Eibhlín Ní Chathailriabhaigh

gníomhaí ar son na Gaeilge

Gaeilgeoir agus gníomhaí i ngluaiseacht na Gaeilge a bhí in Eibhlín Ní Chathailriabhaigh (1910–2001).[1][2]

Infotaula de personaEibhlín Ní Chathailriabhaigh
Beathaisnéis
Breith1 Meitheamh 1910
Domhnach Broc, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Meitheamh 2001
91 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir, leiritheóir, stiúrthóir drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge

Tháinig sí chun saoil ar an 1 Meitheamh 1910,[3] agus chuaigh sí i gConradh na Gaeilge ina cailín óg di. Rinne Eibhlín Ní Chathailriabhaigh athbheochan ar Oireachtas na Gaeilge arís sa bhliain 1939, in éineacht le Dónall Ó Dúill, agus í ina rúnaí ag an Oireachtas ina dhiaidh sin.

Nuair a cuireadh tús le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, chaith Eibhlín tamall ina rúnaí ar an eagraíocht sin freisin.

Bhí sí ina príomhghníomhaí in Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge fosta, agus ranganna Gaeilge á múineadh aici ansin.

Fuair sí bás sa bhliain 2001.

Tagairtí cuir in eagar