Daniel Wiffen

snámhóir Éireannach

Is snámhóir é Daniel Wiffen as Machaire Lainne, Contae an Dúin (a rugadh ar 14 Iúil 2001). Bhuaigh sé bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha 2024, agus an chéad snámhaí Curadh Domhanda d’Éirinn riamh.[1]

Infotaula de personaDaniel Wiffen
Beathaisnéis
Breith14 Iúil 2001
23 bliana d'aois
Machaire Lainne, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Loughborough Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsnámhóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsnámh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
30 Iúil 2021swimming at the 2020 Summer Olympics – men's 1500 metre freestyle (en) Aistrigh (20)
27 Iúil 2021swimming at the 2020 Summer Olympics – men's 800 metre freestyle (en) Aistrigh (14) Cuir in eagar ar Wikidata

Tagann Wiffen ó shráidbhaile Machaire Lainne, Co. an Dúin. D'fhreastail sé ar Ollscoil Loughborough.

In 2021, i gCluichí Oilimpeacha Thóiceo, chríochnaigh Wiffen sa 14ú háit sa bhabhta ceannais 800m saorstíle na bhfear.[2]

I mí an Meithimh 2022, chríochnaigh sé sa 4ú háit sa bhabhta ceannais 800m saorstíle na bhfear i gcraobh chomórtais snámh an domhain san Ungáir.[3]

Ghlac Wiffen páirt i gCraobhchomórtas Ghearrchúrsa na hEorpa sa Rómáin i mí na Nollag 2023. Ar an 10 Nollaig, d’éirigh leis an churiarracht dhomhanda i Saorstíl 800m na bhfear a bhaint amach.[4] Shnámh sé an 800m i 7:20.46, am a bhí 3 shoicind níos tapúla ná an churiarracht ó 2001. Is é seo an chéad uair a d’éirigh le hÉireannach curiarracht dhomhanda sa snámh a bhaint amach. Bhuaigh sé trí bhonn óir sa snámh.[5]

I gCraobhchomórtais Uiscíochta an Domhain ar 14 Feabhra 2023, bhuaigh Wiffen an bonn óir sa saorstíl 800m tar éis dó an rás a shnámh in am 7:40:94 sa babhta ceannais.[1]

Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2024

cuir in eagar

Ar an 30 Iúil, thug Wiffen, 23 bliain d’aois ag an am, sárthaispeántas sa snámh ceannais sa chomórtas saorstíle 800 méadar, , go háirithe ag deireadh an rása nuair a chuaigh sé chun tosaigh ar chách. 7:38.19 a thóg sé ar Wiffen an rás a bhuachan, an t-am is tapa fós ag aon chluichí Oilimpeacha. D’imigh Gregorio Paltrinieri na hIodáile chun cinn ar Wiffen agus iad ag déanamh ar cheann scríbe ach rinne fear na hÉireann teacht aniar iontach sa 150 méadar deireanach chun an bonn óir a fháil agus é chun cinn sa deireadh ar Bobby Finke na Stát Aontaithe a thug leis an bonn airgid agus Gregoria Paltrinieri a fuair an bonn cré-umha [6]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 extrag.ie (2024-02-14). "Daniel Wiffen an chéad snámhaí 'World Champion' d’Éirinn" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-02-16.
  2. sportireland.ie Sport Ireland (2021). "An tAthbhreithniú ar Chluichí Thóiceo". Dáta rochtana: 2023.
  3. TG4 (2022). "Éireannach sa bhabhta ceannais i gcraobh chomórtais snámh an domhain" (ga-IE). Molscéal. Dáta rochtana: 2023-12-14.
  4. RTÉ News, Eoin Ryan (2023-12-10). "Wiffen smashes world record to win third European gold" (as en). 
  5. Ollscoil Má Nuad (Nollaig 2023). "ELeathanach 453". Dáta rochtana: 2023.
  6. "Bonn óir buaite ag Daniel Wiffen na hÉireann ag na cluichí Oilimpeacha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-30). Dáta rochtana: 2024-07-30.