Oirthear Maí

ionad daonra i gContae Aontroma

Is baile agus paróiste sibhialta suite i gContae Aontroma é Oirthear Maí.[1] Bhí 1,122 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2013.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilOirthear Maí

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°07′52″N 6°19′36″W / 55.1311°N 6.3267°W / 55.1311; -6.3267
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT53 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1411648
An teampall Preisbitéireach in Oirthear Maí

Thart ar an bhliain 460, chuir Naomh Olcán mainistir ar bun san áit. Deisceabal de chuid Naomh Pádraig é agus bhain tábhacht réigiúnda leis an mhainistir san am. Is é bun an chloigthí an t-aon rian den mhainistir atá fágtha. Tá sé suite in aice le Teach Pobail Naomh Pádraig agus é timpeall ar 11 m ar airde agus trí húrlár ann. Tá sé ina shéadchomhartha sceidealaithe (SMR, uimhir ANT 013-010). Tá teampall breá Preisbitéireach ar an bhaile chomh maith.

Tá clú ar Oirthear Maí inniu mar gheall ar imeachtaí gluaisrothaíochta a thionóltar ann.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  1. Oirthear Maí/Armoy | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.