Timpeall 2,000 duine a chónaíonn sa cheantar Carn Tóchair[1][2] / Sleacht Néill, atá ag bun Shliabh Charn Tóchair,[3] idir Machaire Rátha agus Dún Geimhin, suite i gCeantar Lár Uladh i gcontae Dhoire.[4] Tugtar An Carn, nó Carntogher i mBéarla, ar an áit agus tá stádas toghlimistéar aige.[5]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCarn Tóchair

Suíomh

Téann an A6, idir Béal Feirste agus Doire, siar trí Bearna Ghleann Seáin[6] sna sléibhte.

Carn mullaigh ón clochaois, timpeall 3,000 - 4,000 R.C.
"Old Coach Road"

Stair cuir in eagar

Tá carn mullaigh ón clochaois, timpeall 3,000 - 4,000 R.C., ar bharr Shliabh Charn Tóchair.

Bhí an Ghaeilge láidir go maith i gCarn Tóchair agus sna ceantair mháguaird go dtí tús an 20ú haois.

Bóthar Shleacht Néil,[7] 365m
Sliabh Speirín (na Speiríní)

Forbairt cuir in eagar

Is ag iarraidh dul i ngleic le deacrachtaí eacnamaíochta agus sóisialta a bhí Coiste Forbartha Charn Tóchair ar dtús nuair a bunaíodh é ag tús na 1990idí. Ag an am sin, ní raibh mórán deiseanna tithíochta fa choinne daoine sa cheantar, ní raibh mórán áiseanna fa choinne teaghlaigh óga. Bhí cúrsaí eacnamaíochta go holc.[8][9][10]

Cuireadh Coiste Forbartha Charn Tóchair ar bun ar an 8 Eanáir 1992. Glacadh an deis go luath an nasc a dhéanamh le cúrsaí teanga agus cultúir. [11]

Tá pobal áitiúil dlúth ann, ina bhfuil cumann CLG, Sleacht Néill.

Gaeilge cuir in eagar

A bhuíochas le Coiste Forbartha Charn Tóchair, tá an ceantar aitheanta mar cheann de na ceantair iar-Ghaeltachta is láidre in Éirinn ó thaobh na teanga. Tá Carn Tóchair anois ar an t-aon cheantar tuaithe ar éirigh leis stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach faoin bpróiseas pleanála teanga.[8]

Bunaíodh an chéad naíscoil sa cheantar i 1993 agus tháinig an chéad Ghaelscoil go luath ina dhiaidh sin. Inniu tá trí naíscoil sa cheantar agus 180 páiste ag freastal ar an mBunscoil Naomh Bríd, in aice le ceantair Shleacht Néill. Tá na páistí in ann dul ar aghaidh ón mbunscoil go dtí Gaelcholáiste Dhoire, scoil dara leibhéal a bhfuil níos mó ná 350 páiste ag freastal uirthi.[8]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Seoladh Carnlann in 2024, bailiúchán de phictiúir agus earraí cuimneacháin é a thugann léargas ar stair agus oidhreacht na háite.[9][10]

Tagairtí cuir in eagar

  1. ancarn.org. "Fúinn" (ga-IE). An Carn. Dáta rochtana: 2024-01-04.
  2. Coiste Forbartha Charn Tóchair. "An Carn". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2024-01-04.
  3. "Carn Tóchair/Carntogher" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-01-04.
  4. "Ba chóir ‘Carn Tóchair’ a bheith i ngach contae sa tír – polasaí Gaeilge nua molta ag coiste Oireachtais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-10-18). Dáta rochtana: 2024-01-04.
  5. "Mid Ulster District Council Elections". www.ark.ac.uk. Dáta rochtana: 2024-01-04.
  6. "Bearna Ghleann Seáin/Glenshane Pass" (en). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-03-26.
  7. Slaughtneil Road
  8. 8.0 8.1 8.2 Bhí seachtar páistí sa chéad bhliain sin i mBunscoil Luraigh i Machaire Rátha
  9. 9.0 9.1 "Carnlann- ag ceiliúradh 30 bliain de Choiste Forbartha Charn Tóchair < Meon Eile" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-04-03.
  10. 10.0 10.1 Meon Eile (2024-04-02). "An Carn @ 30 ar Vimeo" (as ga-IE). 
  11. Pádraic Ó Ciardha (22 Márta 2024). "‘Tá sé millteanach tábhachtach go bhfeicfeadh an t-aos óg tábhacht na teanga’ – fás na Gaeilge i gCarn Tóchair le ceiliúradh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-26.