Is cluiche foirne a imrítear in Éirinn ach go háirithe í Peil Ghaelach na mBan, ina bhfuil na rialacha cosúil le cluiche na bhfear.

Infotaula d'esportPeil Ghaelach na mBan
Cineálpeil Ghaelach agus spórt na mban

Stair na peile

cuir in eagar
 
Liathróid peile

Ba i Mí na Samhna 1884 le bunú Cumann Lúthchleas Gael a thosaigh mná agus fir na hÉireann ag imirt na peile Gaelaí go hoifigiúil. Imríodh an chéad chluiche i 1887. Cé gur sheas peil na mBan cúpla coiscéim taobh thiar de pheil na bhfear tháinig sé chun cinn go mór tar éis a lán tacaíochta a fháil. Thuig muintir na hÉireann go raibh an tábhacht céanna ag baint leis. Breathnaíodh ar an bpeil mar spórt do na fir amháin, ag an am. Spórt dar leo a bhí ró-fhisiciúil do na mná. Ba ghearr go bhfaca daoine nach raibh sé seo fíor a thuilleadh. Gach bliain bíonn an-iomaíocht idir na contaetha éagsúla ó cheann ceann na tíre agus iad ag iarraidh Corn Bhreandáin Uí Mháirtín a chrochadh leo abhaile.

Cé go bhfuil an cluiche an-chosúil le peil na bhfear tá cúpla riail difriúil acu. Is iad seo a leanas na rialacha a bhaineann le peil na mBan;

  • Is féidir le himreoirí an liathróid a ardú díreach ón talamh.
  • Maireann cluiche seasca nóiméad. I gcluiche sinsearach idir chontae de chuid na bhfear, maireann cluiche seachtó nóiméad.
  • Níl an cluiche chomh fisiciúil, tugtar ciceanna saora i gcluiche na mban do shárú nach mbreathneofaí air i gcluiche na bhfear ach mar ionsaí fíorbheag.
  • Úsáidtear clog chun am a choinneáil ar an gcluiche agus buailtear clog ag deireadh an chluiche má tá sé ar fáil. I gcluiche na bhfear is é an réiteoir a chuireann deireadh leis.
Foirne Buaiteoir Blianta bua
1 Ciarraí 11 1976, 1982, 1983, 1984, 1985, 1986, 1987, 1988, 1989, 1990, 1993
Corcaigh 11 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2011, 2012, 2013, 2014, 2015, 2016
3 Port Láirge 5 1991, 1992, 1994, 1995, 1998
4 Maigh Eo 4 1999, 2000, 2002, 2003
5 Tiobraid Árann 3 1974, 1975, 1980
6 Uíbh Fhailí 2 1979, 1981
Muineacháin 2 1996, 1997
8 Cabháin 1 1977
Ros Comáin 1 1978
Laoise 1 2001
Gaillimhe 1 2004
Baile Átha Cliath 1 2010,2017,2018,2019,2020,2023

An scór is airde a taifeadadh i gcluiche seachtó nóiméad(sinsear)-Jimmy Keaveney do Bleá Cliath i 1977 in aghaidh Ard Mhacha. Scóráil sé dhá chúl agus sé chúilín, agus Mike Sheehy do Chiarraí i 1979 in aghaidh Bleá Cliath, scóráil sé féin dhá chúl agus sé chúilín.

Sheol an Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn craobh TG4 i bPeil na mBan i 2005 i bpáirc an Chrócaigh. Is iad TG4 an beochraoltóir a bhíonn ag peil na mBan gach bliain. Bíonn cluichí á n-imirt acu sa gcraobh sinsear agus sóisear. Tá os cionn míle club páirteach ann anois ó gach cearn den tír. Tá aitheantas níos fearr faighte ag peil na mBan anois ná mar a bhí riamh. Anuraidh ghlac seacht bhfoireann déag páirt ag leibhéal na sinsear. Tugann sé seo le fios cé chomh láidir is atá an spórt ar fud na tíre.

Gach bliain reáchtáiltear comórtas sa pheil Ghaelach idir na Gaeltachtaí ar fud na tíre an chéad deireadh seachtaine i mí an Mheithimh. Bíonn an comórtas lonnaithe i gceantair Ghaeltachta difriúla gach bliain.Sa bhliain 2009 bhí sé lonnaithe i gceantar iontach stairiúil agus san áit chéanna a bhfuil Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Tugann an deireadh seachtaine seo seans d’imreoirí, ní hamháin a gcuid scileanna peile a thaispeáint ach aithne a chur ar a chéile tré mheán na Gaeilge. Ar ndóigh ní don pheil amháin a dhéanann daoine freastal ar an gcomórtas seo ach don chraic agus don spraoi a théann leis an deireadh seachtaine. Imrítear cluichí sóisir agus sinsir do na mná.

Bíonn idir óg agus aosta ag imirt. Déantar an cluiche ceannais a imrítear ar an lá saoire bainc a chraoladh beo ar TG4.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar



Na Cluichí Gaelacha
 

Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr |