osnabruck
Eoraip sa bhliain 1649

Ar 30 Eanáir 1648, thángthas ar shocrú maidir le téarmaí Shíocháin Münster, trínar thug an Spáinn aitheantas foirmiúil do Phoblacht na hÍsiltíre mar stát neamhspleách. Is é seo an chéad cheann de na conarthaí a rinneadh sa bhliain 1648 ar a dtugtar Síocháin Westfalen i dteannta a chéile.[1]

Bhí caibidlí ar siúl in Osnabrück agus Münster i Westfalen.

Fuair na Sualannaigh airgead, agus smacht ar iarthar Pomerania, Bremen agus Verden, agus fuair na Francaigh Alsace. Cuireadh deireadh le smacht an Impire ar phrionsaí na Gearmáine.

Dlí idirnáisiúntaCuir in Eagar

Meastar go hiondúil gurb é Síocháin Westfalen bunús na bprionsabal go bhfuil na stáit ceannasach agus nach féidir le stát amháin a ladar a chur isteach gnóthaí baile aon tire eile. Is orthusan atá an dlí idirnáisiúnta bunaithe go fóill.[1]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC. "Síocháin Münster" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-30.