Billy Wright
Bhí Billy Wright (7 Iúil 1960 - 27 Nollaig 1997), sraithmharfóir, dúnmharfóir ciontaithe agus síceapatach, ina cheannaire ar Fhórsa na nÓglach Dílseach (LVF).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Iúil 1960 Wolverhampton, England |
Bás | 27 Nollaig 1997 37 bliana d'aois An Cheis Fhada, Northern Ireland |
Gníomhaíocht | |
Teangacha | Béarla |
Feallmharaíodh Wright sa Cheis Fhada. Bhí príosúnaigh eile ó hArm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann (an tINLA) freagrach as.
Cúlra cuir in eagar
Sa bhliain 1996, scoilt grúpaí áirithe paraimíleata faoi cheist na síochána, agus tháinig dreamanna nua ar an bhfód a thosaigh ag cur a gcogaidh féin beag beann ar an gcomhaontú. B'é Fórsa Óglaigh Uladh an chéad ghrúpa a thit as a chéile de dheasca an easaontais, nuair a bhunaigh na heasaontóirí drong úr, Fórsa na nÓglach Dílseach (LVF, Loyalist Volunteer Force) sa bhliain 1996.[1]
2000idí cuir in eagar
Níos déanaí, sna 2000idí, bhí Willie Frazer ón eagraíocht úd FAIR - Families Acting for Innocent Relatives ("Teaghlaigh ag Gníomhú thar cionn a Muintire Neamhchiontaí") - ar dhuine acu siúd a bhunaigh "Love Ulster". Ag an am, dúirt Frazer, mar shampla, nár chóir aon duine de na paraimíleataigh Dhílseacha a chaitheamh i bpríosún riamh, agus go raibh an-bhá aige le Billy Wright - agus Fórsa na nÓglach Dílseach a bhí sáite sna dúnmharuithe seicteacha timpeall Phort an Dúnáin. Bhí sé i mbun na Círéibeacha i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2006.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (2016). "Easpa gnímh faoi pharaimíleataigh agus dúnmharuithe ‘King Rat’ á mholadh go poiblí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-27.