Osclóidh seo an príomhroghchlár

Teanga Gearmáinice is ea an Albainis nó an Lallainnis (is é an chéad téarma an ceann is minicí a úsáidtear inniu, ach is é an téarma úd Lallainnis a bhí i gCiste Cúrsaí Reatha; Scots an t-ainm sa teanga féin) a labhraítear in Albain agus i gCúige Uladh. Tugtar Lallainnis uirthi i bhfoinsí áirithe Gaeilge chomh maith. Is é an t-ainm a úsáidtear i nGaeilge na hAlban ná a' Bheurla Ghallda, is é sin, "an Béarla Gallda". Inniu, úsáidtear an téarma Albainis Uladh go hoifigiúil le tagairt don chineál Albainise a labhraítear i gCúige Uladh, go háirithe i dTuaisceart Éireann.

Albainis/Lallainnis/"Béarla Gallda"
(Scots)
Á labhairt: Albain, Tuaisceart Éireann, Poblacht na hÉireann, Sasana
Réigiún: Galltacht Alban, Gallaibh, na hOileáin Thuaidh, Cúige Uladh
Cainteoirí san Iomlán: 200,000[1]
Rang: -
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Gearmáinic
  Gearmáinic an Iarthair
   Iarthair
    Sean-Shasainis
     Albainis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: -
Foras Pleanála Teanga: -
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1
ISO 639-2 sco
ISO 639-3 sco
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is deacair a rá, cé acu teanga inti féin nó canúint de chuid an Bhéarla í an Albainis. Ón taobh amháin de, glactar leis gur ceann de sheanchanúintí an Bhéarla í an Albainis, ach tá canúintí traidisiúnta seanbhunaithe dá cuid féin ag an Albainis chomh maith. Is féidir dearcadh ar an Albainis freisin mar chuid den Bhéarla mar a labhraítear in Albain é, ach tá sí an-difriúil le Béarla na hAlban, is é sin, an leagan den Bhéarla Chaighdeánach a chleachtaítear in Albain.

Maidir leis na cainteoirí dúchais, is é an t-ainm is minicí a thugann siad ar an teanga ná Scotsbraid Scots - is ionann braid agus broad an Bhéarla chaighdeánaigh. Is minic nach dtugann siad "Scots" ar a bhfuil á labhairt acu, ach ainmneacha cosúil le DoricBuchan Claik - is é sin, ainm na canúna cúinge. Ainm seanfhaiseanta é Scotch, ach chluinfeá sa chiall seo é an chorruair in Éirinn. Tá an t-ainm Lallans bunaithe ar Lowlands an Bhéarla, agus bhain scríbhneoirí an leabhair úd Ciste Cúrsaí Reatha úsáid as an leagan Gaeilge Lallainnis. Ainm é a d'fheicfeá ag scríbhneoirí Albanacha cosúil le Robert Burns agus Robert Louis Stevenson, cuir i gcás.

They took nae pains their speech to balance,
Or rules to gie;
But spak their thoughts in plain, braid lallans,
Like you or me.

Sa sliocht seo, is léir gurb é an chiall atá á cur in iúl leis an bhfocal Lallans ná "caint na ndaoine", "canúint na ndaoine simplí", seachas aon chineál teanga liteartha nó chaighdeánaithe: "Níor bhuair siad a gcloicne le gramadach ná le rialacha na teanga, ach labhair siad an rud a bhí ar a n-intinn i gcaint shimplí na ndaoine cosúil leat féin nó liomsa." (Robert Burns)

Nuair a thosaigh athbheochan na hAlbainise i dtús na fichiú haoise, baineadh úsáid as an bhfocal Lallainnis nó Lallans le tagairt don "Albainis shintéiseach" a bhí ag teacht ar an bhfód san am - is é sin, teanga liteartha a bhí curtha i dtoll le chéile as focail chanúnacha chomh maith le focail a tháinig as seanlitríocht na hAlbainise.

Clár ábhair

StairCuir in Eagar

Go dtí an 15ú haois, b'ionann Scottis agus Gaeilge na hAlban, agus lucht labhartha na hAlbainise ag tabhairt Inglis ar an teanga a bhí acu féin. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh sé coitianta Erse, is é sin, teanga na hÉireann, a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban, agus an t-ainm ScottisScots ag tagairt don Albainis feasta.

Ón tseachtú haois ar aghaidh, bhí seanchanúint Nortumbrach an Bhéarla á labhairt in Oir-Dheisceart na hAlban. Bhí an teanga teorannaithe don cheantar seo go dtí an 13ú haois, a fhad agus a bhí Gaeilge na hAlban á labhairt i gcúirt Rí na hAlban. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh an teanga in úsáid i mbuirgeanna na hAlban. Is éard a bhí i gceist leis na buirgeanna ná sórt cathracha a bhí curtha ar bun ag Dáibhí Mac Maol Coilm (Dáibhí a hAon), agus é ina Rí ar Albain sna blianta 1124-1153. An meas a bhí ag na daoine ar an Albainis mar theanga, chuaigh sé i méadaíocht, go háirithe nuair a bhí an Fhraincis ag imeacht go tiubh. Mar sin, bhí an Albainis á labhairt go forleathan i gcuid mhór d'Oirthear na hAlban ón 14ú haois ar aghaidh.

Mar sin, tá an Albainis bunaithe ar na canúintí a bhí á labhairt sa Nortumbarlainn sna Meánaoiseanna. Cosúil le canúintí na Nortumbarlainne, bhí sí breac le hiasachtaí Fraincise agus Lochlainnise. Níos deireanaí, fuair an Albainis focail ar iasacht ón Íseal-Ghearmáinis agus ón Ollainnis, ó bhí muintir na hAlban ag trádáil le mairneálaigh ó thuaisceart na Gearmáine agus ón Ísiltír. Fuair an Albainis cuid mhór focal ón nGàidhlig chomh maith, ní nárbh ionadh. Go háirithe na téacsaí dlíthiúla ó na Meánaoiseanna, tá siad breac le hiasachtaí Gàidhlig.

StádasCuir in Eagar

Sa bhliain 1707, chuaigh Sasana agus Albain le chéile in aon ríocht aontaithe amháin. Roimhe sin, b'é an meas a bhí ag na daoine ar an Albainis sa dá thír gur teanga ar leith a bhí i gceist leis an Albainis. D'imigh sin, áfach, agus tháinig seo: inniu, is minic a labhraíonn na hAlbanaigh canúintí atá idir eatarthu idir an chanúint Albanach agus an Béarla caighdeánaithe. Bíonn na hAlbanaigh ábalta, ina lán cásanna, códmhalartú a dhéanamh ó Bhéarla caighdeánaithe go canúint Albanach, de réir mar a theastaíonn uathu. Contanóid atá ann, agus níl sé furasta teorainn shoiléir a shocrú idir "Albainis faoi thionchar an Bhéarla" agus "Béarla faoi thionchar na hAlbainise", ná a rá, cé acu canúintí de chuid Bhéarla na hAlban nó canúintí de chuid na hAlbainise atá i gceist le caint na ndaoine in Albain an lae inniu.


TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar