Is baile é Machaire Rátha (Béarla: Maghera; Albainis: Machera) atá lonnaithe i gContae Dhoire, Cúige Uladh, Éire. I ndaonáireamh 2011 bhí daonra 4,220 ann,[1] méadú ó dhaonra 3,711 i ndaonáireamh 2001.[2] Tá sé suite i gCeantar Lár Uladh, chomh maith le paróiste sibhialta Mhachaire Rátha, a ainmníodh ina dhiaidh, agus iar-bharúntacht Loch Inse Uí Fhloinn.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMachaire Rátha

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°50′40″N 6°40′24″W / 54.844577°N 6.673381°W / 54.844577; -6.673381
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Dhoire Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT46 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Téann stair an bhaile siar go dtí an 6ú haois ar a laghad go dtí an mhainistir a bhunaigh Naomh Lurach, a thug Naomh Pádraig chun na Críostaíochta. Bhí suíochán Chenél nEoghain ag Ráth Luraigh i Machaire Rátha, dár le hAnnála Uladh. Tá an seaneaglais agus an eaglais Anglacánach i Machaire Rátha ainmnithe i ndiaidh Naomh Lurach.[3]

Ba lonnaíocht de chuid coilínigh Albannacha a bhí insan bhaile insan 17ú haois agus bhí aighneas eatarthu agus na daoine dúchasacha. Mar shampla, ar an 12 Iúil 1830, mar thoradh ar mháirseálacha de chuid na Fir Bhuí bhí coimhlint idir Fir Buí agus Ribínigh i Machaire Rátha agus ar an tSeanmhullach. Dhó Protastúnaigh roinnt tithe Caitliceacha i ndiaidh na troideanna seo.[4]

Na Trioblóidí cuir in eagar

D’fhulaing Machaire Rátha foréigean suntasach le linn na dTrioblóidí. Maraíodh ceathrar déag san iomlán,[5] leath acu ina mbaill d'fhórsaí na Breataine agus beirt eile mar thoradh ar bhallraíocht teaghlaigh i Reisimint Cosanta Uladh. Bhí Óglaigh na hÉireann freagrach as deich gcinn de na básanna.

Rialachas cuir in eagar

Tá an baile mar chuid de Chomhairle Ceantair Lár Uladh. Tá sé suite i dtoghcheantar Charn Tóchair ina bhfuil na ceantaracha Gleann Shéain Íochtarach, Baile an tSuaitrigh, Tamhlacht Uí Chroiligh, An Gleann agus Machaire Rátha.[6] I dtoghcháin áitiúla 2022, thogh Carn Tóchair ceathrar comhairleoir ó Shinn Féin agus comhairleoir amháin ón DUP chuig an chomhairle.

 
Eaglais Chaitliceach Naomh Muire, Machaire Rátha

Áiteanna atá inspéise cuir in eagar

 
Sean-Eaglais Naomh Lurach

I measc na bhfoirgneamh suntasacha i Machaire Rátha tá Eaglais Naomh Lurach, a bunaíodh sa bhliain 500AD, mar mhainistir ar dtús. D’fhás an baile thart ar an tséipéil seo. Bhí tábhacht na mainistreach chomh mór sin go raibh suíochán an easpaig i Machaire Rátha sa darna agus sa tríú haoiseanna déaga. Rinne na Lochlannaigh ruathar ar an Eaglais, áfach, agus chuaigh sí i léig. Tá sí anois faoi chúram an tSeirbhís Oidhreachta agus Comhshaoil. Laistigh de na fothracha, mar ionsuiteán ar an bhalla thiar, tá dealbh den chéasadh, a cheaptar a tháinig ón 10ú haois - rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar cheann de na léirithe is luaithe den chéasadh a mhaireann in Éirinn. Is é Naomh Lurach naomh an bhaile. Tá an muileann línéadaigh is sine in Éirinn, comhlacht William Clark & Sons a bunaíodh i 1736, sa bhaile.[7]

 
Eaglais na hÉireann, Machare Rátha

Eaglaisí cuir in eagar

In eaglais Chaitliceach Naomh Pádraig, tá cloch chinn a dhéanann cuimhneamh ar an líon mór daoine a fuair bás sa pharóiste le linn an Ghorta ann.

I dteach pobail Eaglais na hÉireann Naomh Lurach, tá leac cuimhneachán ann tiomnaithe do dhaoine áitiúla a fuair bás sa dá chogadh domhanda. Tá plaic práis san eaglais Phreispitéireach i gcuimhne orthu siúd a rinne seirbhís le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Tá cuimhneacháin ag an dá eaglais Phrotastúnacha do dhaoine áitiúla. Tá cuimhneacháin san eaglais Anglacánach i gcuimhne ar Alan Clark (UDR) agus John Proctor (RUC).[5]  

Iompar cuir in eagar

Osclaíodh stáisiún iarnróid Mhachaire Rátha ar an 18 Nollaig 1880, dhruid sé do thrácht paisinéirí ar an 28 Lúnasa 1950 agus dhruid sé go hiomlán ar an 1 Deireadh Fómhair 1959.[8]

 
Scioból Earraí Mhachaire Rátha, anois ag stáisiún iarnróid Dhún Phádraig ar Iarnród Dhún Phádraig agus Contae an Dúin.

Gaeilge cuir in eagar

A bhuíochas le Coiste Forbartha Charn Tóchair, tá an ceantar Carn Tóchair aitheanta mar cheann de na ceantair is láidre in Éirinn ó thaobh na teanga.[9]

Daoine cuir in eagar

1700í cuir in eagar

1800í cuir in eagar

1900í cuir in eagar

  • Rugadh Eve Bunting (1928–), údar leanaí, i Machaire Rátha ach chuaigh sí ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe.
  • John Kelly (1936–2007), polaiteoir Shinn Féin; rugadh i mBéal Feirste é ach bhog sé go Machaire Rátha.

Scoileanna cuir in eagar

Tá trí bhunscoil beárla, Gael-bhunscoil amháin agus meánscoil amháin i Machaire Rátha.

Bunscoileanna cuir in eagar

  • Bunscoil Naomh Bríd, Tír Chiana
  • St Mary's Primary School, Radharc An Ghleanna
  • Maghera Primary School, Bóthar an Stáisiún
  • St Patrick's Primary School, An Ghleann

Meanscoileanna cuir in eagar

Spórt cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. GTÉST. "Census 2011 Usually Resident Population: KS101NI - Table view".
  2. GTÉST. ""Census 2001 Usually Resident Population: KS01 (Settlements) - Table view"". Dáta rochtana: 02 Eanáir 2021.
  3. "Maghera Parish Church". Dáta rochtana: 02 Eanáir 2021.
  4. Fionnuala McKenna (02 Meitheamh 2019). "Parades and Marches - Chronology 2: Historical Dates and Events". Conflict Archive on the Internet. Dáta rochtana: 2 Eanáir 2021.
  5. 5.0 5.1 "Shocking 1981 murder of new father John Proctor" (en-GB). BBC News (2010-09-27). Dáta rochtana: 2024-01-04.
  6. Comhairle Ceantair Lár Uladh. "Councillors". Dáta rochtana: 02 Eanáir 2021.
  7. The Maghera and District Genealogical & History Society, accessed 3 July 2017
  8. "Irish Railways". Railscot – Irish Railways. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-08-13.
  9. "Ba chóir ‘Carn Tóchair’ a bheith i ngach contae sa tír – polasaí Gaeilge nua molta ag coiste Oireachtais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-10-18). Dáta rochtana: 2024-01-04.

Naisc sheachtracha cuir in eagar