Siopa leabhar neamhspleách atá sa Cheathrú Póilí atá lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál i gCeathrú Gaeltachta Bhéal Feirste. Bunaíodh an tsiopa i 1983.[1] Díolann an tsiopa leabhathaí Gaeilge agus taifeadtí agus uirlisí Ceoil Traidisiúnta Gaelach agus seodra agus ceardaíocht Cheilteach go príomha ach díolann siad na céadtaí leabhar Béarla fá stair agus polaitíocht na hÉireann chomh maith.[2]

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Ceathrú Póilí
Sonraí
Cineálsiopa leabhar neamhspleách
gnó
bríce agus moirtéal Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1983
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinanceathrupoili.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: anceathrupoili Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

1983–2010 cuir in eagar

Bunaíodh An Ceathrú Póilí i 1983 agus bhí sé lonnaithe in Ardscoil Bhéal Feirste. I ndiaidh do thine an Ardscoil a scriosadh i 1984,[3] bhí saol fánaíochta ag an siopa go dtí gur bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i 1991 i sean-Eaglais Phreispitéireach an Bhealaigh Leathan ar Bhóthar na bhFál. Úsáidíodh an t-ionad mar mheánscoil Gaelach, Méanscoil Feirste (ar a dtugtar Coláiste Feirste anois agus atá loinnithe i bPáirc Radharc na bhFeá sa lá atá inniu ann) agus mar spás amharclainne leis an siopa leabhar suite ar an bhunurlár in aice leis An Caifé Glas (ar a dtugtar Bia anois).

2011 - go dtí an lá atá inniu ann cuir in eagar

Rinne athchóiriú ar An Ceathrú Póilí i 2011 agus d'athoscail an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa an Cultúrlann in 2011.[4] Thosaigh an siopa ag díol ar líne i Meán Fómhair 2016. Bíonn seoltaí leabhair a reáchtáil go rialta ann i gcomhar leis na bhfoilsitheoirí Coiscéim, Cló Iar-Chonnacht agus An Gúm .  

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Discover Northern Ireland | Visit Northern Ireland | Tourism NI" (en-GB). Discover Northern Ireland. Dáta rochtana: 2020-09-02.
  2. Guardian Staff (2011-09-30). "Independent bookshops in Northern Ireland" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2020-09-02.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-16. Dáta rochtana: 2020-09-02.
  4. Brendan Deeds (2011-10-11). "The New Cultúrlann" (en). Culture Northern Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-06. Dáta rochtana: 2020-09-02.

Naisc sheachtracha cuir in eagar