Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Is i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ar a dtugtar freisin Dánlann Náisiúnta na hÉireann[1]) tá an bailiúchán náisiúnta d'ealaín na hÉireann agus na hEorpa. Tá sé suite i lár Bhaile Átha Cliath le bealach isteach amháin ar Chearnóg Mhuirfean, in aice le Teach Laighean, agus ceann eile ar Shráid an Chláraigh.
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | NGI ![]() |
Cineál | músaem náisiúnta dánlann eagraíocht neamhbhrabúis ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1854 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Stiúrthóir/bainisteoir | Caroline Campbell (stiúrthóir dánlainne) ![]() |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 13,477,489 € (2020) ![]() |
Suíomh gréasáin | nationalgallery.ie ![]() |

Is de thoradh Achta Parlaiminte sa bhliain 1864 a bunaíodh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus osclaíodh don phobal é sa bhlíain 1864. Is í an Dochtúir Caroline Campbell an stiúrthóir reatha .
Tá tuairim is 2,500 olaphictiúr, 5,000 líníocht agus 5,000 prionta ann chomh maith le méid beag dealbhóireachta.

Stair
cuir in eagarSa bhliain 1853 reáchtáladh taispeántas, an Taispeántas Mór Tionsclaíoch (Béarla: Great Industrial Exhibition), ar faichí Theach Laighean i mBaile Átha Cliath. I measc na dtaispeántas is mó a raibh tóir aorthu, bhí taispeántas substaintiúil de shaothair ealaíne a d'eagraigh agus a fhrithgheall an maighnéad iarnróid William Dargan. Nocht díograis na sluaite cuairteoirí meas láidir poiblí ar an ealaín, rud a spreag an cinneadh bailiúchán buan ealaíne poiblí a bhunú mar ómós buan buíochais do Dargan. Ba é an t-abhcóide John Edward Pigot (1822–1871), mac le David Richard Pigot, Príomh-Barún an Státchiste Éireannaigh, a bhí taobh thiar den togra. Bhí sé ar dhuine de na chéad ghobharnóirí sa ghailearaí [2]. Déanann façade (Gaeilge:aghaidh) an Ghailearaí Náisiúnta aithris ar fhoirgneamh Stair an Dúlra d' Ard-Mhúsaem na hÉireann, a bhí beartaithe cheana féin don taobh eile de Theach Laighean. Ba é Francis Fowke a dhear an foirgneamh féin, agus é bunaithe ar phleananna luatha ag Charles Lanyon, agus cuireadh i gcrích é agus osclaíodh é sa bhliain 1864.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Dánlann nó Gailearaí
- ↑ National Gallery of Ireland Act 1854 section 7.
- ↑ Peter., Somerville-Large (2004). "1854–2004 : the story of the National Gallery Of Ireland". [Dublin]: National Gallery of Ireland. OCLC 57429422.