Spiro Agnew

polaiteoir Meiriceánach

Ba pholaiteoir é Spiro Theodore Agnew (/ˈspɪr ˈæɡnj/; 9 Samhain 1918 – 17 Meán Fómhair 1996). a bhí ina Leas-Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 1969 go 1973 (leasuachtarán de Richard Nixon). Rinne sé imghabháil cánach. Cuireadh faoi smál é agus d'éirigh sé as a phost sa bhliain 1973.[1]

Infotaula de personaSpiro Agnew

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Spiro Theodore Agnew Cuir in eagar ar Wikidata
9 Samhain 1918
Baltimore, Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Meán Fómhair 1996
77 bliana d'aois
Berlin, Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Leoicéime)
Áit adhlacthaDulaney Valley Memorial Gardens (en) Aistrigh, Section 2, Garden of the Last Supper Cuir in eagar ar Wikidata
39 Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe
20 Eanáir 1969 – 10 Deireadh Fómhair 1973
← Hubert HumphreyGerald R. Ford →
Gobharnóir Maryland
25 Eanáir 1967 – 7 Eanáir 1969
← J. Millard TawesMarvin Mandel →
Feidhmeannach de chuid Baltimore County , Maryland
1962 – 1966 – Dale Anderson → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Easpagóideach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Johns Hopkins
Scoil Dlí Ollscoil Baltimore
Forest Park High School (en) Aistrigh
Ollscoil Baltimore Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Suíomh a chartlainne
Eile
CéileJudy Agnew (1942–1996), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh ineamh-chomhlíonadh cánach Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Bealtaine 1974disbarment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú



Musicbrainz: cefadc7c-8229-4ef9-9dd4-e6e063454f62 Songkick: 1935108 Discogs: 589726 Find a Grave: 2383 Cuir in eagar ar Wikidata
1968

I mBaltimore, Maryland a rugadh é. Rinne sé staidéar ar an dlí i Scoil Dlí Ollscoil Bhaile an Tí Mhóir. Bhí sé ina shaighdiúir in Arm SAM sa Dara Cogadh Domhanda. Bronnadh céim air sa bhliain 1947 agus glaodh chun Bharra Maryland air.

Níor éirigh leis mar dhlíodóir ar dtús agus bhí sé ag obair mar imscrúdaitheoir árachais agus mar bhleachtaire siopa sular fhill sé ar an dlí sa bhliain 1952, ag díriú ar dhlí fostaíochta.

 
1970

Chuaigh sé leis an bpolaitíocht trí mheán an Pháirtí Phoblachtaigh, den chuid is mó, de réir cosúlachta, toisc go raibh na deiseanna is fearr chun dul chun cinn ann.

Gobharnóir ar Maryland

cuir in eagar

Tar éis dó a bheith i sraith postanna polaitíochta áitiúla, toghadh ina Ghobharnóir ar Maryland gan choinne sa bhliain 1966 (ar an iomlán, de bharr scoilt sa Pháirtí Daonlathach). Mar sealbhóir oifige sna bruachbhailte agus mar Ghobharnóir, bhí snáithe trína ndearna sé sa pholaitíocht mar gheall ar an neamhréir idir an tacaíocht a thug sé do chearta sibhialta agus an samhnas a chuir modhanna na gluaiseachta cearta sibhialta air (ag teacht leis an tiomantas d'fhógair sé do riail agus reacht).

 
1970

Roimh thart ar mhí Aibreáin 1968 measadh go coitianta gur Phoblachtach liobrálach a bhí ann, ach tharraing sé faomhadh na heite deise sa pháirtí de réir a chéile, mar gheall ar an gcáineadh géar a rinne sé ar ngluaiseacht cearta sibhialta agus ar lucht agóide i gcoinne Chogadh Vítneam agus an bhéim a chuir sé ar riail agus reacht.[1]

Leas-Uachtarán

cuir in eagar

I dtoghcháin 1968, 1970 agus 1972 agus sna idirthréimhsí, bhain An tUachtarán Nixon feidhm as Agnew den chuid is mó chun an eite dheas a mhealladh, go mór mór na toghthóirí bruachbhailteacha a bhí ag éirí ní ba choimeádaí, le teachtaireacht agus le roscaireacht ar fhan Nixon glan go hiondúil.

Thar aon ní eile, tharraing Agnew aird an phobail mar gheall ar an gcáineadh géar a rinne sé ar na meáin i SAM, a raibh claonadh liobrálach acu, dar leis, i gcoinne an riaracháin agus i gcoinne luachanna traidisiúnta Mheiriceá i gcoitinne.[1]

Faoi smál

cuir in eagar
 
Ardeaspag Kakovos agus Agnew

Cuireadh deireadh le Agnew mar pholaiteoir mar gheall ar líomhaintí éillithe a bhaineann lena chuid ama mar Ghobharnóir. Ar an 10 Deireadh Fómhair 1973 ghlac sé leis an gciontú as cúis feileonachta (imghabháil cánach) agus thairg sé éirí as oifig mar Leas-Uachtarán. Mhaígh sé go raibh sé neamhchiontach i ngach cúis ina choinne, ag rá go bhfuil an Teach Bán tar éis iallach a chur air ina phléadáil.

Díbharraíodh é, i mí Bealtaine 1974 agus shaothraigh sé gníomhaíochtaí gnó éagsúla ina dhiaidh sin.

Tá raon tuairimí le cloisteáil maidir le Agnew; tá an dearcadh ann go raibh sé ina cheannródaí de choimeádachais den chineál pobalach géar a shocraigh, ar an iomlán cad is polaitíocht Mheiriceánach ann sa leathchéad bliain ina dhiaidh. Ach tá an bharúil ann nárbh ach giolla bruachbhailteach de chuid an pháirtí é, a ardaíodh, go hamaideach, i bhfad níos faide ná leibhéal na hábaltachta polaitíochta a bhí aige.[1]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, OOBÁC. "Spiro Agnew" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-12-16.