Is é Bòrd na Gàidhlig an comhlacht neamhrannach poiblí de chuid Rialtas na hAlban atá freagrach as Gaeilge na hAlban a chur chun cinn.[1] Bunaíodh é sa bhliain 2005 le hAcht de chuid Pharlaimint na hAlban (a tháinig i bhfeidhm go luath in 2006) agus tá sé lonnaithe in Inbhir Nis.

Bosca Sonraí EagraíochtaBòrd na Gàidhlig
Sonraí
Cineálcomhlacht neamhrannach poiblí
rialálaí teanga Gaeilge na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh13 Feabhra 2006
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe23 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deRialtas na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáingaidhlig.scot Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: bordnagaidhlig Twitter: bordnagaidhlig Instagram: bordnagaidhlig Cuir in eagar ar Wikidata

Struchtúr cuir in eagar

Tá ochtar ar an mbord stiúrtha, in éineacht le cathaoirleach (cathraiche) amháin. Tugann an bord stiúrtha “ceannaireacht, treorú, tacaíocht, agus comhairle” don Bhòrd agus don fhoireann a chuireann obair an Bhòrd i ngníomh ó lá go lá. Is é an ceannard (príomhfheidhmeannach) atá i gceannas ar an bhfoireann.[2]

Stair cuir in eagar

In 2006, ceapadh Bòrd na Gàidhlig mar an comhlacht atá freagrach as Acht na Gàidhlig 2005 a chur i bhfeidhm, go sonrach, mar atá sé leagtha amach san Acht, “stádas na Gàidhlig a dhaingniú mar theanga oifigiúil de chuid na hAlban a bhfuil meas uirthi ar aon chéim le Béarla”. [3] Tá an Bòrd ina chuid lárnach de straitéis Rialtas na hAlban ar son na Gàidhlig faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Cathraichean (Cathaoirligh) cuir in eagar

Ceannardan (Príomhfheidhmeannaigh) cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar