Osclóidh seo an príomhroghchlár
Aerfort Chorcaí

Aerfort idirnáisiúnta Éireannach is ea Aerfort Chorcaí. D’oscail an t-aerfort ar an 16 Deireadh Fómhair 1961. Sa bhliain 2010, bhain 2.4 milliún duine úsáid as an aerfort.[1]

Clár ábhair

SuíómhCuir in Eagar

Tá an t-aerfort suite ocht gciliméadar ó lár Chathair Chorcaí, agus cóngarach do shuíomh na haerpháirce a bhí ann roimhe sin, ar a dtugtaí Farmers Cross. Rinne réamh-bhreathnadóireachtaí meitéareolaíochta ag an suíomh seo i 1946-47[2].

Tá an suíomh tugtha go háirithe do cheo. Tarlaíonn seo siocair a shuímh gar don chósta theas agus a airde os cionn leibhéal na farraige.

StairCuir in Eagar

D’oscail an t-aerfort i mí Dheireadh Fómhair 1961. Ar dtús, ní dhearna breathnadóireacht ach amháin ar iarratas. Ansin, chóir dheireadh 1961 rinneadh iad ar bhonn 24 uair agus mar sin bhí an stáisiún mar pháirt de líonra sionoptach na Seirbhíse Meitéareolaíochta.

Osclaíodh rannóg réamhaisnéise do chuspóirí eitlíochta sa bhliain 1966 agus de réir mar a mhéadaigh an t-éileamh ar réamhaisnéisí ginearálta, cuireadh isteach seirbhís uathoibríoch aimsire teileafóin. Dhún an rannóg réamhaisnéise eitlíochta sa bhliain 1988, agus ghlac an Lároifig Eitlíochta ag Aerfort na Sionainne freagracht as na réamhaisnéisí.

Cinn scríbeCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar