Is í Roazhon (nó Rennes na Fraincise) an dara cathair is mó sa Briotáine, tar éis Naoned. Tá sí ina príomhchathair freisin ar Il-ha-Gwilen (Fraincis: Ille-et-Vilaine), an département is faide soir sa Bhriotáin. Níl Briotáinis á labhairt go nádúrtha timpeall Roazhon a thuilleadh, nó is iad an Fhraincis agus an chanúint Fhraincise Gallo teangacha na tuaithe sa taobh seo den Bhriotáin. Resnn is ainm don chathair i nGallo.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRennes
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Vivre en intelligence» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósRiedones Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 48°06′51″N 1°40′51″W / 48.1142°N 1.6808°W / 48.1142; -1.6808
Stát ceannasachan Fhrainc
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na FrainceAn Fhrainc mheitreapholaiteach
Réigiún na Fraincean Bhriotáin
Département de chuid na FrainceIlle-et-Vilaine
Arrondissement of France (en) AistrighArrondissement Rennes Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán225,081 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,466.78 hab./km²
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) Aistrighaire d'attraction de Rennes (fr) Aistrigh
unité urbaine de Rennes (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla50.39 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceVilaine agus Ille Cuir in eagar ar Wikidata
Airde74 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Rennes Cuir in eagar ar WikidataNathalie Appéré (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist35000, 35200 agus 35700 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinmetropole.rennes.fr Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: metropole.rennes Twitter: metropolerennes Instagram: rennesvilleetmetropole LinkedIn: rennes-m-tropole Youtube: UCmWWc_6kL1Pxy8zNSxy79Ww Cuir in eagar ar Wikidata

Tá cónaí ar chorradh is dhá chéad míle duine i Roazhon, agus má chuirtear pobal an cheantair máguaird san áireamh gheofaí breis is leathmhilliún duine. Bhí Edmond Hervé ina Mhéara ar Roazhon ar feadh tríocha bliain, agus tháinig Daniel Delaveau i gcomharbas air sa bhliain 2008. Baill de Pháirtí Sóisialach na Fraince iad an bheirt acu.

Logainmneacha cuir in eagar

Thug na Gailligh Condate ar an áit: comhrac an dá uisce.[1] Tá an chathair suite idir dhá abhainn, l'Ille et la Vilaine, ach tháinig an t-ainm atá anois uirthi ó ainm an phobail áitiúla, na Redones nó na Riedones. I Laidin thugtaí Civitas Redonum uirthi.

Aeráid cuir in eagar

Aeráid aoibhinn mhara atá ag an gcathair, cé nach cois farraige atá sí suite. Faigheann sí níos lú ná 700mm de bháisteach in aghaidh na bliana. Bíonn an geimhreadh fliuch agus measartha aoibhinn, agus bíonn an samhradh measartha tirim gan a bheith róthe.

Suíomh cuir in eagar

Tógadh an chathair ar ros os cionn chóngar dhá abhainn; spréigh sí ó thuaidh ar dtús agus níor shroich sí an taobh theas go dtí an 15ú haois. Ansin tógadh tithe ar na hardáin máguaird, ach ba mhinic a d’fhág an Vilaine an chuid ab ísle den chathair faoi uisce, fadhb nár fuasclaíodh go dtí an 19ú haois.

Ollscoileanna cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Xavier Delamarre, Dictionnaire de la langue gauloise, lch 123, éditions Errance, Paris, 2003, ISBN 978-2-87772-237-7.