Wolfgang Ketterle
fisiceoir Gearmánach
Fisiceoir a saolaíodh i Heidelberg na Gearmáine is ea Wolfgang Ketterle (21 Deireadh Fómhair 1957). D'oibrigh sé sna Stáit Aontaithe an chuid is mó dá shaolré. I 2001 bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic, le Carl Wieman is Eric Cornell, as a thaighde ar chomhdhlúthú Bose-Einstein gás caol de mhiotail alcaile—staid nua damhna — agus airíonna na gcomhdhlúthuithe céanna.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Wolfgang Ketterle". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 386.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |