Is teanga Ghearmáinice Thuaidh í an Íoslainnis (íslenska) a labhraítear don chuid is mó san Íoslainn, tír ina bhfuil sí ina teanga oifigiúil. Thairis sin, tá pobail bheaga á saothrú in áiteanna i gCeanada.

Íoslainnis
(íslenska)
Á labhairt: An Íoslainn, Manitoba (Ceanada)
Réigiún: An Íoslainn
Cainteoirí san Iomlán: 300,000
Rang: -
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Gearmáinic
  Gearmáinic Thuaidh
   Lochlainnis Thiar
    Íoslainnis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: An Íoslainn
Foras Pleanála Teanga: Íslensk málstöð
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 is
ISO 639-2 isl
ISO 639-3 isl
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

StairCuir in Eagar

Is í an tSean-Íoslainnis, teanga Lochlannach a labhraíodh agus scríobhadh sna Meánaoiseanna, sinsearach na Nua-Íoslainnise. Go stairiúil, is as iarthar na hIorua a tháinig formhór na lonnaitheoir a chuaigh ar imirce chun na hÍoslainne. Mar sin, bhí an tSean-Íoslainnis agus an tSean-Ioruais an-chosúil lena chéile, agus is iad canúintí iarthar na hIorua na leaganacha Lochlannacha is gaolmhaire leis an Íoslainnis sa lá atá inniu ann, lasmuigh den Fharóis. Mar sin féin, toisc í a bheith scoite ó leaganacha na Mór-roinne, is ar éigean a d’athraigh gramadach na hÍoslainnise le linn na mílaoise ó shin, go háirithe ó thaobh na moirfeolaíochta de. Inniu, tá an Íoslainnis i bhfad níos cosúla leis an tSean-Lochlainnis a bhí á labhairt ag na hUigingigh a lonnaigh an t-oileán míle bliain ó shin ná leis na teangacha nua-aoiseacha eile i gCríoch Lochlann.

Téann traidisiún liteartha na hÍoslainnise siar go dtí na Meánaoiseanna, agus is beag difríocht is féidir a aithint idir Íoslannis na tríú haoise déag agus Íoslainnis an lae inniu, ó thaobh na teanga scríofa ar a laghad. Mar sin, bíonn cainteoirí ábalta an tseanlitríocht a léamh, cé go n-úsáidtear nótaí le ciall a bhaint as an gcomhthéacs cultúrtha de ghnáth.

GramadachCuir in Eagar

Tá gramadach ar leith ag an Íoslainnis i gcomparáid leis na teangacha Gearmáinice nua-aimseartha eile, go háirithe nuair a áirítear cé chomh saibhir agus atá a moirfeolaíocht ainmfhoclach agus bhriathartha. Is teanga an-infhillte í, a bhfuil ceithre thuiseal aici: ainmneach, cuspóireach, tabharthach agus ginideach. Tá trí inscne aici, a aithnítear thar a chéile iad san uimhir iolra chomh maith leis an uimhir uatha: firinscne, baininscne agus neodar. Don chuid is mó, marcáiltear na catagóirí seo go soiléir ar ainmfhocail, aidiachtaí agus forainmneacha, de ghnáth i bhfoirm iarmhíreanna infhillte ag deireadh na fréamhfhoirme atá i gceist, mar a léirítear sna táblaí thíos:

FJÖRÐUR "caolsáile, fiord" (firinscneach)

uatha iolra
ainmneach fjörður firðir
cuspóireach fjörð firði
tabharthach firði fjörðum
ginideach fjarðar fjarða

ÁÆTLUN "amchlár, sceideal, plean" (baininscneach)

uatha iolra
ainmneach áætlun áætlanir
cuspóireach áætlun áætlanir
tabharthach áætlun áætlunum
ginideach áætlunar áætlana

HÚS "teach" (neodrach)

uatha iolra
ainmneach hús hús
cuspóireach hús hús
tabharthach húsi húsum
ginideach húss húsa

NaiscCuir in Eagar


Vicipéid le fáil as An Íoslainnis freisin