Iarsmalann Uladh
Tá Iarsmalann Uladh suite ar thailte na Luibhghairdíní i mBéal Feirste. Tá timpeall is 8,000 méadar cearnacha de spás ann do bhailiúcháin an mhúsaeim. Ar an ábhar a thaispeántar ann tá míreanna mínealaíon, ealaíon fheidhmeach, seandálaíochta, eitneagrafaíochta, seoda ó Armáid na Spáinne, staire áitiúla, monaíochta, luibheolaíochta, míoleolaíochta agus geolaíochta. Is é an músaem is mó i dTuaisceart Éireann. Cuid de Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann atá ann.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Músaem agus músaem náisiúnta | |||
Cuid de | Músaeim Náisiúnta, Tuaisceart Éireann | |||
Foirgníocht | 1929 ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Béal Feirste, Northern Ireland | |||
Suíomh | Botanic Gardens, Belfast BT9 5AB | |||
| ||||
Láithreán gréasáin oifigiúil | nationalmuseumsni.org | |||
Bhí Iarsmalann Uladh druidte ar feadh beagnach trí bliana ag toiseacht sa bhliain 2006 agus athdheisiú á dhéanamh air. Fosclaíodh arís don phobal í ar 22 Deireadh Fómhair 2009, cothrom 80 bliain a bhunaidh. Chuidigh an Crannchur Náisiúnta agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta lena maoiniú.
StairCuir in Eagar
Bunaíodh Iarsmalann Uladh faoi ainm Belfast Natural History Society sa bhliain 1821 agus thoisigh an cumann a thaispeánadh a chuid bhailiúchán sa bhliain 1833. Tá gaillearaí ealaíona ann ón bhliain 1890 i leith. Ar dtúis, Belfast Municipal Museum and Art Gallery a tugadh air.[1] Sa bhliain 1929, aistríodh an iarsmalann go dtí an suíomh ina bhfuil sí inniu, insan Sruthán Milis. James Cumming Wynne a dhear an foirgneamh sin.
BailiúcháinCuir in Eagar
- Péintéirí agus dealbhóirí a bhfuil saothar acu san Iarsmalann
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-10-13. Dáta rochtana: 2016-07-07.
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- Suíomh Mhúsaem Uladh, arna rochtain ar 7 Iúil 2016 Curtha i gcartlann 2016-07-04 ar an Wayback Machine
- Treoirleabhar oifigiúil don iarsmalann as Gaeilge, arna rochtain ar 7 Iúil 2016 Curtha i gcartlann 2015-10-06 ar an Wayback Machine
- Habitas/Roinn na hEolaíochta Fisiciúla, Iarsmalann Uladh. Arna rochtain ar 7 Iúil 2016
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |