Is é Béarla na hAlban nó an Béarla Albanach an cineál Béarla a shaothraítear go hoifigiúil in Albain. Ba chóir gan é a thógáil in ainriocht na hAlbainise, ar a ndearctar mar theanga ar leith, cé nach bhfuil aici ach ról na canúna i sochaí na hAlban. Maidir leis an mBéarla a chleachtaítear in Albain, is ionann, beagnach, é agus Béarla caighdeánaithe na Bainríona, cé go n-úsáidtear focail áitiúla - téarmaí dlí agus focail iasachta ón Albainis - go minic sna meáin chumarsáide in Albain.

Infotaula de llenguaBéarla na hAlban

Cineálcanúint
Canúint naBéarla
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinic an Iarthair
an Angla-Fhreaslainnis
Anglic (en) Aistrigh
Béarla
Cóid
Glottologscot1244
IETFen-scotland

Focail tipiciúla Albanacha iad outwith (in áit outside), pinkie a chiallaíonn "an mhéar bheag", wee in áit tiny sa chiall "beag bídeach". Sampla de na téarmaí dlí nach n-úsáidtear ach in Albain is ea é proven (in áit proved) san abairtín not proven.

Tagairtí cuir in eagar