Maolmhaodhóg Ó Morgair
Ard-Easpag Ard Mhacha ab ea Naomh Maolmhaodhóg Ó Morgair[1] (1094 – 2 Samhain 1148). Is in aice le hArd Mhacha a rugadh é sa bhliain 1094. Fuair sé bás i Clairvaux, an Fhrainc.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1094 Ard Mhacha, Northern Ireland |
Bás | c. 2 Samhain 1148 53/54 bliana d'aois Mainistir Clairvaux, An Fhrainc |
Easpag Caitliceach Ard Mharcha | |
1134 – 1137 ← Cellach Mac Aodh – Gelasius Ruaidri (en) → Deoise: Deoise Chaitliceach Ard Mhacha | |
Roman Catholic Bishop of Down (en) | |
1124 – – Ralph de Kilmessan (en) → Deoise: Deoise Chaitliceach an Dúin | |
Roman Catholic Bishop of Connor (en) | |
1124 – 1137 – Adam (en) → Deoise: Deoise Chaitliceach Connor | |
Ab | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach, údar, easpag Caitliceach |
Tréimhse ama | Glúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois |
Ord crábhaidh | Beinidictigh |
Ardú | |
Lá féile | 3 Samhain |
Ba leasaitheoir díograiseach é mar ab agus mar easpag.[2] Ba eisean a thug na Canónaigh Rialta isteach in Éirinn.
Ba é an chéad Éireannach a bhí canóinithe ag Pápa (sa bhliain 1099). Scríobh an t-ab Cistéirseach Naomh Bernard de Clairvaux a bheatha.
Saol
cuir in eagarDe réir Bernard, shíolraigh Maolmhaodhóg ón uasaicme, ach níl eolas níos cruinne ná sin ar a mhuintir. Fuair sé oideachas manachiúl agus oirníodh ina shagart é ag Ceallach Naofa, Easpag Ard Mhacha, sa bhliain 1119. Thogh Ceallach, easpag Ard Mhacha agus leasaitheoir, é mar bhiocáire agus níos déanaí ina ab ar mhainistir Ard Mhacha.
Sa bhliain 1120, rinne Maolmhaodhóg sain-staidéar ar dhiagacht agus liotúirge i Mainistir Lios Mhóir i bPort Láirge faoi Mhalchus Naofa.
Sa bhliain 1123, toghadh Maolmhaodhóg ina ab ar Bheannchar agus an bhliain ina dhiaidh sin ina easpag ar Dhún.
Tar éis bhás Cheallach sa bhliain 1129, toghadh Maolmhaodhóg ina easpag ar Ard Mhacha, ach ní raibh sé in ann dul ann toisc go raibh muintir Cheallach, Clann Siniaich, i gcumhacht ar an deoise. Bhí suíomh Chomharba Phádraig (mar a chuirtear ar Easpag Ard Mhacha ag an am) i lámha Chlainn Shiniaigh ar feadh níos mó ná dhá chead bhliain agus ní raibh sé éasca iad a bhriseadh as.
Ghlac Maolmhaodhóg Ard Mhacha sa bhliain 1132 agus chuaigh sé i mbun atheagar a chuir ar chúrsaí eaglasta.
Easpag agus leagáid
cuir in eagarSa bhliain 1137, d'éirigh Maolmhaodhóg as mar Easpag Ard Mhacha, ach bhí fós mar Easpag an Dhúin. Thóg sé na Canóinigh Agaistíneacha isteach ina dheoise agus rinne sé cuairt ar an Róimh i 1137. Stop sé i gClairvaux ar bhealach agus d'éirigh cairdeas idir é agus Bernard.
Chinn sé air féin na Cistéirsigh a thabhairt go Éireann. D'iarr sé ar an Pápa Innocentius II é a scaoileadh mar easpag chun é a ligint filleadh ar Chlairvaux mar mhanach. Níor thug an Pápa an cead sin agus cheap sé Maolmhaodhóg mar leagáid aige in Éirinn. Thóg sé cúigear manach ó Chlairvaux ar ais leis, leis An Mainistir Mór a chur ar bhun i gContae Lú sa bhliain 1142.
Bás
cuir in eagarChuaigh Maolmhaodhóg ar an dara aistear aige chun na Róimhe sa bhliain 1148. Ag filleadh ón Róimh dó sa bhliain 1148, thug Maolmhaodhóg athchuairt ar Clairvaux, áit inar bhuail taom fiabhrais é agus d’éag sé i mbarróg Naomh Bearnard i gClairvaux ar an 1 /2 Samhain.
Cuirtear Bernard in éineacht leis nuair a fuair sé féin bás cúpla bliain dár gcionn. Tá an bheirt acu curtha in aon uaigh i Clairvaux. Deirtear nach féidir na cnámha acu a scaireadh óna gcéile.
Tionchar
cuir in eagarChanóinigh an Pápa Innocentius III Maolmhaodhóg ar 6 Iúil 1199. Ba é an chéad Éireannach a bhí canóinithe ag Pápa.
Cuireadh inár leith go raibh Maolmhaodhóg freagracht as faidheacht, ach ní raibh fianaise ann go dtí dá chéad bhliain tar éis bás dó... is cosúil.
Féach freisin
cuir in eagar- Na Cistéirsigh
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ nó Maelmhaedhoc, nó Máel Máedóc Ua Morgair
- ↑ cumannnasagart.ie. "Naomh Maolmhaodhóg, easpag". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-13. Dáta rochtana: 2018.