Is baile beag ar imeall thuaisceart Bhéal Feirste i dTuaisceart Éireann í Inis Glas (ón Bhéarla Greenisland) atá lo seacht míle soir ó thuaidh ó lár na cathrach agus trí mhíle de shiúl na gcos ó Charraig Fhearghais. Luíonn sé cois na farraige ar bhruacha thuaidh Loch Lao in oirdheisceart Chontae Aontroma, agus tugadh Inis Glas ar an oileán toisc go bhfuil oileán beag bídeach suite cúpla céad slat soir amach san fharraige.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilInis Glas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°41′42″N 5°51′25″W / 54.695°N 5.857°W / 54.695; -5.857
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT38 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata

Lonnaíocht leath-uirbeach atá ann, ar bun Chnoc an Chairn ar a bhfuil Leacht Cuimneacháin Chnoc Each suite (in ómós na bhfear a maraíodh sa Chéad agus sa Dara Cogaí Domhanda arbh as Contae Aontroma dóibh).

Tá dhá limistéar faoi leith sa bhaile, nó Inis Glas Uachtarach agus Inis Glas Íochtarach mar is fearr aithne orthu a scarann an líne traenach (Béal Feirste-Latharna) iad. Tá Bóthar an Stáisiúin a ritheann ón stáisiún anuas go himeall an locha, agus Bóthair an Stáisiúin Uachtarach a théann ón droichead díreach in aice an stáisiúin suas i dtreo Chnoc an Chairn, a fhad leis an Bhóthar Uachtarach (an B90). Is mar sin a scartar pobal an bhaile bhig seo chomh maith ar bhun aicme; muintir an ardaicme thuas (mar aon le Bunscoil Inis Glas) agus cosmhuintir an bhaile thíos, áit a tógadh eastát tithíochta sna 50aidí agus sna 60aidí mar a bhfuil Leabharlann Inis Glas, Ionad Pobail Inis Glas dornán de eaglaisí, sraith siopaí agus Bunscoil Shruthán an Airgid. Ó bhun go bar síneann an baile ón trá ar Loch Lao suas a fhad le bun an chnoic.