Ba é Richard Milhous Nixon (9 Eanáir 1913 - 22 Aibreán 1994) an 37ú hUachtarán na Stát Aontaithe, ó 1969 go dtí 1974. Ba é freisin an 36ú Leasuachtarán, i rith uachtaránacht Dwight D. Eisenhower.

Richard Nixon
Richard M. Nixon, ca. 1935 - 1982 - NARA - 530679.jpg
Ionadaí na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1947 - Nollaig 1, 1950
Jerry Voorhis - Patrick J. Hillings
District: California's 12th congressional district (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1949 - Eanáir 3, 1951
District: California (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Nollaig 4, 1950 - Eanáir 1, 1953
Sheridan Downey - Thomas Kuchel
District: California
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1951 - Eanáir 3, 1953
District: California (en) Aistrigh
36. Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe

Eanáir 20, 1953 - Eanáir 20, 1961
Alben W. Barkley - Lyndon B. Johnson
37. Uachtarán na Stát Aontaithe

Eanáir 20, 1969 - Lúnasa 9, 1974
Lyndon B. Johnson - Gerald R. Ford
Saol
Ainm iomlán Richard Milhous Nixon
Eolas breithe Yorba Linda (en) Aistrigh, Eanáir 9, 1913
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchais An Béarla
Bás Manhattan, Aibreán 22, 1994
Áit adhlactha Richard Nixon Presidential Library and Museum (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (stróc)
Muintir
Athair Francis A. Nixon
Máthair Hannah Milhous Nixon
Céile/Céilí Pat Nixon  (Meitheamh 21, 1940 -  1993)
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma mater Whittier College (en) Aistrigh 1934)
Ollscoil Duke
Duke University School of Law (en) Aistrigh 1937)
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir, státaire, oifigeach míleata, dlíodóir agus dírbheathaisnéisí
Airde 1.8 m
Áit oibre Washington, D.C., Whittier (en) Aistrigh agus La Habra (en) Aistrigh
Duais
Ballraíocht American Legion (en) Aistrigh
Veterans of Foreign Wars (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata United States Navy (en) Aistrigh
Céim lieutenant commander (en) Aistrigh
Throid sé/sí ag An Dara Cogadh Domhanda
Creideamh
Reiligiúin Cumann na gCarad
Páirtithe polaitíochta Páirtí Poblachtach
IMDb nm0633271
nixonlibrary.gov
Richard Nixon Signature.svg

GairmréimCuir in Eagar

Rugadh i gCalifornia é agus, ar dtús, d'oibrigh sé mar dhlíodóir ann.

I 1946, toghadh é go dtí Teach na nIonadaithe in Washington, D.C. agus, mar sin, bhog seisean agus a bhean chéile, Pat, go Washington.

Toghadh Nixon ina uachtarán na Stát Aontaithe i Samhain 1968.

Scannal WatergateCuir in Eagar

Thosaigh scannal Watergate i Meiriceá ar an 17 Meitheamh 1972 nuair a gabhadh cúigear fear a raibh baint acu leis an Teach Bán agus iad i ndiaidh briseadh isteach in oifigí an Pháirtí Dhaonlathaigh. B’oifigigh shinsearacha i rialtas Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán[1].

Tharla sé go raibh an t-uafás eolais mar gheall ar an Pháirtí Daonlathach sa seomra ar briseadh isteach ann. Bhí na buirgléirí ag lorg eolais mar gheall ar Chathaoirleach an Pháirtí Dhaonlathaigh, Lawrence F. O’Brien, ar chúntóir de chuid John F. Kennedy, Lyndon Johnson agus an pháirtí náisiúnta Dhaonlathaigh é ar feadh na mblianta.

Chas feidhmeannach FBI, “Deep Throat” nó Mark Felt, a raibh blianta fada caite aige leis an FBI, le beirt iriseoirí ón Washington Post, Bob Woodward agus Carl Bernstein. Thug sé eolas dóibh.

Ag an am céanna, bhí ar Spiro Agnew, an leasuachtarán i dtrioblóid. I 1973, aimsíodh eolas faoi himghabháil cánach, agus scoir sé.

I 1974, milleadh gairm Nixon nuair a bhí an scannal Watergate i mbéal an phobail. D'éirigh Nixon as oifig ar an 9 Lúnasa 1974.

Ba é Nixon an t-aon uachtarán amháin a d'éirigh as oifig.

VítneamCuir in Eagar

I rith a fheachtais toghchánaíochta, dúirt Nixon go gcríochnódh sé an cogadh i Vítneam, agus go bheireadh sé síocháin san Aigéan Ciúin. Ach níor tharla gach rud díreach mar a dúirt sé.

Mar sin leathnaigh Nixon na cogaidh in Oirdheisceart na hÁise. Ag an am céanna, cuireadh dlús le próiseas na síochána. Ach lean an Cogadh Vítneam ar aghaidh go dtí 1975. Is é Nixon an t-uachtarán a tharraing an tír amach as Cogadh Vítneam.

Faoi bhrú, ní raibh Nixon in ann polasaí comhtháite a chur chun tosaigh. Agus bhí an pobal scoilte go dona faoin gceist.

OidhreachtCuir in Eagar

Ceapadh Gerald Ford mar leasuachtarán. B'é Ford an chéad uachtarán a fuair an post gan bhua i dtoghchán, nuair a d'éirigh Richard Nixon as oifig tar éis scannal Watergate.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Tom Deignan, Beo.ie, Iúil 2005