Pisa
Cathair san Iodáil is ea Pisa. Tá sí suite ar bhruach abhainn Arno, agus is í príomhchathair Chúige Pisa í, i réigiún na Tuscáine. Tá cáil dhomhanda ar an túr claonta atá inti. Tá daonra de 90,000 duine inti.
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Pisa (it) ![]() | |||||||||||
|
|||||||||||
![]() | |||||||||||
| |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Príomhchathair de | |||||||||||
Daonra | |||||||||||
Iomlán |
90,118 (2018) ![]() | ||||||||||
Teanga, nó leagan teanga |
An Iodáilis ![]() | ||||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||||
Achar dromchla |
185.18 km² ![]() | ||||||||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce |
Arno (en) ![]() ![]() | ||||||||||
Airde |
4 m ![]() | ||||||||||
Ar theorainn le |
| ||||||||||
Sonraí stairiúla | |||||||||||
Éarlamh |
Rainerius (en) ![]() ![]() ![]() | ||||||||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||||||||
• Ceannaire an rialtais |
Marco Filippeschi (Aibreán 29, 2008) ![]() | ||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||
Cód poist |
56100 agus 56121–56128 ![]() | ||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||||
Glaochód |
050 ![]() | ||||||||||
Eile | |||||||||||
| |||||||||||
Láithreán gréasáin |
comune.pisa.it ![]() |
Ní fios cathain ar bunaíodh an chathair, ach tá fianaise ann go raibh na Pealascaigh, na Gréagaigh, na hEatruscaigh agus na Liogúirigh sa cheantar. Léiríonn fianaise na seandálaíochta go raibh trádáil á dhéanamh leis an Ghréig sa 5ú haois RC. Rinne na Rómhánaigh cóilíneacht de Phisa sa bliain 180 RC. Bhí easpag lonnaithe inti ó 313 AD ar aghaidh.
Cathair chumhachtach mhuirí ba ea Pisa le linn na meánaoiseanna agus chuir sí longa ar fáil don phápa Gréagóir I chun cogadh a chur ar Biosantiam, agus bhí sí páirteach i gcogaí éagsúla eile mar stát neamhspleách nó mar chuid d'impireachtaí éagsúla. Mhair glór-réim na cathrach go dtí an 13ú haois nuair a chloígh cabhlach Genoa í ar an 6 Lúnasa 1284. Mar gheall ar an cuan a bheith ag dul i léigle sioltadh tháinig meath ar thrádáil agus ar chumhacht mhíleata Phisa ach tháinig sí chun cinn mar ionad léinn le bunú na hollscoile sa bhliain 1343.
Ba i bPisa a rugadh Galileo Galilei duine d'eolaithe móra an domhain. Rinneadh tionsclaíocht éadrom a fhorbairt sa bhfichiú haois ach scriosadh cuid mhaith den chathar sa Dara Cogadh Domhanda.
Tá an-cháil ar ailtireacht Phisa, go háirithe ar an túr claonta sa Piazza de Miracoli (Túr Claonta Pisa).