Ulster Scots flag.gif

Teanga Gearmáinice nó canúint, de chuid an Bhéarla nó na hAlbainise, í an Ultais (ainmneacha eile a chonacthas ar na meáin Ghaeilge is ea iad Albainis Uladh agus an UIlainnis) a labhraítear go príomha i gceantair thuaithe in oirthuaisceart an Dúin, i gContae Aontroma, in oirthear Chontae Dhoire agus in oirthear Dhún na nGall. Is léir go bhfuil an t-ainm "Ultais" bunaithe ar an ainm "Ullans" (a chum an polaiteoir Aontachtach Ian Adamson sna 1980idí. Tugann cainteoirí traidisiúnta "Scotch" ar a gcanúint.

Ulster-Scots speakers in the 2011 census in Northern Ireland.png

StairCuir in Eagar

De ghnáth aithnítear cúig chanúint san Albainis, .i. Albainis Lárnach, Albainis an Tuaiscirt (a dtugtar "Doric" uirthi in amanna), Albainis na nOileán (Inse Orc agus Sealtainn), Albainis an Deiscirt, agus Albainis Uladh nó an Ultais. Is í Albainis Lárnach an chanúint a úsáideann dhá thrian de na cainteoirí. Scríobh an chuid is mó de na mórscríbhneoirí Albainise sa chanúint seo fosta, mar shampla, Allan Ramsay, Robert Fergusson, Robert Burns, agus R. L. Stevenson. Tá cás i bhfad níos láidre ag Albainis na nOileán agus Albainis an Tuaiscirt a bheith aitheanta mar theangacha ar leith ná atá ag Albainis Uladh.

Má ghlactar leis an Ultais mar theanga ar leith, is féidir a rá gur teanga Gearmáinice atá ann, cosúil leis an mBéarla, an Ollainnis, an Ghearmáinis agus na teangacha Lochlannacha. Mar sin, tá sí cosúil leo ar go leor bealaí.

Bhí an Albainis á labhairt i gcúirt Ríocht na hAlban ón 14ú haois go dtí an 17ú haois (ba é Séarlas II an rí deireanach a raibh blas Albanach aige). Tháinig an teanga go hÉirinn in aimsir na bPlandálacha, ach tháinig an grúpa is mó le linn na 1690idí, am a raibh gorta in Albain.

StadásCuir in Eagar

Is cineál nó leagan réigiúnach den Albainis í an Ultais agus sainmhínítear í i reachtaíocht feidhmithe Chomhaontú Bhéal Feirste (Aoine an Chéasta) mar “an cineál Albainise a fhaightear i gcodanna de Thuaisceart Éireann agus i nDún na nGall”.

Aithníonn an Biúró Eorpach um Theangacha Neamhfhorleathana Albainis na hAlban agus an Ultais araon mar theangacha mionlaigh.

Fuair an dá leagan den Albainis a lán focal ar iasacht ó Ghaeilge na hAlban, ach is léir nach teangacha Gaelacha iad. De réir taighde a rinne Derrick McClure i 1995 agus Caroline Macafee i 1997, is focail Cheilteacha iad 0.8% de na focail san Albainis (d'fhéadfadh an figiúr seo a bheith rud beag ní b'airde i gcás na hUltaise).

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar