Círéibeacha Bhaile Átha Cliath 2006

Phléasc círéibeacha Bhaile Átha Cliath amach ar an 25 Feabhra 2006, nuair a bhí an eagraíocht úd Love Ulster ag iarraidh máirseáil na ndrumaí móra a chóiriú i lár na cathrach i stíl na nOráisteach le súil a tharraingt ar a gcruachás siúd a bhí thíos le foréigean i dTuaisceart Éireann.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCíréibeacha Bhaile Átha Cliath 2006
Cineálcíréib Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Feabhra 2006 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


Na círéibí ar Shráid Uí Chonaill

Bhí an mórshiúl seo ina ábhar conspóide go háirithe ag na dreamanna éagsúla "Poblachtánacha" i bhfad roimh ré, ach d'ordaigh a gcinnirí siúd do lucht a leanúna gan cur in aghaidh na bProtastúnach. Nuair a tháinig lá an chaighdeáin, áfach, d'éirigh ina chogadh dearg idir na Gardaí agus na fir óga a bhí bailithe le bac a chur leis an máirseáil, agus b'éigean an mórshiúl féin a chur ar ceal.

Fuair na círéibeadóirí an lámh in uachtar ar na Gardaí, agus mhair siad ag loitiméireacht ar fud lár na cathrach ar feadh i bhfad[1]. Rinneadh foghail agus creachadh ar chuid mhaith de na siopaí, agus tugadh leadhbairt do thriúr siopadóirí de phór na hÁise.

Cúlra na nImeachtaí cuir in eagar

Eagraíocht aontachtach is ea Love Ulster agus í tiomnaithe do chuimhne na nAontachtach a fuair bás i dTrioblóidí an tuaiscirt. Bhí Willie Frazer ón eagraíocht úd FAIR - Families Acting for Innocent Relatives ("Teaghlaigh ag Gníomhú thar cionn a Muintire Neamhchiontaí") - ar dhuine acu siúd a bhunaigh Love Ulster. Dream atá i gceist atá meáite ar a méala siúd a chur i bhfoclaibh ar fhág buamaí an IRA daoine dá muintir marbh nó gortaithe.

Tá locht faighte ar an eagraíocht, áfach, toisc nach bhfuil sí leath chomh buartha fúthu siúd a bhí thíos le foréigean na ndílseoirí. Tá Frazer tar éis a rá, mar shampla, nár chóir aon duine de na paraimíleataigh Dhílseacha a chaitheamh i bpríosún riamh, agus go raibh an-bhá aige le Billy Wright - duine de cheannairí Fhórsa na nÓglach Dílseach (Loyalist Volunteer Force, LVF) a bhí sáite sna dúnmharuithe seicteacha timpeall Phort an Dúnáin.

Chonacthas pictiúr de bhall áirithe d'Fhórsa Óglaigh Uladh (Ulster Volunteer Force, UVF) freisin á thaispeáint ag mórshiúlta agus ag cruinnithe poiblí de chuid FAIR - fear a bhí páirteach, de réir chosúlachta, i mbuamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin sa bhliain 1974. Mharaigh na Sealadaigh an fear seo dhá bhliain ina dhiaidh sin, agus mar sin, d'fhéad FAIR íobartach de chuid an IRA a ghairm de. Duine acu siúd a bhí ag eagrú mhórshiúl Love Ulster i mBaile Átha Cliath, dúirt sé nach raibh sé ábalta a chinntiú nach bhfeicfí pictiúirí den fhear seo ar taispeántas ansin.

Bhí sé ceaptha go mbeadh idir an druma mór faoi shainéide agus cúpla céad duine eile - bráithre Oráisteacha agus lucht méala ina ndiaidh siúd a bhí maraithe ag an IRA - ag an mórshiúl. Bhí siad le máirseáil ó Shráid Parnell anuas Sráid Uí Chonaill, thart le Coláiste na Tríonóide, go dtí Sráid Thobar Phádraig, Sráid Dhásain agus Sráid Theach Laighean, go dtí go stopfadh lucht an mhórshiúil os comhair Theach Laighean i Sráid Chill Dara.

Is iomaí náisiúnaí a bhí míshásta leis an máirseáil, agus iad den tuairim nach mbeadh lucht na máirseála ach ag iarraidh na seantithe a tharraingt anuas d'aon ogham. Mar sin féin, fuair siad ceadúnas ó na Gardaí, agus na páirtithe polaitiúla sa Phoblacht tar éis a dtoiliú a thabhairt.

Na Círéibeacha cuir in eagar

 
Círéibeacha i mBaile Átha Cliath.

Bhí Sinn Féin sásta a mbeannacht a thabhairt don mháirseáil, agus iad ag áitiú ar lucht a leanúna gan dul ag cur isteach ar na léirsitheoirí. Maidir le Sinn Féin Poblachtach, áfach, bhí siad i láthair, agus iad ag iarraidh lucht an druma mhóir a stopadh. Shuigh siad síos ar an tsráid mar agóid, agus nuair a thosaigh na Gardaí iad a ardú ón tsráid le lámh láidir, tháinig fir óga an cheantair chun tarrthála dóibh. D'éirigh ina chogadh dearg idir na Gardaí agus na hógánaigh.

Bhí oibreacha tógála ar siúl anseo agus ansiúd i Sráid Uí Chonaill, agus mar sin, bhí sé furasta ag na círéibeoirí teacht trasna ar rudaí a d'fhéadfaidís a chrústach ar na Gardaí, cosúil le brící agus clocha. Bhí ábhar ann freisin ar bhain na círéibeoirí úsáid as le baracáidí a thógáil a chuirfeadh isteach ar an mórshiúl.

Bhí an mórshiúl le tosú ag leathuair tar éis a dó dhéag, ach nuair a thosaigh na trioblóidí, shocraigh na gardaí leo nach bhféadfaidís na máirseálaithe a sheoladh an bealach a bhí ceaptha. Ina ionad sin, chuaigh na máirseálaithe ar bhord a gcuid busanna, agus tugadh lom díreach go dtí Teach Laighean iad, áit ar thug siad a n-achainí do Mhícheál Mac Dubhghaill, an tAire Dlí agus Cirt. Ansin, seoladh as an gcathair iad. Nuair a chuaigh na busanna trí Dhún Dealgan, arb áit mhór Poblachtánach é, crústaíodh clocha ar cheann acu.

Níor mhaolaigh sin ar na círéibeacha i Sráid Uí Chonaill, áfach. Lean na círéibeoirí leo go ceann cúpla uair an chloig eile ar a laghad. Cuireadh gluaisteáin trí thine, go háirithe cinn a raibh cuma na galántachta agus na daoire orthu. B'iad na Gardaí ba mhó a bhí faoi ionsaí ag na círéibeoirí, ach níor spáráil siad daoine eile, ach an oiread. Tugadh drochíde do Charlie Bird, iriseoir de chuid Raidió Teilifís Éireann. Seo an cur síos a thug Saormheáin na hÉireann ar na greidimíní a fuair Bird:

Faoin am seo, chuir mé sonrú i mborradh a tháinig ar an slua, agus fear a bhí ag caitheamh cóta donn ag rith i dtreo thródam na nGardaí. Bhí dosaen de dhaoine, a bheag nó a mhór, sna sála aige, agus iad ag bualadh buille i ndiaidh buille air. Shroich sé gruaimhín na taobhshráide a ritheann ar feadh an taoibh theas d'Ard-Oifig an Phoist, agus brící, buidéil agus clocha ag teacht anuas ar a chloigeann mar a bheadh cith fearthainne ann. Nuair a rinne sé a bhealach isteach i dtaobhshráid, trí thródam na ngardaí, bhuail cuaille mhór miotail - ceann den chineál a úsáidtear mar chrann taca do chomhartha sráide - bhuail sí sa taobh é. Ba dhóbair di é a bhualadh sa chloigeann. Dá dtitfeadh sí oiread is troigh amháin ní b'fhaide ar dheis, bheadh an fear maol marbh. San am sin, bhí iontas orm cén fáth a raibh an slua ag leadhbairt an fhir áirithe seo thar aon duine eile. Shíl mé gurbh fhéidir gur ball de bhrainse speisialta na nGardaí a bhí ann, agus gur haithníodh mar a leithéid é.

Scríobh Indymedia Dealraíonn sé, áfach, gurbh eisean Charlie Bird ó Raidió Teilifís Éireann agus gur phointeáil duine den tslua amach é mar "bhastard Oráisteach". Ní bhfuair Charlie a cheart ar aon nós, nó is follasach nach Oráisteach é ar aon nós. Caithfidh sé go raibh Charlie trí chéile ar fad ag ar tharla dó. Seo an chiall a bhain mé féin as na himeachtaí: D'aithin duine éigin den tslua gurbh eisean Charlie Bird, agus gur duine den tsochaí sheascair sheanbhunaithe a bhí ann, mar sin. Tá na Poblachtánaigh, go ginearálta, den bharúil gur foras frith-Phoblachtach é Raidió Teilifís Éireann, agus is féidir a rá go bhfuil cúis acu leis an dearcadh seo. Cibé cé a d'aithin é, is dócha gur dhearc an duine sin air mar ionadaí don tsochaí sheanbhunaithe agus do sheasamh frith-Phoblachtach Raidió Teilifís Éireann. Mar sin, thug an duine seo "bastard Oráisteach" ar Charlie. Ina leithéid de dhrocháit, níl sé deacair a rá céard a bheidh i ndán duit, má phointeáiltear amach mar insíothlóir thú. Bhí an dearg-ádh le Charlie nár fáisceadh an t-anam as. Is iomaí iriseoir eile ar baineadh an gheit chéanna as agus é faoi ionsaí ag na círéibeoirí. Níor thuig an chuid ba mhó acu gur "chuma sa diabhal" leis na círéibeoirí an cur síos a thabharfadh na meáin orthu. Ní raibh siad ag iarraidh tuairim pholaitiúil ar leith a chur os comhair an tsaoil mhóir, ní raibh siad ach ag dul ar an daoraí, agus iad thíos leis an eisiamh sóisialta. Ba dhóbair domsa, mar ghrianghrafadóir do na Saormheáin, íde den chineál chéanna a fháil, nuair a dúirt fear óg feargach liom gur chuma sa diabhal leis cén cineál saormheán a raibh mé ag obair dóibh, agus d'fhéadfadh sé beart a chur leis an mbriathar bagrach, murach go raibh aithne ag na hagóideoirí i mo thimpeall orm, agus iad do mo chosaint (indymedia.ie)[2].

De réir an nuachtáin Sunday Independent agus foinsí eile, fuair bean a bhí ag iompar clainne buaille sa bholg. Thairis sin, is dealraitheach gur caitheadh cúpla buama peitril leis na Gardaí. Briseadh fuinneoga cúpla siopa, go háirithe Foot Locker, Schuh, agus Banc Uladh in aice le Droichead Uí Chonaill, agus rinneadh foghail ar aon siopa amháin, ar a laghad. Bhí sé ina leamhsháinn idir na Gardaí agus an lucht círéibe i Sráid Uí Chonaill, agus cuid de na círéibeoirí ag leanúint bhusanna na nAontachtaithe go dtí Sráid Thobar Phádraig (Sráid Nassau), áit ar chuir siad roinnt gluaisteán trí thine agus a ndearna siad ionsaí faoina lán siopaí agus gnóthas eile.

Ionsaíodh ceanncheathrú an Pháirtí Dhaonlathaigh i Sráid Frederick Theas freisin, agus chonacthas tuilleadh scliúchas i nDroichead Uí Chonaill, Cé Aston, Sráid na Toinne agus i mBarra an Teampaill, sular tháinig scaipeadh sna círéibeoirí. B'í timpeallacht Shráid Thobar Phádraig ba mhó a bhí thíos leis na círéibeacha, nó cuireadh trí charr trí thine ansin agus briseadh na gaothscáthanna ar roinnt mhaith gluaisteán eile, chomh maith le fuinneoga na siopaí. Fuair go leor daoine iad féin sáinnithe sna bialanna agus sna sreangshiopaí mearbhia, ar nós McDonalds agus Burger King.

Ansin, dhún na Gardaí Sráid Uí Chonaill le go bhféadfadh na hoibrithe tógála iarsmaí na n-imeachtaí a ghlanadh. Measúnaíodh go gcosnódh na hoibreacha seo thart ar leathchéad míle euro, agus b'é barúil Chumann Lucht Tráchtála Bhaile Átha Cliath go raibh deich milliún euro caillte ag gnóthais na cathrach de dheasca na scliúchas.

Roimh an mórshiúl, measadh go dtiocfadh thart ar mhíle Aontachtaí ag máirseáil i mBaile Átha Cliath. Nuair a tháinig, áfach, ní raibh ach trí bhus, nó trí chéad duine, ann. Maidir leosan a tháinig ag cur in aghaidh na n-Aontachtaithe, tá meastacháin a líonmhaireachta siúd ag luainiú idir trí chéad agus seacht míle. Tá sé deacair an figiúr a shocrú, i bhfianaise an oiread daoine nach raibh ach ag dul thart agus a d'fhan ag baint lán a súl as na himeachtaí. Dealraíonn sé gurb é aos óg na háite ba mhó a bhí ag tógáil círéibe, ach chonacthas gníomhaithe polaitiúla ina measc freisin, agus iad ag dáileadh bileoga polaitiúla.

D'eisigh Sinn Féin Poblachtach ráiteas, inar cháin siad Rialtas na hÉireann, nach raibh, dar leosan, in ann a thuiscint chomh diúltach agus a bhí muintir na háite do mhórshiúl na nAontachtaithe dháiríre.

Na hÍobartaigh cuir in eagar

Fuair ceathrar déag de dhaoine iad féin in ospidéal de dheasca na gcíréibeacha, ina measc seisear Gardaí agus cúpla iriseoir. De réir Nuacht RTÉ, ghabh na Gardaí duine agus dhá scór. Ar an 27ú lá de Mhí Feabhra, bhí an dlí curtha ar thriúr déag acu.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar