Is dúil cheimiceach é an sileacan. Is é an meáchán adamhach atá aige ná 28.0855 g/mol. Is é dúil uimhir a 14 é, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná . Is miotalóideach é ar dual dó ceithre nasc ceimiceacha a cheangal, agus is é an dara dúil is coitianta i sceall an Domhain. Ní bhíonn sé le fáil sa dúlra i bhfoirm dúile, ach bíonn na sileacáití - clocha ina bhfuil miotal éigin nasctha de na hiain sileacáite, a bhfuil ocsaigin agus sileacan iontu - iontach coitianta sa dúlra. D'fhéadfá a rá gur sileacáit de chineál éigin atá i bhformhór na gcloch. Comhdhúil choitianta sa nádúr í an dé-ocsaíd sileacain freisin, SiO2, nó an tsilice, atá ar fáil sa dúlra i bhfoirmeacha éagsúla cosúil leis an ngrianchloch.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachSileacan

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus púdar inlasta
Sileacan sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachSi
Uimhir adamhach14
Mais adamhach28.085
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p² agus [Ne] 3s² 3p²
Peiriad, Grúpapeiread 3
Dúil Ghrúpa 14
Airíonna fisiceacha
Dlús2.329 kg/m⁻³
Leáphointe2,570
Fiuchphointe4,271
Leictridhiúltacht1.9
Ga ianach0.26 agus 0.4
Stair
AimsitheoirJöns Jakob Berzelius
Fionnachtain1823
EapainmCloch thine

Úsáidtear sileacan glan sa leictreonaic. Is leathsheoltóir é an sileacan, agus is féidir seoltacht leictreach an tsileacain a athrú go mionchruinn trí breiseáin a chur leis - is é sin, tríd an sileacan a "dhópáil", mar a deir an béarlagair. Maidir leis na sileacáití nádúrtha agus an dé-ocsaíd, is féidir gloine, ábhar ceirmeach nó ábhar tógála eile a dhéanamh díobh. Tá sileacan sna plaistigh shileacain, nó Silicone, a chuirtear faoi chíocha na mban le cuma níos cobhsaí a chur orthu, mar shampla.

Déanann an sileacan páirt thábhachtach i meitibileacht na bplandaí, ach ní bhíonn ach iarsmaí de ag teastáil ó na hainmhithe.

Is féidir comhdhúile casta a thógáil ina bhfuil slabhraí d'adaimh shileacain le fáil, ach tríd is tríd, bíonn slabhraí na n-adamh sileacain i bhfad níos laige ná na slabhraí carbóin. Mar shampla, tá na sioláin - SiH4, Si2H6 7rl - níos éagobhsaí ná na comhdhúile analógacha carbóin (na halcáin), agus is dual do na sioláin dul trí thine as a stuaim féin.

Dúil sách támh é an sileacan, ach imoibríonn sé leis na substaintí alcaileacha agus leis na halaiginí. An chuid is mó de na haigéid, áfach, ní féidir leo a dhath a dhéanamh dó, amach ó mheascáin áirithe a bhfuil aigéad nítreach agus fluairíd hidrigine iontu.

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an sileacan: 28Si, arb é an t-iseatóp is cobhsaí (92.23 % de shileacan an dúlra), 29Si (4.67 %) agus 30Si (3.1 %). Tá iarsmaí den iseatóp radaighníomhach úd 32Si ar fáil sa dúlra freisin, nó claochlaíonn an radaíocht chosmach an t-argón go sileacan den iseatóp seo.

Déantar sileacan trí dhé-ocsaíd sileacain a théamh suas go 1,900 °C i stuafhoirnéis leictreach, agus leictreoidí carbóin á n-úsáid leis an stua leictreach a ghineadh. Nuair a bheidh an fhoirnéis sách te, tosóidh an carbón ag dí-ocsaídiú na dé-ocsaíde go sileacan, agus an carbón féin á n-ocsaídiú go dé-ocsaíd agus aonocsaíd carbóin. Fágfar an sileacan leáite thíos in íochtar na foirnéise, agus ansin, draenálfar as an bhfoirnéis é agus ligfear dó fuarú síos. An sileacan seo, tugtar sileacan den ghrád miotalóireachta air, agus bíonn sé 98 % ar íonacht. Má theastaíonn uainn sileacan níos glaine, áfach, is fearr dúinn silice a leá agus a leictrealú.

Tá criostail an tsileacain cosúil leis an diamant, is é sin, tá struchtúr ciúbach éadanláraithe acu.

Tagairtí cuir in eagar