Is comharsanacht lucht oibre é den chuid is mó, suite i lár Bhéal Feirste í an Trá Ghearr . Is iamhchríoch náisiúnaíoch agus Chaitliceach den chuid is mó í atá timpeallaithe ag Oirthear Bhéal Feirste atá ina gceantar Protastúnach agus aontachtach den chuid is mó.[1][2][3][4]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Trá Ghearr

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 35′ 53″ N, 5° 54′ 32″ O / 54.598°N,5.909°W / 54.598; -5.909
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) Aistrighceantar Bhéal Feirste
CathairBéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
"Líne shíochána" san Trá Ghearr


Tá an Trá Ghearr suite ar bhruach thoir Abhainn an Lagáin i mbaile fearainn Bhaile Mhic Gearóid, atá mar chuid de Chontae an Dúin. Is iad na teorainneacha atá leis an Trá Ghearr ná Bóthar Dhroichead Albert (ó dheas), Bóthar na Trá Giorra (siar), Bóthar Bhaile Nua na hArda (ó thuaidh) agus Sráid Uí Bhríosáin/Gairdíní Chlann Aodha Buí (soir). Ag cúinne na Trá Giorra soir ó thuaidh tá séipéal Caitliceach Naomh Matha.

Le blianta fada anuas, bíonn Protastúnaigh agus Caitlicigh ag troid go rialta ar imill na Trá Giorra. Bhí círéib fhíochmhar mar thoradh air seo agus, uaireanta, cathanna gunnaí. Bhí go leor den Trá Ghearr timpeallaithe ag línte síochána.[5]


18ú haois

cuir in eagar

Tagraíonn an logainm 'An Trá Ghearr' don chladach abhann a bhíodh ar bhaile fearainn Bhaile Mhic Gearóid, sular míntíríodh an talamh san iarthar i gcéimeanna ón an Lagán le haghaidh úsáide tionsclaíche san 18ú haois. San áireamh anseo bhí na chéad oibreacha gloine sa cheantar, a bhunaigh Benjamin Edwards sa bhliain 1776, a d'úsáid gaineamh ón abhainn freisin chun a ghloine a dhéanamh.

19ú haois

cuir in eagar

Sa 19ú haois, bhog a lán Caitliceach ó Chontae an Dúin go dtí an ceantar.

Trioblóidí na 1920idí

cuir in eagar

Ar an 21 Iúil 1920, tar éis uaireanta imeaglaithe agus foréigin ag Dílseoirí, baineadh formhór na n-oibrithe Caitliceacha agus Sóisialacha go forneartach as a bpost ag longchlós Harland agus Wolff. Lean díbirtí ar feadh roinnt laethanta in áiteanna laistigh de Bhéal Feirste ina raibh roinnt céadta oibrí teicstíle mná [6]. Tar éis na "Shipyard Clearances" (Bánaithe na Longchlós) tharla dianfhoréigean comúnach i gceantar na Trá Giorra ar feadh roinnt blianta, le thart ar 32 duine ón gceantar a chaill a saol thar thréimhse dhá bhliain [7]. Tharla círéibeacha forleathana, creachtaí, díshealbhuithe Caitlicigh as a dtithe agus araile. Ionsaíodh an eaglais Chaitliceach áitiúil (Naomh Maitiú) arís agus arís eile – ar an 25 Lúnasa 1920 tar éis loit agus ionsaithe dóiteáin i mBaile Mhic Gearóid, ar an 22 Samhain 1921 bhí lóiste geata na heaglaise dóite go talamh ag daoscarshlua Dílseach ag uimhriú idir seacht agus ocht gcéad [8] . I Márta 1922, rinneadh ionsaí buamála ar Bhunscoil Naomh Maitiú.

D'ionsaíodh an Strand Bar i dTulach Phoitinséir, ar an 11 Aibreán 1975. Dúnnharaíodh seisear agus gortaíodh 50. Thit an foirgneamh anuas sa mhullach orthu. Bhí Óglaigh Uladh freagrach as an ionsaí.


  1. English, Richard (2004). "Armed struggle: the history of the IRA": 134–135. Oxford University Press US. 
  2. Shanahan, Timothy (2009). "The Provisional Irish Republican Army and the morality of terrorism": 24–25. Edinburgh University Press. 
  3. "'Loyalist victim' was shot by IRA crossfire". The Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 Eanáir 2010. Dáta rochtana: 23 Nollaig 2024.
  4. "Reid talks to republican and loyalist leaders in bid to stop Belfast rioting". The Independent.
  5. "PHOTOS: 'I Haven't Met Anybody in the Area Who Actually Wants to Take the Walls Down'" (en-US). “Short Strand, a small Catholic enclave in Eastern Belfast, is completely surrounded by walls separating it from the Protestant areas.”
  6. Parkinson, Alan F. (2004), Belfast's Unholy War, Four Courts Press, pgs 33-34, ISBN 1-85182-792-7
  7. Parkinson, pg 42
  8. McDermott, Jim, (2001), Northern Divisions The Old IRA and the Belfast Pogroms 1920–22, BTP Publications, Belfast, pgs 52 & 127, ISBN 1-900960-11-7