Peil Ghaelach
Is cluiche foirne agus saghas peile í an Pheil Ghaelach (nó caid nó peil) a imrítear in Éirinn go háirithe.
Cineál | peil agus na Cluichí Gaelacha |
---|---|
Tír dhúchais | Éire |
Fad ama | 70 min |
Imrítear an cluiche idir dhá fhoireann de chúigear imreoir déag ar pháirc imeartha dronuilleogach le cuaillí báire ar an dá thaobh. Tá cuma "H" ar na cuaillí, ar nós cuaillí rugbaí ach le líontán ag a mbun. Is é príomhchuspóir an chluiche ná an liathróid peile (nó "an chaid") a chur isteach i líontán na foirne eile ("cúl", le luach trí phointe) nó thar an trasnán ("cúilín", le luach pointe amháin). Is ionann cúl amháin agus trí chúilín. Bíonn an bua ag an bhfoireann leis an líon pointí is mó ag deireadh an chluiche.
Tá an pheil Ghaelach ar cheann de na Cluichí Gaelacha, a imrítear faoi stiúradh an Chumainn Lúthchleas Gael, an eagraíocht spóirt is mó san oileán. Tá rialacha dochta ag an gcumann maidir le hamaitéarachas, agus is é Cluiche Ceannais na hÉireann buaicphointe an spóirt. Imrítear an cluiche deiridh seo i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath, ceanncheathrú an Chumainn Lúthchleas Gael. Creidtear gur fhás an pheil nua-aimseartha as na seanchluichí caide a imríodh don chéad uair sna Meánaoiseanna, ach níor leagadh síos na rialacha mar atá siad inniu go dtí an bhliain 1896.
Is cluichí ar leith iad Peil Ghaelach na mBan agus Peil na Rialacha Idirnáisiúnta, cluiche le meascán rialacha ón bpeil Ghaelach agus Peil Astrálach.
Rialacha
cuir in eagarAn pháirc imeartha
cuir in eagarTá an pháirc imeartha a úsáidtear sa pheil Ghaelach cosúil le páirc rugbaí, ach tá sé i bhfad níos mó. Tá cruth dronuilleogach ar an bpáirc fhéir, atá 140 méadar ar fhad agus 80–90 méadar ar leithead. Tá cuaillí báire suite ar an dá chúl-líne, le líontán ar bun na gcuaillí. Tá na cuaillí 6.4 méadar (7 slat) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 2.13 méadar (7 dtroigh) os cionn na talún. Tá línte curtha ar an bhféar 13 méadar, 20 méadar agus 45 méadar ón dá chúl-líne. Is í an pháirc imeartha chéanna a úsáidtear san iomáint, ar mhaithe le dé-úsáid. Úsáidtear páirceanna imeartha agus cuaillí níos lú i gcluichí ag leibhéal faoi-12.
Fad an chluiche
cuir in eagarMaireann cluichí peile ar feadh seasca nóiméad, roinnte ina dhá leath de tríocha nóiméad, ach amháin cluichí sinsir idirchontae a mhaireann seachtó nóiméad (dhá leath atá 35 nóiméad ar fhad). I gcás comhscóir, imrítear fiche nóiméad sa bhreis (dhá leath atá 10 nóiméad ar fhad). Bíonn fiche nóiméad sos ag na foirne ag leath ama.
Na foirne
cuir in eagarTá cúigear peileadóir déag i ngach foireann: cúl báire amháin (a chaitheann uimhir 1), seisear cosantóir (tugtar cúlaithe nó tacaithe orthu agus caitheann siad na huimhreacha 2–7), beirt imreoir lár páirce (uimhreacha 8 agus 9) agus seisear ionsaitheoirí (tugtar tosaithe orthu agus caitheann siad na huimhreacha 10–15). Caithfidh an cúl báire a bheith gléasta i ndath difriúil ó na himreoirí eile. Tá cúigear fear ionaid déag ann (a chaitheann uimhreacha na huimhreacha 16–30), agus is féidir cúig athruithe a dhéanamh in aon chluiche amháin.
An liathróid
cuir in eagarImrítear an cluiche le liathróid bhán déanta as leathair, atá cosúil le liathróid sacair ach beagán níos troime. Chun an liathróid a bhogadh suas na páirce, is féidir é a chiceáil nó é a bhuail leis an mbos. Is iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:
- Ag piocadh na liathróide go díreach ón dtalamh
- Ag caitheamh na liathróide
- Ag rith níos mó ná ceithre choiscéim gan pas, preab nó "solo" (ag ciceáil na liathróide isteach i do lámha féin) a dhéanamh
- Ag preabadh na liathróide faoi dhó i ndiaidh a chéile
- Ag bogadh na liathróide thar cheann imreoir eile leis an mbos
- Ag bualadh na liathróide isteach sa líontán leis an mbos
- Ag déanamh scór nuair a bhfaightear an liathróid isteach sa chearnóg atá timpeall an chúil
Ag scóráil
cuir in eagarMá théann an liathróid thar an trasnán, bronntar cúilín le luach pointe amháin agus ardaíonn an moltóir an bratach bán. Má theánn an liathróid faoin trasnán agus isteach sa líontán, bronntar cúl le luach trí phointe agus ardaíonn an moltóir an bratach uaine. Scríobhtar scór an chluiche san fhormáid {cúl}-{cúilíní}. Mar shampla, i gcás Cluiche Ceannais na hÉireann 2008, an toradh deiridh a bhí ann ná Tír Eoghain 1-15 Ciarraí 0-14 (bhí an bua ag Tír Eoghain, lé ceithre chúilín).
Ag tabhairt faoi
cuir in eagarChun greamú a dhéanamh ar imreoir eile, is iad na rudaí atá ceadaithe ná:
- Ag tabhairt bos don liathróid nuair atá sé i seilbh imreoir eile
- Ag tabhairt guaille d'imreoir, ach caithfidh sé a bheith gualainn ar ghualainn
Na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:
- Ag tabhairt faoi imreoir eile leis na dá lámh
- Ag brú imreoir eile
- Ag bualadh imreoir eile
- Ag tarraingt léine imreora eile
- Ag blocáil cic leis an gcos
- Ag déanamh gleic shleamhnach ar imreoir eile
- Ag tabhairt cor coise d'imreoir eile
- Ag cur lámh ar an gcúl báire nuair atá sé istigh sa chearnóg
- Ag déanamh coraíocht ar imreoir eile chun an liathróid a bhaint as a sheilbh
Tús na himeartha
cuir in eagar- Tosaíonn an cluiche leis an réiteoir ag caitheamh na caide suas idir an gceathrar imreoirí lár páirce.
- Nuair a chuireann ionsaitheoir an liathróid amach thar an gcúl-líne, bronntar cic amach ar chúl báire na foirne eile ón talamh ag imeall na cearnóige. Caithfidh gach imreoir eile a bheith lasmuigh den líne 20 méadar nuair a tógtar an cic.
- Nuair a dhéanann ionsaitheoir scór, tosaíonn an cúl báire an imirt arís le cic amach ón líne 20 méadar.
- Nuair a chuireann cosantóir an liathróid amach thar a chúl-líne féin, bronntar cic saor ("45") ar an líne 45 méadar, trasna ón áit inar cuireadh an liathróid amach.
- Nuair a chuireann imreoir an liathróid amach thar an taobhlíne, bronntar cic taobhlíne ar an bhfoireann eile ón áit inar fhág an liathróid an pháirc. Is féidir an liathróid a chiceáil ón talamh nó amach as na lámha.
- Tar éis feall a bheith á dhéanamh, bronnann an réiteoir cic saor ar an bhfoireann eile san áit ina rinneadh an feall. Tógtar an cic ón talamh nó as na lámha.
- Tar éis do chosantóir feall a dhéanamh istigh sa chearnóg mhór, bronnann an réiteoir cic pionóis ar an bhfoireann eile. Tógtar an cic ón talamh ó lár an líne 13 méadar.
- Má tá grúpa imreoirí ag streachailt don liathróid, agus mura bhfuil sé soiléir cé a rinne an chéad fheall, tá sé de rogha ag an réiteoir stad a chur leis an imirt agus an liathróid a chaith isteach arís idir bheirt.
Oifigigh
cuir in eagarBíonn ochtar oifigeach ar an bpáirc atá i gceannas ar an gcluiche:
- Réiteoir amháin, a chaitheann dubh. Is eisean a chuireann tús nó stad leis an imirt, a bhreacann síos an scór, a bhronnann ciceanna saora agus a thugann amach cártaí buí agus cártaí dearga nuair atá siad tuillte.
- Beirt maor líne.
- Ceathrar moltóirí a chaitheann cótaí bána, beirt taobh thiar den dá chúl.
- Oifigeach taobhlíne/réiteoir ionaid.
Cluiche Ceannais na hÉireann
cuir in eagarBíonn an cluiche deiridh ar siúl gach bliain ar an nDomhnach deireanach de mhí Mheán Fómhair. Imríonn an dá fhoireann i gcoinne a chéile i bPáirc an Chrócaigh, an staid is mó sa tír, agus is é seo an chluiche is tábhachtaí agus an duais is mó sa spórt. Bíonn Uachtarán na hÉireann, an Taoiseach agus daoine uaisle eile ag freastal ar na himeachtaí freisin. An fhoireann is fearr sa tír le blianta fada ná foireann na Ríochta nó Contae Chiarraí. Níl aon chontae eile i ngiorracht scread asail dóibh (féach ar liosta na mbuaiteoirí do Chluichí ceannais Uile Éireann). Is é an Corn Sam Mhic Uidhir an duais sa chomórtas seo.
Stair
cuir in eagarTá an pheil á imirt leis na cianta in Éirinn mar aon leis an iomáint, ach níor thosaigh sé mar chluiche oifigiúil go dtí gur bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael i mí na Samhna na bliana 1884 in Óstán Haye's i gContae Thiobraid Árann. Bhailigh agus shocraigh an CLG na rialacha, agus imríodh an chéad chomórtas uile Éireann (Craobh Peile Sinsearach na hÉireann) sa bhliain 1887.
Ba sa mbliain 1885 a liostáladh rialacha na peile den chéad uair. Bhí duine agus fiche ar chaon fhoireann – iad ar fad i lár na páirce nuair a caitheadh isteach an pheil. Ar chuma an tsacair a bhí na postaí agus ba chúil amháin a shocraigh toradh na himeartha.[1]
D’fhág sin go mb’iomaí coimhlint a chríochnaigh agus gan aon scór i gceist. Mar leigheas air sin a tugadh isteach na cúilíní sa bhliain 1886 – ach ní raibh aon fheidhm leo ach amháin sa gcás go mba ar chomhchéim ó thaobh cúl de a bhí na foirne faoi dheireadh na himeartha (bhuafadh 2-0 ar 1-4, cuir i gcás). Mar atá inniu i bPeil na hAstráile a bhí na postaí – ceithre cinn acu agus cúilín cláraithe as an liathróid a chur idir na cinn ab fhaide amach.
Faoin am a dtáinig 1901 bhí líon na n-imreoirí laghdaithe (17 anois), ionadaithe ceadaithe dóibh siúd a gortaíodh, feadóg tugtha don réiteoir, méid na liathróide féin laghdaithe agus gan cead ag an té a raibh seilbh aige uirthi níos mó ná 4 chéim a ghlacadh. Bhí maoir chúil agus líne tagtha i gceist freisin.[1]
Socraíodh in 1892 go mb’ionann cúl agus cúig chúilín. Cúpla bliain dár gcionn measadh sin a bheith rófhlaithiúil agus glacadh leis na trí phointe atá i réim ó shin.
Ba i 1910 a facthas na postaí ar dhéanamh H atá againn inniu agus trí bliana dár gcionn, socraíodh gur 15 an taobh a bheadh i gceist.
Dáiríre ina dhiaidh sin, ba bheag athrú suntasach a chuir CLG ar rialacha na peile go dtáinig 1945 nuair a tháinig an cic taobhlíne i gceist. Le caitheamh na liathróide a chuirtí tús leis an imirt ina leithéid de chás go dtí sin.[1]
Socraíodh 80 nóiméad imeartha a bheith i gceist i gcluichí sna Craobhacha Sinsearacha i 1970, tráth ar ceadaíodh freisin cic saor tapa a ghlacadh.
Cúig bliana dár gcionn filleadh ar an 70 nóiméad. B’in an uair freisin ar ceadaíodh an pas leis an lámh oscailte, ar tugadh an liathróid chun cinn as easaontú leis an réiteoir agus inar socraíodh imreoir a bheadh ciontach as trí fheall pearsanta a dhíbirt den pháirc.[1]
Foireann na Mílaoise
cuir in eagarRoghnaíodh Foireann na Mílaoise sa bhliain 1999 as na himreoirí ab fhearr a d'imir an spórt idir 1884 agus an bhliain 2000. B'iad an CLG agus na hiriseoirí spóirt a roghnaigh an fhoireann.
Cúl báire | |||
Dónal Ó Caoimh (Ciarraí) |
|||
Lánchúlaí deas | Lánchúlaí láir | Lánchúlaí clé | |
Éanna Ó Callaráin (Gaillimh) |
Seosamh Ó Ceocháin (Ciarraí) |
Seán Ó Flannagáin (Maigh Eo) | |
Leathchúlaí deas | Leathchúlaí láir | Leathchúlaí clé | |
Seán Ó Murchú (Ciarraí) |
S. S. Ó Rathaille (An Cabhán) |
Máirtín Ó Conaill (An Mhí) | |
Lár na páirce | |||
Mícheál Ó Conaill (Ciarraí) |
Tomás Ó Murchú (Laois) | ||
Leatosaí deas | Leatosaí láir | Leatosaí clé | |
Pádraig Ó Spealáin (Ciarraí) |
Seán Puirséil (Gaillimh) |
Séan Ó Néill (An Dún) | |
Lántosaí deas | Lántosaí láir | Lántosaí clé | |
Caoimhín Ó hIfearnáin (Baile Átha Cliath) |
Tomás Ó Langáin (Maigh Eo) |
Mícheál Mac Síthigh (Ciarraí) |
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Mártan Ó Ciardha (27 Deireadh Fómhair 2024). "Ba sa mbliain 1885 a liostáladh rialacha na peile den chéad uair – tá na rialacha á n-athrú ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-27.
Na Cluichí Gaelacha |
||
Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr | |