Polaiteoir Meiriceánach is ea Eric Leroy Adams a rugadh ar 3 Meán Fómhair 1960. Iar-phóilín, iaruachtarán Bhuirg Brooklyn, agus 110ú méara Chathair Nua-Eabhrac é.

Infotaula de personaEric Adams

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meán Fómhair 1960
63 bliana d'aois
Brownsville, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Méara Nua Eabhrac
1 Eanáir 2022 –
← Bill de Blasio
Ball de Sheanad Stáit Nua-Eabhrac
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síJohn Jay College of Criminal Justice (en) Aistrigh
Coláiste Marist
New York City College of Technology (en) Aistrigh
New York City Police Academy (en) Aistrigh
Ardscoil Bayside Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheFort Lee
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Nua-Eabhrac
Albany, Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, garda Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirNew York City Transit Police (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Céim mhíleatapolice captain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


IMDB: nm2239845 Facebook: EricAdamsforNYC Twitter: ericadamsfornyc Instagram: ericadamsfornyc Youtube: UCHjQwVruB4ZBuCr1A8NMWQA Flickr: 192661754@N03 Cuir in eagar ar Wikidata

Chaith Adams breis is 20 bliain leis an bpóilíneacht i gCathair Nua-Eabhrac, ar dtús mar phóilín sa chóras iompair agus ansin mar bhall den NYPD, seirbhís phóilíneachta na cathrach. Chuaigh sé ar scor agus rang captaen bainte amach aige. D'fhreastail sé mar bhall de Sheanad Stát Nua-Eabhrac ó 2006 go 2013, mar ionadaí an 20ú ceantar seanaid i mBrooklyn. I mí na Samhna sa bhliain 2013 toghadh Adams mar Uachtarán Bhuirg Brooklyn agus atoghadh don phost sin é sa bhliain 2017. Eisean an chéad duine de shliocht Afracach sa phost úd.

Ar 17 Samhain 2020, d'fhógair Adams go raibh sé ina iarrthóir ar phost mhéara Chathair Nua-Eabhrac mar bhall den Pháirtí Daonlathach. Bhí sé thiar sna pobalbhreitheanna i dtosach an fheachtais i ndiaidh iarrthóir eile, mar atá Andrew Yang[1], ach sa deireadh, ar 6 Iúil 2021, bhain Adams an bua sa réamhthoghchán. Sa toghchán ginearálta bhain Adams ollbhua amach ar iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh, Curtis Sliwa.[2][3][4] Go gairid i ndiaidh meán oíche ar 1 Eanáir 2022, ghlac Adams mionn na hoifige mar mhéara Chathair Nua-Eabhrac.

Tagairtí cuir in eagar