Eolaíocht a bhaineann le giniúint, forleathadh, feidhmiú is braitheadh fuaime, agus lena frithchaitheamh is a hionsú. Le dearadh agus tógáil gléasanna ceoil a bhaineann fuaimíocht ceoil. Pléann fuaimíocht ailtireachta le conas is féidir forleathadh fuaime — ceol nó guth an duine — a rialú i seomraí, stiúideónna is hallaí éisteachta, ar an tuiscint gur saghas gléas ceoil é seomra léirithe. I bhfuaimíocht innealtóireachta, pléitear le dearadh is déanamh córais taifeadta is athsheanma fuaime: micreafóin, aimplitheoirí, callairí is eile. Bíonn an fuaimeolaí comhshaoil ag sracadh le fothrom, ag iarraidh é féin, an truailliú comhshaoil uaidh, agus an baol do dhaoine uaidh a laghdú. Tagann sonóir is ultrafhuaim agus a n-úsáidí san áireamh freisin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuaimíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 292.