An Teastas Sóisearach

(Athsheolta ó Teastas Sóisearach)

Scrúdú poiblí dara leibhéil a stiúrann Coimisiún na Scrúduithe Stáit is ea an Teastas Sóiséarach. Déantar an scrúdú sa tríú bliain sa mheánscoil agus ní mór do na hiarrthóirí a bheith ós cionn ceithre bliana déag d'aois. Déantar idir 10 agus 11 ábhar, agus tá Béarla, Gaeilge, Matamaitic agus teanga eile ina n-ábhair éigeantacha. Ní gnách le daltaí na hÉireann an scoil a fhágáil sula mbíonn an scrúdú seo déanta acu, agus téann an formhór ar aghaidh go ceann cúpla bliain eile chun an Ardteistiméireacht a dhéanamh, an scrúdú is gá a dhéanamh chun cáiliú don tríú leibhéal oideachais.

Stair cuir in eagar

Tháinig an Teastas Sóisearach isteach in ionad na Meánteistiméireachta go hoifigiúil i 1992. Deirtear go raibh an cúrsa nua níos solúbtha agus nua-aimseartha. Go luath ina dhiaidh b'é an teastas an t-íoschoinníoll chun post a fháil. I 1999 tar éis 10 mbliana thosaigh an Roinn Oideachais ag déanamh athbhreithniú ar na scrúdaithe. Rinneadh seo ar stair agus tíreolaíocht go háirithe. Cuireadh Oideachas Reiligiúnach agus Oideachas S S & P leis na hábhair don teastas. Tháinig reiligiún isteach diaidh ar ndiaidh agus cúpla scoil á ghlacadh sa chéad bhliain. I 2002, cuireadh cúrsa nua eolaíochta i bhfeidhm. Cuireann an cúrsa nua níos mó béime ar rannpháirtíocht agus ranganna feidhme tríd na trí bliana. Ó 2004 bhí daltaí ábalta a gcuid torthaí a fháil ar an idirlíon.

Cúrsaí an Teastas Sóisearach cuir in eagar

Na cúrsaí cuir in eagar

 
Leabhair chúrsa don Teastas

Tógann an cúrsa sóisearach trí bliana le déanamh. Is iad na céad trí bliana sa mheánscoil atá i gceist. De ghnáth is sa chéad agus sa dara bhliain a chlúdaíonn daltaí an siollabas ar an gcúrsa agus déantar dul siar agus ullmhúcháin sa tríú bhliain. Tá an cúrsa leathan go leor - mar shampla, tá staidéir ghnó, teicneolaíocht ábhair (adhmad), ealaíon, grafaic theicniúil srl air.

Ábhair ar fáil cuir in eagar

Seo liosta de na hábhair atá ar fáil don Teastas Sóisearach. Go minic, níl mórán de na hábhair seo ar fáil sna scoileanna. Tá na hábhair shainordaitheacha i gcló dubh, agus tá na leibhéil i lúibíní.

Naisc sheachtracha cuir in eagar