Anne Butler Yeats
Ba phéintéir, dearthóir feistis agus stáitse Éireannach í Anne Butler Yeats (26 Feabhra 1919 – 4 Iúil 2001).
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Anne Yeats |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 9 Bealtaine 1919 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 4 Iúil 2001 82 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht agus scenic design (en) |
Gairm | péintéir |
Ball de | |
Teaghlach | |
Athair | W. B. Yeats agus Georgie Hyde-Lees |
Siblín | Michael Butler Yeats |
Luathshaol agus saol an teaghlaigh
cuir in eagarBa iníon í leis an bhfile William Butler Yeats agus Georgie Hyde-Lees, neacht leis an bpéintéir Jack B. Yeats, agus le Lily Yeats agus le Elizabeth Corbet Yeats. Bhí baint ag a haintíní le Gluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta in Éirinn, agus bhí baint acu le tionscail Dun Emer Press, Cuala Press agus Dun Emer Industries. Ba pholaiteoir é a deartháir Michael Yeats. Thug a muintir "feathers" uirthi.[1]
Rugadh Áine Yeats i mBaile Átha Cliath ar 26 Feabhra 1919, rinne a hathair comóradh ar a breith leis an dán A Prayer for My Daughter. [2] Caith Anne a céad trí bhliain idir Bhaile Uí Laoigh, Co. na Gaillimh agus Oxford, sular bhog a teaghlach go 82 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath i 1922.[3]
Bhí sí an-tinn mar pháiste. Chaith sí trí bliana in dhá ospidéal éagsúil. St. Margaret's Hall, 50 Bóthar Mespil, agus Nightingale Hall, Bóthar Morehampton, Baile Átha Cliath. D'fhreastail sí ansin ar Pinsean Henriette, scoil chónaithe i Villars-sur-Bex, an Eilvéis (1928–30). Agus í ag filleadh ar ais ar Bhaile Átha Claith chuaigh sí go Hillcourt, Gleann Aire, scoil chónaithe Eaglais na hÉireann do chailíní. Sa bhliain 1923, thug a aintín Elizabeth "Lolly" ceachtanna líníochta scuaibe di a chabhraigh léi an chéad duais a bhaint amach i gcomórtas Ealaíne Náisiúnta an RDS do pháistí faoi ocht mbliana d'aois, i 1925 agus 1926. Chaith sí trí bliana i scoileanna RHA faoi Maurice MacGonigal, Dermod O'Brien, agus Henry Tisdall .[4]
Níor phós Anne agus ní raibh páiste aici. Bhí deartháir amháin aici Michael Butler Yeats.
Ré thábhachtach dá saol
cuir in eagarMar ealaíontóir, phéinteáil sí tírdhreacha, still-lifes, agus pictiúir figiúirí dathúil. Is féidir cuid obair s'aici a fheiceáil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le taispeantaisí sa Ghearmáin, sna stáit aontaithe, san ísiltiltír chomh maith le taispeántas na oireachta. I measc a taispeántais aonair tá: Gailearaí Péintéirí Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath (1946,48); Gailearaí Dawson, Baile Átha Cliath (1963,66); Gailearaí Nua, Béal Feirste (1964,67); Cumann Cheanada Ollscoil Toronto um Léann na hÉireann (1968); Gailearaí Bardasach na Nua-Ealaíne, Baile Átha Cliath (1971-72); Ollscoil Winnipeg, Ceanada (1975); Caen, An Fhrainc (1979); Dánlanna Taylor, Baile Átha Cliath (1981,94); Gailearaí Ealaíne Shligigh (1984,89); Gailearaí Sheoirse Bhaile Átha Cliath, Mini Retrospective (1990); agus Royal Hibernian Academy Gallagher Gallery, Retrospective (1995).[3]
Le linn na 1950idí thosaigh sí ag dearadh leabhar. Le linn an tréimse de 25 bliain, dearadh sí tuairim is 40 leabhar.
Gairm
cuir in eagarTá a cuid pictiúr ar siúl i mbailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí ar fud an domhain, lena n-áirítear (in Éirinn): Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath; Gailearaí Bardasach Hugh Lane, Baile Átha Cliath; Músaem Uladh, Béal Feirste; Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Gailearaí Chontae Shligigh, Sligeach; Comhairle Ealaíon na hÉireann.
Saol déanach agus bás
cuir in eagarFuair sí bás in 2001, agus cuireadh saothair dá cuid i roinnt iarsmalann in 2002 ina honóir. Mar shampla, cuireadh thart ar 20 píosa i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Oidhreacht
cuir in eagar: Gailearaí Péintéirí Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath (1946,48); Gailearaí Dawson, Baile Átha Cliath (1963,66); Gailearaí Nua, Béal Feirste (1964,67); Cumann Cheanada Ollscoil Toronto um Léann na hÉireann (1968); Gailearaí Bardasach na Nua-Ealaíne, Baile Átha Cliath (1971-72); Ollscoil Winnipeg, Ceanada (1975); Caen, An Fhrainc (1979); Dánlanna Taylor, Baile Átha Cliath (1981,94); Gailearaí Ealaíne Shligigh (1984,89); Gailearaí Sheoirse Bhaile Átha Cliath, Mini Retrospective (1990); agus Royal Hibernian Academy Gallagher Gallery, Retrospective (1995).[
Saothair
cuir in eagar- foilsithe nó eisithe nó déanta nó déanta
- bliain - teideal nó ainm
- bliain - "teideal nó ainm"
- bliain - "teideal nó ainm"
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- (nl)Dutch-language source about the woman. Curtha i gcartlann 2014-01-06 ar an Wayback Machine
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Saddlemyer, Ann. (2004). "Becoming George : the life of Mrs. W.B. Yeats". Oxford University Press. OCLC 53392600.
- ↑ Pyle, Hilary (1994). "Call down the Hawk". Irish Arts Review Yearbook 10: 117–120. ISSN 0791-3540. JSTOR 20492776.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ https://www.dib.ie/biography/yeats-anne-butler-a91542[nasc briste go buan] DICTIONARY OF IRISH BIOGRAPHY