Sealúchas de chuid an National Trust (Iontaobhas Náisiúnta d'Áiteanna Stairiúla nó d'Áilleachta Nádúrtha) is ea Teach Dhoire Mhóir sa Sruthán i gContae Ard Mhacha i gCúige Uladh na hÉireann. Bíonn sé oscailte don phobal agus cuireann an tIontaobhas Náisiúnta síos air mar "theach ceann tuí de chuid deireadh an 18ú haois i stíl dhúchasach na mionuaisle".[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Teach Dhoire Mhóir
Íomhá
Sonraí
CineálTeach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinTuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe
SuíomhContae Ard Mhacha
Map
 54°11′13″N 6°22′41″W / 54.187°N 6.378°W / 54.187; -6.378
Gníomhaíocht
ÚinéirNational Trust
OibreoirNational Trust
Suíomh gréasáin oifigiúilnationaltrust.org.uk…

Gnéithe cuir in eagar

Tá an teach ionsuite i níos mó ná 100 acra (0.40 km2) d'fhearann páirce álainn agus de choillearnaí.[2] Gné shainiúil an tí ná úsáid tuíodóireachta áitiúla ar leith ag baint úsáide as giolcacha na Sionna.

Stair cuir in eagar

Thóg an Tiarna Isaac Corry, a bhí ina Theachta Parlaiminte do Iúr Cinn Trá ar feadh tríocha bliain, é idir 1776 agus 1787, ar talamh a bhfuair sé mar oidhreacht óna athair. Thóg an Tiarna Charles Coote an teach i stíl an teachín, mar "grianán samhraidh galánta ..."[3] Dréachtadh Acht an Aontais i bparlús mór an tí sa bhliain 1800. Leag John Sutherland, ar cheann de na deisceabail is ceiliúradh de Lancelot "Capability" Brown[4] , amach an fearann páirce atá thar thimpeall air. Dhíol Corry an áit sa bhliain 1810, nuair a d'aistrigh sé go Baile Átha Cliath, agus fuair an teaghlach Young é ina dhiaidh sin. Dhíol an Tiarna William Young an t-eastát sa bhliain 1825 don an teaghlach Smyth. Cheannaigh na Richardsons, a bhí ina gcónaí in aice leis an eastáit, an diméin ina raibh 140,000 crainn ann. Sa bhliain 1952 bhronn an tUasal JSW Richardson Teach Dhoire Mhóir agus a eastát ar an National Trust.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Derrymore House". National Trust.
  2. "Derrymore House". Newry and Mourne District Council Tourism. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-05-07. Dáta rochtana: 2010-05-09.
  3. Brett, Sir Charles, Buildings of County Armagh, UAHS, 1999, p. 154
  4. "Bessbrook". Lonely Planet Ireland (p616).