Nasctheanga is ea an teanga Tok Pisin agus í á labhairt go forleathan i Nua-Ghuine Phapua. Tá an teanga seo bunaithe ar an mBéarla ("talk business" -> "tok pisin"), ach ós rud é go ndeachaigh teangacha bundúchasacha na háite an oiread sin i bhfeidhm ar an mblúirín Béarla seo, is ar éigean is féidir leis an mBéarlóir an teanga Tok Pisin a thuiscint gan í a fhoghlaim agus a staidéar mar a bheadh teanga neamhghaolmhar iasachta ar fad ann.

Infotaula de llenguaTok Pisin
Tok pisin agus Tok Pisin

Cineálteanga, fásteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais122,000 (2004)
Dúchasach doNua-Ghuine Phapua
StáitNua-Ghuine Phapua
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
pidsean nó criól
fásteanga
English-based creole languages (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-2tpi
ISO 639-3tpi
Glottologtokp1240
Ethnologuetpi
ASCL9504
IETFtpi

Glactar leis go labhraíonn cúig nó sé mhilliún duine an teanga seo go tráthrialta, ach níl sí chomh líofa céanna ag cách. Ar dtús ní raibh inti ach gléas cumarsáide idir daoine nárbh ionann a dteanga dhúchais, ach is iomaí páiste a fhoghlaimíonn an teanga seo ón gcliabhán inniu - is é sin tá an Tok Pisin ag iompú ina fásteanga. Sna cathracha is mó a labhraítear Tok Pisin mar phríomhtheanga, sin nó i measc na bpóilíní agus na saighdiúirí. Is dócha go bhfuil thart ar aon mhilliún amháin de dhaoine ag labhairt Tok Pisin mar theanga dhúchais, agus is minic nach bhfoghlaimíonn siad aon teanga áitiúil nó tok ples (< "talk" agus "place" an Bhéarla) ach amháin mar thríú teanga (i ndiaidh Tok Pisin agus an Bhéarla). Mar sin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an Tok Pisin ag cur brú ar theangacha bundúchasacha Phapua. Ón taobh eile de, tá an Tok Pisin féin ag fáiltiú focail iasachta agus struchtúir ghramadaí nó comhréire ón ngnáth-Bhéarla agus ag dul chun cosúlachta leis.

Tagairtí cuir in eagar