Gealach de chuid Iúpatair í Europa, agus í ar an seachtú satailít is cóngaraí don phláinéad sin. Ceann de Ghealacha Galileo atá ann, is é sin, na gealacha a d'aithin Galileo Galilei roimh aon duine eile sa bhliain 1610. Is í Europa an ceann is lú den cheathrar seo.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochEuropa 
Cineálgealach de chuid Iúpatair agus gnáthghealach
FionnachtaíGalileo Galilei
Simon Marius Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana8 Eanáir 1610, Ollscoil Padua
EapainmEuropa
Réad tuismitheoraIúpatar
Sonraí fithiseacha
Apaipsis676,938 km Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis664,862 km Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a671,100 km
Éalárnacht e0.009
Tréimhse fhithiseach P3.551 d
Claonadh i0.47 ° ↔ Iúpatar
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga1,560.8 km Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)5.29 (banda V) Cuir in eagar ar Wikidata
Mais47.986 Yg[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Meándlús3.013 g/cm³ Cuir in eagar ar Wikidata
Imtharraingt dromchla1.314 m/s² Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.64 Cuir in eagar ar Wikidata
Teocht an dromchla
íosmhéid  meán  uasmhéid
50 K  102 K  125 K[2] Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGealacha Galileo Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Iúpatar, Europa agus Callisto.

Tá sé de chuma ar Europa nach bhfuil ann ach liathróid oighir, ach le fírinne, creideann na saineolaithe go bhfuil fórsaí imtharraingthe Iúpatair agus na ngealach eile ag coinneáil an uisce leáite faoi dhromchla na gealaí seo, ionas gur féidir go bhfuil farraige iomlán istigh ansin. Táthar ag déanamh, fiú, go bhféadfadh miocrorgánaigh a bheith beo san fharraige sin.

Fuair Europa a hainm ó Simon Marius, an réalteolaí Gearmánach a thug le fios gurbh eisean, seachas Galileo, ba thúisce a chonaic an ghealach. Ní raibh na réalteolaithe sásta na hainmneacha a thug Marius ar na gealacha a úsáid, agus ar feadh i bhfad, thugaidís "Iúpatar a Dó" ar Europa, agus iad ag baint úsáide as córas ainmnithe na ngealach a bhí céadcheaptha ag Galileo féin. Mar sin, níor éirigh "Europa" coitianta mar ainm ach san fhichiú haois.

Tá Europa ainmnithe as "Europa", iníon Agenor i miotaseolaíocht na Gréige. B'é rí na Tíre é, mar Agenor. Seanchathair Fhéiníceach í an Tír atá suite i Liobáin an lae inniu. Deirfiúir le Cadmus ab ea Europa freisin - b'é Cadmus a bhunaigh an Téib sa Ghréig.

Tá réigiún ar Europa atá ainmnithe as Conamara in Éirinn - Conamara Chaos. Is é is brí le chaos sa chomhthéacs seo ná réigiún a bhfuil cuma anordúil (chaotic) air.

Tagairtí cuir in eagar